Rialtas le gearradh siar ar acmhainn teanga

TUARASCÁIL: AGUS CÚRSAÍ baincéireachta ag dul chun donais, d'fhógair an Taoiseach, Brian Cowen, ciorrú éigeandála teanga sa …

TUARASCÁIL:AGUS CÚRSAÍ baincéireachta ag dul chun donais, d'fhógair an Taoiseach, Brian Cowen, ciorrú éigeandála teanga sa Dáil. Dúirt sé go raibh an Rialtas ag gearradh siar ar ghramadach na Gaeilge láithreach. Chreid sé féin sa Ghaeilge oiread chéanna le duine ar bith eile ach bhí cúrsaí airgid ag teannadh ar gach dream agus b'amhlaidh an scéal do lucht na Gaeilge é.

D'fhógair sé go raibh an Rialtas ag cur deiridh leis an tríú, ceathrú agus cúigiú díochlaonadh agus leis an dara réimniú. Thug sé le fios gur leor dhá dhíochlaonadh ag teanga ar bith agus go bhféadfaí na briathra ar fad a chur in aon réimniú amháin.

Dheimhnigh sé go raibh an Rialtas ag amharc ar chás na mbriathra neamhrialta. Thacaigh a pháirtí le rudaí beith neamhrialta - bhí bunaitheoirí Fhianna Fáil amuigh Seachtain na Cásca 1916 - ach bhí an t-am anois ann san aeráid nua pholaitiúil athmhachnamh a dhéanamh ar rudaí neamhrialta. Ba ghá go mbeadh gach aon rud in ord agus in eagar ionas go mbainfí an leas ab fhearr as.

Le cois na n-athraithe sin, dúirt sé go raibh an Rialtas ag iarraidh deireadh a chur le hainmfhocail fhirinscneacha agus bhaininscneacha agus ainmfhocail neodracha a chur ina n-áit ar fad. Shábhálfadh sé na milliún euro i bhfoilsiú cáipéisí oifigiúla an t-aon chineál ainmfhocail bheith ann.

READ MORE

Luaigh sé go raibh an Rialtas i dteagmháil leis an Aontas Eorpach le stádas na Gaeilge a athrú ó theanga oifigiúil oibre go teanga oifigiúil leathoibre. Dá n-éireodh leo, bheadh cead ag daoine Gaeilge a labhairt san Aontas Dé Domhnaigh ar ráta saor ach ní bheadh cead acu í a labhairt lá ar bith eile.

Ba é a chinneadh ba chonspóidí deireadh a chur leis an chopail. Dúirt sé nach raibh ciall ar bith ann go raibh an briathar 'Tá' agus an chopail beirt ann. Ba den riachtanas airgeadais iad a chónascadh agus an úsáid ab fhearr a bhaint as an acmhainn teoranta teanga. "Tá mé Taoiseach bródúil agus tá sé seo lá dóchasach don Ghaeilge," a dúirt sé.

D'ionsaigh ceannaire Fhine Gael, Enda Kenny, ráiteas an Taoisigh i leith na teanga. Cháin sé é go láidir as deireadh a chur leis an cheathrú díochlaonadh agus an focal 'Fine' leis. Spíd agus mailís a thug ar an Taoiseach a leithéid a dhéanamh. Ní raibh ceart ar bith aige deireadh a chur le Fine Gael; faoin phobal a bhí sé an cinneadh sin a dhéanamh. (D'éirigh scairteanna ó chúlbhinsí Fhianna Fáil go raibh sin déanta go minic ag na vótóirí roimhe seo.)

Dá mba rud é go raibh an Rialtas dáiríre faoi chás na Gaeilge, a dúirt Kenny, thiocfadh leo deireadh a chur leis an teanga mar ábhar éigeantach scrúdaithe. Dá mbíodh níos lú daoine ag déanamh staidéir ar an Ghaeilge, ba mhó seans go bhfoghlaimeodh siad í.

Dúirt Cowen, ámh, gurbh fhearr leis an cur chuige a bhí ag an Rialtas - gur lú Gaeilge a bheadh ann agus níos mó daoine ag déanamh staidéir uirthi.

D'eisigh Aire na Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, ráiteas á rá go dtiocfadh le Roinn na Gaeltachta dul i mbannaí ar gach aon fhocal Gaeilge a bhí le fáil sa Chaighdeán Oifigiúil nó a tháinig ón Choiste Téarmaíochta le 20 bliain anuas.

