Glacfaidh Comhairle Contae na Gaillimhe go foirmiúil leis an bPlean Forbartha Contae 2003-2009 amárach ach ní bheidh moladh conspóideach Phóil Uí Fhoighil sa phlean críochnaitheach, a scríobhann Tomás Ó Ceallaigh.
Mhol Ó Foighil gur do Ghaeilgeoirí amháin a thabharfaí cead pleanála sa cheantar Gaeltachta ó Bhearna go Carna.
Dúirt Ó Foighil, áfach, go raibh sé sásta go maith le toradh a chuid oibre. Bheadh sé níos éasca do mhuintir na háite cead pleanála a fháil do thithe cónaithe faoi mholtaí a chuir sé féin agus comhairleoirí eile Chonamara, Gaeltacht agus Galltacht, faoi bhráid an chruinnithe inar cuireadh bailchríoch ar an bplean forbartha.
Glacadh leis na moltaí faoina bhféadfaí cead a thabhairt do dhaoine tithe aonair a thógáil i gceantair áilleachta faoin tuath in ainneoin gur thug Stiúrthóir Pleanála na comhairle, Paul Ridge, foláireamh go mbeadh siad ag teacht salach ar phleanáil cheart agus ar fhorbairt inbhuanaithe.
Bhí gá le Ráiteas Tionchair Teanga le gach iarratas pleanála sa Ghaeltacht faoin bPlean Forbartha a bhí i bhfeidhm ó 1997.
Is minic nár bacadh leis agus níor tuigeadh go bhféadfadh fiacla bheith ag a leithéid de riail go dtí gur chuir an Ard-Chúirt cead pleanála d'eastát tithíochta na comhairle ar an gCeathrú Rua ar ceal toisc nach raibh ráiteas leis an iarratas pleanála.
Ní bheidh gá le ráiteas do theach aonair feasta ach glacadh an tseachtain seo caite le moladh ón gComhairleoir Connie Ní Fatharta go mbeadh gá le ráiteas le gach iarratas pleanála do dhá theach nó níos mó faoin bplean nua.
Is í an aidhm a bheadh leis an ráiteas an tionchar a bheadh ag an bhforbairt molta ar úsáid na teanga laistigh den cheantar Gaeltachta a mheas.
Dá réir sin, níor cheart cead pleanála a thabhairt ach sa chás go mbeadh an chomhairle sásta go rachadh an fhorbairt chun leasa d'úsáid na teanga sa cheantar.
Glacadh le moladh spéisiúil eile ó Ní Fhatharta, ionadaí de chuid Fhianna Fáil ón gCeathrú Rua, is é sin, go ndéanfaí cás speisialta d'iarratais phleanála ó Ghaeilgeoirí lasmuigh den Ghaeltacht a bheadh ag iarraidh cur fúthu go buan sa Ghaeltacht.
Níor éirigh le moladh Uí Fhoighil go gcuirfí stop iomlán le tógáil eastáit tithíochta sa Ghaeltacht go dtí go mbeadh Staidéar Tionchair Teanga déanta ar an gceantar Gaeltachta.
Dúirt sé nach bhféadfadh a bhfuil déanta ag lucht pleanála sa Spidéal le cúig bliana anuas leanacht ar aghaidh, go deimhin go bhféadfadh Acht Pleanála agus Forbartha 2000 bheith á sárú acu.