BEOCHEIST:CHONAICEAS LITREACHA i gcúpla páipéar nuachta tamall ó shin ó dhaoine gur de bhunús Oileán Mhuirís iad. Bhíodar ag tagairt do scéal tragóideach mhuintir McAreavy agus an dúnmharú a tharla ar Oileán Mhuirís.
Daoine de shliocht Oileán Mhuirís go raibh cónaí orthu in Éirinn anois ba ea scríbhneoirí na litreacha seo. Dúradar nár cheart muintir na tíre sin a mheas ar an méid a luaitear leo sna nuachtáin.
Níl taithí diaspóra Oileán Mhuirís ródhifriúil le taithí na nGael thar sáile.
Go minic is i dtéarmaí diúltacha a thagraítear dóibh – an Lucht Siúil i Sasana, timpistí nó dúnmharuithe a dhéantar ar shaoránaigh Éireannacha i Meiriceá, daoine a bhíonn ag plé le coiriúlacht agus drugaí thar lear agus a leithéid.
Seachas sin, is é fírinne an scéil é ná go luaitear an diaspóra Éireannach go minic na laethanta seo nuair atádar ag cabhrú linn, nuair atá monarcha nua á tógáil in áit éigin amuigh faoin dtír ag fear gnó éigin gur eascair a mhuintir ó Oileán na Naomh nó nuair a shocraíonn siad cabhrú linn ar shlí amháin nó ar shlí eile.
Ní minic a dhéantar cuimhne ar na hÉireannaigh sin a d’imigh thar sáile nuair a bhí an saol i bhfad níos deacra agus nuair a chiallaigh imeacht ar imirce agus bás a fháil (i ndáiríre).
Ba Ghaillimheach é John Skerrett fear a rugadh timpeall na bliana 1620. Sa bhliain 1649 shocraigh Skerrett dul le sagartóireacht agus chuaigh sé chun staidéar a dhéanamh in Andalucía na Spáinne.
Bhain sé ballraíocht amach sna hAgaistínigh. Tar éis a oirnithe chuir sé faoi i bport Cadiz áit a raibh an-mheas air mar sheanmóirí agus mar léachtóir le diagacht. Ina dhiaidh sin, shocraigh Skerrett aistriú go Orotava ar Tenerife sna hOileáin Chanáracha sa bhliain 1658 áit ar bhunaigh sé misean do na mairnéalaigh go raibh cónaí orthu in aice calafort Puerto de la Cruz.
Bhí géarleanúint láidir á déanamh ar Chaitlicigh na hÉireann ag an tréimhse seo ach faoin mbliain 1663 bhí moilliú áirithe ag teacht ar fhíochmhaireacht na géarleanúna seo agus d’fhill Skerrett ar a bhaile dúchais mar a bhí sé ag sagartóireacht sa séipéal Agaistíneach i gceartlár na cathrach – séipéal atá ansin i gcónaí, é in aice leis an dTaibhdhearc.
Sa bhliain 1666, tharraing Skerrett droch-chlú air féin nuair a shínigh sé cáipéis, a tugadh the “Irish remonstrance” uirthi, cáipéis a bhí á brú ar chléir Chaitliceach na hÉireann ag rialtas Shasana. Formhór chléir na hÉireann na linne sin, na hAgaistínigh ina measc, dhiúltaíodar an cháipéis chéanna a shíniú toisc go mba chomhartha é sin go raibh dílseacht agat do rí Shasana seachas an Pápa.
Cé go raibh Skerrett faoi scamall ar feadh tréimhse tá an chuma ar an scéal nach ndeachaigh an cinneadh seo s’aige róthrom air. Sa bhliain, 1673, tugadh post tábhachtach dó nuair a ceapadh ina “definitor” é – is é sin le rá go raibh sé ar dhuine de cheathrar a roghnaíodh chun comhairle a chur ar cheannaire na nAgaistíneach i gConnachta.
Ní heol dúinn conas a d’éirigh leis sa ról nua sin ach is léir go raibh bá faoi leith aige leis an misean mar d’imigh Skerrett leis thar sáile arís. Thug sé aghaidh ar an Oileán Úr arís ag deireadh na 1670í, ag cur faoi i Virginia, na Stáit Aontaithe agus sna hIndiacha Thiar an uair seo.
Ba choilíneachtaí Sasanacha iad na réigiúin sin agus histéire frith-Chaitliceach go forleathan i Sasana ag an am. Ba thréimhse chontúirteach do leithéidí Skerrett arís é agus theith sé ón oileán go Pórtó Ríce, oileán a bhí faoi réimeas na Spáinne.
Ar ais chun na hEorpa leis, áit a ndeachaigh sé i mbun misinéireachta arís i Sasana, cinneadh a bhí thar a bheith cróga agus géarleanúint ar Chaitlicigh fós faoi lán seoil. Ní go dtí 1682 a tháinig moilliú arís ar fhíochmhaireacht na géarleanúna sin. Ní fios go cinnte conas a d’éirigh leis agus é ag obair in “eaglais faoi thalamh” na tíre sin ach léiríonn na cáipéisí oifigiúla go ndeachaigh sé chun na Róimhe in Aibreán na bliana 1685.
Ba sa bhliain chéanna a tháinig ardú meanman ar Chaitlicigh na Breataine toisc teacht i gcoróin Shéamas a Dó. Ní fada a mhair dóchas nua na gCaitliceach, áfach.
Ar an dara lá de mhí na Samhna, 1686, cuireadh ainm Skerrett chun tosaigh le bheith ina “Vicar and Commissary General” ar ord na nAgaistíneach sa Bhreatain ach ní heol dúinn an raibh deis aige glacadh leis an bpost nó nach raibh.
Tá sé beagnach cinnte go bhfuair Skerrett bás idir mí an Mheithimh 1687 agus Iúil 1688. Bhí saol eachtrúil aige, duine cumasach den diaspóra Gaelach nach ceart ligean i ndearmad.