Dúirt sé go raibh sé "an-mhuiníneach" nach n-iarrfadh Banco di Laidin na focail a thug siad ar iasacht don Ghaeilge ar ais. Shíl sé go raibh morgáiste na bhfocal sin íoctha go hiomlán. Bhí amhras air nach mbeadh an scéal céanna ann le Banc an Bhéarla. D'impigh sé ar lucht na Gaeilge bheith ciallmhar agus úsáid a gcuid Béarla a laghdú ionas go dtiocfadh an teanga slán.

D'eisigh brúghrúpa, Gaeilge Thraidisiúnta na Gaeltachta, ráiteas dá gcuid féin tráthnóna aréir ag léiriú an-imní faoi fhocail Béarla a bhí "ar cíos fadtéarmach" ag cainteoirí dúchais. Dúirt an t-urlabhraí dá n-éileodh Banc an Bhéarla a gcuid focal ar ais go raibh sé siúráilte de go mbeadh an Ghaeilge sa Ghaeltacht buggeráilte agus frigeráilte.

Comhar i gcló arís

SEOLFAIDH AN file agus léachtóir, Louis de Paor, an chéad eagrán nua den iris mhíosúil, Comhar, tráthnóna amárach ag 5pm i Halla na Saoirse, Cé Éidín, Baile Átha Cliath.

Cuireadh deireadh le foilsiú na hirise Eanáir na bliana seo i ndiaidh gur chaill lucht na hirise a ndeontas ó Fhoras na Gaeilge. D'éirigh le bord na hirise an deontas a fháil ar ais ó shin agus dúirt cathaoirleach an bhoird, Wally Ó Ciaruain, go raibh socruithe nua bainistíocht curtha i bhfeidhm acu.

An t-iriseoir Aindrias Ó Cathasaigh atá ina eagarthóir agus tá beirt eile ag plé le cúrsaí fógraíochta/díolaíochta agus forbairt na rannpháirtíochta ar institiúidí oideachais tríú leibhéal. Lena chois sin, bhí "foireann líonmhar cuiditheoirí" earcaithe acu le cás na hirise a chur chun cinn.

Sult ar ais

BEIDH an chéad Chlub Sult eile ar siúl san oíche amárach ag 8.30pm in Break for the Border, Sráid Stiofáin Íochtarach, Baile Átha Cliath. Beidh Grúpa Tí Sult, an t-amhránaí Traic, an grúpa reggae Lace agus an rinceoir limbo Shah uilig i mbun siamsa.

An Piarsach ar scoil

CÉAD BLIAIN ó shin a bhunaigh Pádraig Mac Piarais Scoil Éanna, an tionscnamh oideachais ba thábhachtaí in Éirinn a linne.

Tabharfaidh an léachtóir agus scríbhneoir, Fionntán de Brún, léacht faoi "1908 agus Bunú Scoil Éanna" oíche Aoine ag 7pm i léachtlann William Conor, Ollscoil Uladh, Sráid Eabhrac, Béal Feirste. Dúirt de Brún gur bliain "chinniúnach" a bhí in 1908. Bhunaigh an Piarsach Scoil Éanna le hoideachas dátheangach a chur ar fáil. Ba é a shocraigh ar mhana agus ar mhisean na scoile le scolaíocht a chur ar fáil a chuir béim ar fhorbairt an duine.

Ó bhí an ghaelscolaíocht faoi bhláth, bhí an t-am ann cuairt a thabhairt ar bhunú na scoile arís, a dúirt sé, agus "aird a dhíriú ar an obair agus athscrúdú a dhéanamh ar an scéal".

Fiann an Chrócaigh

TÁ COLÁISTE na bhFiann ag ceiliúradh 40 bliain de chúrsaí teanga don óige a chur ar fáil. Mar chuid dá n-ócáidí comórtha, beidh dinnéar acu i bPáirc an Chrócaigh, Dé Sathairn, 29ú Samhain.

Dúirt stiúrthóir an choláiste, Caitríona Ní Cheallaigh, go raibh sí ag súil le 600 duine bheith i láthair: "Faoin am seo tá 40 bord as 60 díolta. An-oíche a bheidh ann agus deis bualadh le cairde ó gach cearn den tír. Ba bhreá linn an oiread cairde agus is féidir bheith ann don cheiliúradh seo."

Chuige sin, mhol sí do dhuine ar bith nó d'eagras ar bith a bhí ag iarraidh bheith i láthair teagmháil a dhéanamh leo láithreach agus focal a chur ar thábla. Eolas: michelle@colaistenabhfiann.ie

acmhainn resources - brúghrúpa pressure group - bunaitheoir founder - cás situation - ceiliúradh celebration - conspóideach controversial - dátheangach bilingual - dóchasach hopeful - éigeantach compulsory - mailís malice - misean mission - spíd aspersion - tionchar influence - urlabhraí spokesperson