Seans eile ag an Rialtas a ndintiuir a chruthu

Dea-scéala agus drochscéala don Aire Éamon Ó Cuív an tseachtain seo caite

Dea-scéala agus drochscéala don Aire Éamon Ó Cuív an tseachtain seo caite. Dea-scéala gur tháinig sé slán as an atheagar caibinéid agus gur chuir na heagrais teanga fáilte roimhe sin agus an drochscéala ... ní mhairfidh dea-spionn na n-eagras rófhada agus beidh siad ag gearán leis agus faoi ar ball. Sin agat saol polaiteora.

Is suntasach gur cuireadh Mary Hanafin i mbun Roinn an Oideachais agus na hEolaíochta. Is polaiteoir cumasach í a bhíonn le feiceáil agus le cluinstin ar na meáin Ghaeilge measartha minic.

Mar sin féin, is é an tuairim a bheadh ag mórán daoine in earnáil na teanga uirthi gur polaiteoir de na polaiteoirí sin í a bhfuil an teanga ar a toil aici ach nach ndéarfá go gcreideann sí "sa chúis" ar bhealach amháin nó ar bhealach eile.

Beidh deis aici an dearcadh sin a bhréagnú agus í i mbun ceann de na ranna is tábhachtaí ó thaobh fhorbairt agus phleanáil teanga de. Is mór an buntáiste go bhfuil an teanga aici agus go mbeidh sí ábalta cás na hearnála a thuigbheáil gan ateangaire.

READ MORE

Is é an donas faoin Rialtas seo gurb é an tAire Éamon Ó Cuív amháin atá aitheanta as a chuid oibre i gcuibhreann na Gaeilge. Ní rud maith é gur airsean amháin a chuirtear ualach teanga agus ní rud maith d'fhorbairt na hearnála trí chéile nach mbíonn níos mó ar siúl ag Airí eile.

I ndeireadh thiar thall, dá mhéid Airí a bhaineann go leanúnach leis an earnáil, is amhlaidh is fearr é.

Faoin Aire nua Oideachais, mar sin, atá sé a chruthú gur cloch ar phaidrín an Rialtais í an teanga. Chuirfeadh sé imní ar na heagrais, déarfainn, a laghad tráchta a ndearnadh don teanga i gcuid de na tuairiscí atá scríofa faoin Aire Hanafin go dtí seo. Cibé faoin Aire féin, is léir nach bhfuil aird ag mórán iriseoirí ar ghné seo a Roinne. Tá deis aici, i gcomhpháirt leis na heagrais, tabhairt faoi na seandúshláin le fuinneamh nua - téacsleabhair a chur ar fáil, mar shampla - agus tionscnaimh nua shamhlaíocha a bhunú a chuirfeas bonn faoin oideachas lán-Ghaeilge.

Ollscolaíocht Ghaeilge agus Ghaeltachta, a deir tú? Sea. Má tá an fuinneamh sna heagrais, déarfainn gurb é sin an dúshlán is práinní rompu.

Dá n-éireodh leo tabhairt ar an Rialtas bonn mar is ceart a chur faoi phleananna uaillmhianacha Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus Fiontar, DCU - gan ach beirt a lua - i gcúrsaí ollscolaíochta, ba mhaith an obair í.

Agus dá léireodh Hanafin go raibh spéis aici ina leithéid, chuirfeadh sé go mór le clú an Rialtais agus, níos tábhachtaí, le hoideachas na hÉireann.