Beocheist: Bhí an mana 'Raidió na Life, 102, BEO' ar bharr theanga go leor de phobal Gaeilge na hardchathrach deich mbliana ó shin. Níl an stáisiún ar 102FM níos mó, ach tá sé fós 'BEO' mar a léirigh ceiliúradh spleodrach in Ionad Ceoil Bharra an Teampaill le déanaí.
Ní shin le rá nach bhfuil deacrachtaí tar éis cur as don stáisiún ó bunaíodh é. Níl sé chomh mór i mbéal an phobail is a bhíodh - cuid den chúis leis sin is ea an t-athrú minicíochta a chuir na húdaráis chraoltóireachta i bhfeidhm ar an stáisiún cúpla bliain ó shin, ionas go bhféadfaí an mhinicíocht 102 a thabhairt do stáisiún tráchtála.
Tháinig buille trom ó fhoras stáit eile nuair a chuir FÁS deireadh le scéim fostaíochta an stáisiúin. Chuir an scéim foireann fostaithe ar fáil don stáisiún mar thaca do na craoltóirí deonacha agus thug sé deis do dhaoine óga (cosúil liom féin) taithí craoltóireachta a bhaint amach. D'imigh go leor againn ar aghaidh chun 'postanna cearta' a bhaint amach san earnáil craoltóireachta.
Bhíos féin den tuairim tráth go dtitfeadh Raidió na Life óna chéile gan an scéim FÁS. Is míorúilt bheag é gur éirigh leis an mbainsteoir Fionnuala Mac Aodha maraon le beirt foirne eile, ní amháin an stáisiún a choiméad ar an aer, ach cur lena n-uaireanta craoltóireachta - tuairim is 16 uair an chloig i rith na seachtaine agus 20 uair an chloig ag an deireadh seachtaine.
Mar sin féin, mothaím go bhfuil caighdeán agus raon na gcláracha cainte tar éis dul i léig beagáinín.
Nuair a thosaigh Raidió na Life bhí roinnt de na cláracha cainte is fearr ar stáisiún raidió ar bith sa tír le cloisteáil air - cláracha ar nós Allagar na Cathrach le Seosamh Ó Murchú, Agallamh na Seachtaine le hÉamon Ó Dónaill, Scoraíocht an Domhnaigh le Seán Ó Súilleabháin agus Clár na Leabhar le Máirín Nic Eoin.
Is minic go raibh polaiteoirí agus tráchtairí mór le rá ag freastal ar na stiúideonna chun páirt a ghlacadh i ndíospóireachtaí beo.
I measc na mbuaicphointí eile sa sceideal bhí an tsraith dráma Slic Sleamhain agus cás na bhFrídíní Marfacha!
Is dócha nach féidir le heagraíocht ar bith atá ag brath ar obair dheonach caighdeán gairmiúil den chinéal sin a choiméad ag dul ar bhonn leanúnach.
Agus nílim ag iarraidh tabhairt le fios gur 'ré órga' a bhí ann agus nach mbeidh ár leithéid ann arís! Bhí neart amaitéarachais le sonrú sa chéad chlársceideal freisin agus tagann cláracha cainte den scoth chun cinn ó am go ham go fóill - ach is é a locht a laghad.
Ní féidir a rá go bhfuil aon lagú tagtha ar chúrsaí ceoil an stáisiúin. Ba é cuid de raison d'etre Raidió na Life freastal ar lucht éisteachta nach raibh Raidió na Gaeltachta ag freastal orthu ag an am - daoine óga ar theastaigh uathu éisteacht le rac-cheol, rap, techno, gormachaí agus mar sin de.
Chomh maith leis sin, mhealladar go leor éisteoirí gan Gaeilge a bhí míshásta le raon teoranta ceoil na stáisiún tráchtála. Tá an t-éicleachtas ceoil seo fós ag borradh i gCearnóg Mhuirfean - is breá liom bheith ag tumadh isteach agus amach as cláracha ceoil an stáisiúin. Murab ionann is leithéidí 98FM, ní bhíonn a fhios agat riamh cad é a chloisfidh tú.
Go dtí deich mbliana ó shin muna raibh suim ag duine sna 20í sa sean-nós, nó i bheith ar choiste 'ar son na cúise', ní raibh mórán caitheamh aimsire ar fáil trí Ghaeilge i mBaile Átha Cliath.
Anois cuireann Raidió na Life caitheamh aimsire trí Ghaeilge ar fáil do dhaoine óga a bhfuil spéis acu i gcineálacha éagsúla ceoil nó sa chraoltóireacht.
Ó bunaíodh Raidió na Life tá an Club Sult tar éis áis shóisialta iontach eile a chur ar fáil. Ní haon chomhtharlúint é go bhfuil duine de bhunaitheoirí Raidió na Life, Éamon Ó Dónaill, ina mbun. Tá go leor den dearcadh folláin céanna ar an nGaeilge, an t-ilchultúrachas agus an ceol ag baint leis an dá thogra.
Is fiú an caifé Trí-D agus an bhialann Am Bia a luadh freisin agus tá comharthaí ann go bhfuil athbheochan áirithe ag tarlú i gClub an Chonartha - d'fhreastail mé ar cheolchoirm iontach ann le déanaí le John Spillane.
B'fhéidir i gceann scór bliain eile go mbeimid ábalta breathnú siar ar bhunú Raidió na Life mar an chéad chéim i ré nua don Ghaeilge i mBaile Átha Cliath.
Tá Raidió na Life le cluinstin ag 106.4 FM