Níl aon cheist ach gur féidir linn ach an cuma linn?

NÍ RAIBH fear an Daily Telegraph róthógtha le foghraíocht Ghaeilge Bharack Obama ná róchruinn ina léamh ar shuim phobal na hÉireann…

NÍ RAIBH fear an Daily Telegraphróthógtha le foghraíocht Ghaeilge Bharack Obama ná róchruinn ina léamh ar shuim phobal na hÉireann ina dteanga dhúchais.

"Almost any other visitor who mauled the Irish language so severely might expect a reception as cold as the waters of the Liffey," a scríobh an fear ón Telegraph.

Mheasas go raibh an méid sin ábhairín ródhian ar fhoghraíocht Bharack ach is cinnte go ndeachaigh ár gcara thar fóir ina bhreithiúnas ar phointeáilteacht mhuintir na tíre seo maidir le ceartfhoghrú na Gaeilge.

Ba bheag an baol go nglacfadh an slua ar Fhaiche an Choláiste colg le Barack nó éinne eile de bharr a easpa máistreachta ar an “d” caol.

READ MORE

Agus an tseachtain is cinniúnaí i stair na Gaeilge ó buaileadh cath Chionn tSáile curtha dínn againn b’fhéidir go bhfuil sé in am againn féachaint go fuarchúiseach ar an gcúpla focal Gaeilge a bhronn an bhanríon agus an t-uachtarán orainn.

Ar shlí, mhaithfeá a mhíthuiscint don bhfear ón Telegraph a bhí i measc an tslua ar Fhaiche an Choláiste don lá mór.

Bhí an oiread sin lúcháire ar an slua céanna nuair a dhein uachtarán Mheiriceá a ráiteas beag Gaeilge go mbraithfeá go raibh pobal na hÉireann meáite ar aire na fola a thabhairt do theanga a sinsir agus gur aontaigh siad leis dáiríre gur fearr Gaeilge bhriste ná Béarla cliste.

Nó seans fad is a bhí sé anseo gur thug ár gcara ón Telegraph cluas le héisteacht do na tráchtairí ar fad ar na meáin a bhí ar aon phort faoi cé chomh hiontach agus tábhachtach is a bhí sé gur labhair an bhanríon agus an t-uachtarán ár dteanga féin linn go háirithe in am seo an ghátair.

Nó b’fhéidir sula ndeachaigh sé abhaile go bhfuair sé an greamán gluaisteáin “Is féidir linn” a dáileadh saor in aisce san eagrán Éireannach den Daily Mail in iarracht sinn a spreagadh chun glacadh le cúpla focal Obama mar “mhana inspioráideach náisiúnta” agus an Daily Mail a cheannach ag an am céanna.

Nó b’fhéidir gur ar an scríbhneoir seo atá an mhíthuiscint agus go bhfuil an ceann is fearr faighte arís air ag an gciniciúlacht a bhíonn ag priocadh de shíor ar an gcainteoir laethúil (lasmuigh den chóras oideachais).

Tá baint, is dócha, ag an gciniciúlacht seo leis an tseantaithí atá againn ar an gcúpla focal ar mhaithe leis an gcúpla focal. Cinnte, ba ar scála agus ar ardán níos mó ná riamh cheana a bhí an cúpla focal seo (“Queen delights by using native Irish language in Dublin” an ceannlíne a bhí ag an iris Hello), ach cad eile a bhí ann ar deireadh thiar ach an cúpla focal ar mhaithe leis an gcúpla focal?

Cad eile a bhí ann ach an Ghaeilge agus í ar a compord arís ag leibhéal an tsiombalachais agus na státaireachta agus na tráchtairí ar fad ar a gcompord gur ann atá sí? Cad eile a bhí ann ach an Ghaeilge arís mar cup-a-soup cultúrtha ag an slua?

Ní raibh aon locht ar an nGaeilge a labhair Barack nó an bhanríon, go dtuga Dia slán an bheirt acu. Ach cad fúinne a bhí ag éisteacht leo? Mar a dúirt cainteoir laethúil (lasmuigh den chóras oideachais) eile liom inné: “Níl aon amhras ach gur féidir linn, is í an cheist ná an cuma linn?”