BEOCHEIST:GHLAC MÓR-imreoirí rugbaí na Breataine Bige páirt i dturas na Leon go dtí an Afraic Theas nuair a bhí córas cinedheighilte i réim i 1974.
Spreag an turas conspóid a mhair ar feadh na mblianta agus chuir sé drogall ar mhuintir rugbaí baint a bheith acu le polaitíocht ó shin i leith. Mar sin, chuir sé ionadh ar mhórán nuair a seoladh físeán an tseachtain seo caite le mór-réaltaí rugbaí na linne seo ag maíomh vótáil “Sea” sa reifreann a chuirfear faoi bhráid phobal na tíre ar an tríú lá de Mhárta.
Má ritear é, ciallóidh an reifreann go mbeidh an tionól ag cruthú dlíthe do mhuintir na Breataine Bige den chéad uair. Má éiríonn leis beidh an tionól, a bunaíodh sa phrionsacht i 1998, chomh cumhachtach leis an tionól in Albain agus an tionól i dTuaisceart Éireann.
Tá sé éasca a fheiceáil cé a bhí taobh thiar den fhíseán: tá Roger Lewis mar cheann an fheachtais Ie Dros Cymru (Sea ar son na Breataine Bige) agus, ait go leor, tá sé mar cheann ar Bhord Rugbaí na Breataine Bige chomh maith.
Ach ní raibh an físeán sin ina ábhar conspóide sa Bhreatain Bheag mar cé go bhfuil an feachtas faoi lán seoil ag an am seo, níl muintir na tíre róthógtha leis. Faoi láthair, is polaiteoirí ón tionól, na meáin agus cainteoirí Breatnaise atá tógtha leis don chuid is mó. Níl mórán seans go rachaidh líon an vóta “Ní hea” i méid ach is baol go mbeidh an feachtas “Sea” i bhfad rófhada chun tosaigh muna n-athraíonn cúrsaí go luath.
Tá gach comhlacht poiblí agus eagraíocht dheonach ag tacú leis an reifreann. Tá an dá pháirtí sa chomhaireacht sa tionól, Páirtí an Lucht Oibre agus Plaid Cymru mar aon leis na Daonlathaigh Liobrálacha ag moladh vóta ina fhábhar. Go náisiúnta, tá na Coimeádaigh agus David Cameron ag fanacht neodrach ach tá an páirtí ag canbhasáil go fonnmhar ar a shon sa Bhreatain Bheag.
Thug S4C agus Radio Cymru, stáisiún teilifíse agus stáisiún raidió iomlán Breatnaise, faoi deara go luath san fheachtas nach raibh éinne le Breatnais sásta páirt a ghlacadh sna cláracha díospóireachta le linn an fheachtais chun cás a dhéanamh in aghaidh an reifrinn. Mar sin, i dtreo is nach mbeadh díospóireacht aontaobhach acu, bhí seans ann go n-úsáidfí aisteoirí le Breatnais chun ráitis réamhullmhaithe a léamh amach i gcoinne an reifrinn.
Taithí ar a bheith ag féachaint ar Gerry Adams le hathghuthú aisteora sna 1980í a thug an inspioráid dóibh. Deir True Wales, atá ag canbhasáil i gcoinne cumhachtaí breise a thabhairt don tionól, go bhfuil faitíos ar lucht na Breatnaise a dtuairimí a nochtadh os comhair an phobail agus go bhfuil brú orthu fanacht ina dtost.
Chun an fhírinne a rá, seans maith nach bhfuil urlabhraí Breatnaise ar fáil mar gheall ar an easpa daoine atá in aghaidh an reifrinn sa phobal lán-Bhreatnaise. De réir na pobalbhreithe is déanaí tá sé ar intinn ag 75 faoin gcéad de chainteoirí Breatnaise “Sea” a vótáil sa reifreann agus gan ach 16 faoin gcéad dóibh chun vóta “Ní hea” a chaitheamh. Scéal difriúil atá ann nuair a chuireann tú na vótóirí ar fad, idir Béarla agus Breatnais, san áireamh, áfach: tá 48 faoin gcéad i bhfábhar an rúin agus 30 faoin gcéad ina choinne.
Chabhraigh an tionól go mór le hathbheochan na gCoimeádach sa Bhreatain Bheag. Thug sé spreagadh don pháirtí teacht ó dhíothú iomlán in olltoghchán 2001 go dtí ocht suíochán a bhaint amach san olltoghchán is déanaí, toradh a fhágann chun tosaigh iad ar Phlaid Cymru agus na Daonlathaigh Liobrálacha.
D’fhéadfá a rá go mbíonn muintir na Breataine Bige iad féin coimeádach nuair atá cúrsaí déabhlóide faoina mbráid. Ní raibh ach 6,721 vóta sa bhreis caite i bhfábhar an reifrinn i 1997. Vótáil tromlach ollmhór (4:1) in aghaidh tionól náisiúnta a chur ar bun i 1979.
Ba é Páirtí an Lucht Oibre a bhí i gcumhacht sa Bhreatain Mhór ach chuir seisear ball parlaiminite ó dheisceart na Breataine Bige ina aghaidh, ina measc siúd, bhí fear a bhain ceannaireacht an pháirtí amach ceithre bliana ina dhiaidh sin, Neil Kinnock. Aontachtach a thug sé air féin ag an am.
Cé gur cosúil go bhfuil formhór na vótóirí i bhfábhar cumhachtaí reachtaíochta a thabhairt don tionól, níl ach, ar a mhéid, 15 faoin gcéad ag lorg neamhspleáchais. Cinnte, má ghlactar leis an reifreann, beidh an tionól in ann dlíthe a chruthú a mbeidh tionchar faoi leith acu ar an tír, go háirithe ó thaobh cúrsaí sláinte agus oideachais. Ach beidh cúrsaí cánach, gnóthaí eachtracha agus slándála fós faoi stiúir Westminster.
Beidh an caiteachas ón Ríocht Aontaithe mar atá faoi láthair (£9.6 billiún sa bhliain, meastar) ach beidh inchur níos fearr ag an tionól maidir le caitheamh an airgid.