MOLANN iar-phríomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Pádraig Ó hAoláin, nár chóir Údarás na Gaeltachta agus na Gaeilge a bhunú ach an tÚdarás a choinneáil mar atá sé agus acmhainn an eagrais a dhíriú ar an Ghaeltacht amháin.
Is ionann a mholadh agus droim láimhe a thabhairt le ceann de phríomh-mholtaí straitéis 20 bliain an Rialtais don Ghaeilge. Is buille trom ar an straitéis é an méid atá le rá ag Ó hAoláin nó chaith sé 36 bliain leis an Údarás agus sé bliana acu sin ina cheannaire.
Ag caint leis an cholún seo inné, dúirt Ó hAoláin go raibh “go leor rudaí athraithe” ó foilsíodh an straitéis den chéad uair; bhí géarchéim eacnamaíochta ann; bhí amhras ar dhaoine ar chóir Údarás na Gaeltachta agus na Gaeilge a bhunú agus bhí amhras orthu faoina raibh i ndán don straitéis. Bhí siad ag fiafraí díobh féin cén uair a dhéanfaí cinneadh fúithi.
Dúirt sé gur bhain castacht leis an mholadh an tÚdarás a athbhunú agus chreid sé go raibh sé ní ba chiallmhaire Údarás na Gaeltachta a choinneáil ina gníomhaireacht láidir Gaeltachta agus “aghaidh a thabhairt ar an dúshlán an-mhór” a bhí roimh chainteoirí Gaeilge na Gaeltachta faoi láthair.
Bhí eagla air go gcothódh struchtúr nua fadbhanna nua agus go mbeadh moill ann sula mbeadh an struchtúr sin réidh. Bhí pobal na Gaeltachta “i liombó de bharr na straitéise” agus seo ag “staid an-leochaileach” don teanga. Bhí “creimeadh leanúnach” ar siúl agus imní air nach “cur chuige comhtháite” a thiocfadh as an straitéis ach “roghnú a la carte” ar na moltaí.
Ag caint dó ar dhá chruinniú phoiblí faoin ábhar céanna i gCiarraí inné agus arú inné, thug Ó hAoláin le fios dá lucht éisteachta go mbeadh sé “tráthúil” agus reachtaíocht á hullmhú an “fócas agus acmhainn” an Údaráis a dhíriú ar an Ghaeltacht amháin.
Ba chóir cur i bhfeidhm na straitéise sa chuid eile den tír a fhágáil faoin Roinn Gnóthaí Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Fhoras na Gaeilge.
Dúirt sé go mbeadh na heagrais stáit a bhí freagrach as cur i bhfeidhm na straitéise saor le dul ar aghaidh le “hullmhú gníomhach réamhphleanála na straitéise i gcomhar leis na geallshealbhóirí sa Ghaeltacht agus go náisiúnta”.