IS MINIC a bhíonn lucht na Gaeilge ag caint faoi thábhacht theangacha eile Ceilteacha ach is annamh a bhíonn seans acu litríocht na dteangacha sin a léamh. Is mór an gar, mar sin, go bhfuil úrscéal iontach leis an scríbhneoir Breatnaise, Angharad Price (40), anois ar fáil i mBéarla – The Life of Rebecca Jones (MacLehose Press) – do dhaoine nach bhfuil Breatnais acu.
Saothar thar a bheith cumhachtach agus ealaíonta atá ann ina n-insítear scéal teaghlaigh le Breatnais sa chéad seo caite. Aithneoidh lucht na Gaeilge agus na Gaeltachta na téamaí – an sracadh sa phobal agus streachailt na teanga dúchais in éadan an Bhéarla.
Is sa Bhreatnais a foilsíodh an leabhar ar tús i 2002 agus d’aithin lucht teanga na tíre sin a fhiúntas láithreach. Bhronn lucht an Eisteddfod gradam ar leith, Bonn Próis, ar an saothar agus ainmníodh é mar leabhar na bliana sa Bhreatain Bhig sa bhliain 2003.
Foilsíodh leagan dátheangach ina dhiaidh sin agus tá eagrán nua anois ar fáil i mBéarla amháin agus aird na gcriticeoirí ar an saothar as an úr.
Tá Price ina léachtóir ollscoile sa Bhreatnais agus spéis ar leith aici i gcúrsaí litríochta ina teanga dhúchais. Agus í i dteagmháil leis an cholún seo as a hoifig sa Bhreatain Bhig, mhínigh Price go raibh sé nádúrtha aici scríobh i mBreatnais nó is leis an teanga sin a tógadh í.
Bhí Béarla ar imeall na sochaí ach bhí an Bhreatnais i gcroí cúrsaí: “For me the world “speaks Welsh”, even though I delight in languages and have picked up several on the way. Some people claim that writing in Welsh is a political act. It would be sheer bullshit on my part if I made that kind of claim. If anything, choosing to write in English would be a political act, though not, of course, in the same way. Some people write in both Welsh and English and feel comfortable doing so. But I have never really felt the desire, nor the need, to write creatively in English.”
Bua amháin a bhí ann di mar scríbhneoir cruthaitheach próis go raibh “healthy appetite for literature in Welsh”. Ré órga a bhí ann don úrscéal Breatnaise, a dúirt sí, de bharr na tacaíochta a fuair foilsitheoirí ó thionól na Breataine Bige.
Tá rogha leathan leabhar ann agus toil na léitheoirí leo: “The range is quite astonishing, covering everything, from noir to science fiction and from thrillers to romantic historical sagas; there are Marxist and postmodernist novels in Welsh, as well as novels getting new life from the older realist tradition.”
Ar meán, dhíolfadh úrscéal Breatnaise “a few thousand copies, but “bestselling” novels can sell anything up to 10,000”.
Bíodh sin mar atá, is doiligh slí bheatha a bhaint amach as an scríbhneoireacht, bíodh is go n-éiríonn le roinnt daoine é a dhéanamh, a dúirt sí. Ó tharla go bhfuil pobal léitheoireachta i mBreatnais, ní hionann an dúshlán atá roimh scríbhneoir sa teanga sin agus scríbhneoir i nGaeilge, abair.
Is ionann aistriúchán go Béarla agus lucht léitheoireachta eile a aimsiú agus bua agus díomua ag baint leis an chur chuige sin.
Thaitin próiseas an aistriúcháin lena haistritheoir, Lloyd Jones, léi ach bhí ábhar imní ann fosta: “I believe that having your eye on being translated at the point when you are writing could be crippling.”
Léigh sí féin mórán filíochta i nGaeilge agus i nGaidhlig i ndíolaimí dátheangacha agus ba mhór an áis oideachais iad. Mar sin féin, chreid sí: “An original text needs to run around for a while, before the translation comes to catch it and hold it down. Some Welsh poets have published their work solely in dual-language format, but the overall response from Welsh readers and reviewers was iffy – if not sniffy”.
Oiread céanna leis an Ghaeilge, bhí ar lucht na Breatnaise aghaidh a thabhairt ar an cheist cé acu teanga na tuaithe nó teanga na cathrach a bhí inti.
Dúirt Price gur tháinig an deighilt idir tuath agus cathair chun buaice sna 1970í malla le sraith conspóidí ar tugadh “Cymraeg y Pridd v. Cymraeg y Concrid/Breatnaise na húire v Breatnais na coincréite” orthu: “Until then, it was commonly held that Welsh literature proper belonged to the “soil”.
“Such a dichotomy has been seen as increasingly dated and in the last ten years or so, with the coming of devolution and the growth of the Welsh language in the urban and post-industrial areas of the south-east, the rural bias has largely faded away.”
Thug sí aghaidh ar cheisteanna sin na féiniúlachta in úrscéal eile dá cuid, Caersaint, a foilsíodh dhá bhliain ó shin.
Scéal Jamal Jones atá ann, fear de shliocht na Breataine Bige agus na Pacastáine a fhilleann ar a chathair dhúchais “to find himself, but ends up finding himself standing as a candidate to be the town’s elected mayor”.
Níl pleananna ar bith aici faoi láthair an scéal sin a aistriú mar “the local Welsh argot is rather colourful”.
Beidh ar an cholúnaí seo Breatnais a fhoghlaim leis an saothar a léamh, mar sin?
Déarfainn gurbh fhiú.