Molann na heagrais obair an choimisinéara ach imní orthu fós

TÁ AN Rialtas ag iarraidh “lagú” a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, de réir Chonradh na Gaeilge

TÁ AN Rialtas ag iarraidh “lagú” a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, de réir Chonradh na Gaeilge. Bhí siad ag tabhairt a mbreithiúnais ar athbhreithniú an Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, ar an Acht céanna a foilsíodh Dé Máirt seo caite.

Dúirt ardrúnaí an Chonartha, Julian de Spáinn, leis an cholún seo Dé Luain go raibh imní ar an eagras faoi alt breise a bhí san áireamh sa Bhille Um an Dlí Sibhialta (forálacha ilghnéitheacha) a bhí le plé sa Seanad inné agus an colún seo ag dul i gcló.

Cheadódh an t-alt seo go mbeadh cead ann Acht den Oireachtas a fhoilsiú ar líne in aon teanga oifigiúil amháin agus gur Béarla a bhí i gceist, a dúirt sé. Ní raibh cinnteacht ar bith ann go bhfoilseofaí an tAcht i nGaeilge ar líne ar ball, rud a bhí gan chiall ó bunaíodh an dara rannóg aistriúcháin sa bhliain 2009.

Cháin de Spáinn a raibh le rá ag an Aire Dlí agus Cirt, Alan Shatter, faoin alt sa Dáil Déardaoin seo caite: “The reality is that legislation is enacted in the English language and that amendments are furnished in English. The legislation we are dealing with is in English and when it goes to the Dáil it will be in English.”

READ MORE

Dúirt de Spáinn, ámh, nárbh fhéidir le haon Teachta Dála leasú ar bith i nGaeilge a chur chun cinn agus nach mbíonn billí ar fáil i nGaeilge. Laghdódh an leasú seo úsáid na Gaeilge san Oireachtas arís eile.

Scríobh an Conradh chuig polaiteoirí le cur ar a súile dóibh an dochar a dhéanfadh an t-alt seo d’fhorbairt na Gaeilge.

B’fhearr, a dúirt sé, athbhreithniú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla agus socrú a dhéanamh leis an dá rannóg aistriúcháin go mbeadh Achtanna aistrithe i dtréimhse shásúil.

Bhí an t-eagras le “leanúint leis an mbrú” úsáid na Gaeilge a chur chun tosaigh i measc polaiteoirí, ba chuma “pé toradh a bhí ar an díospóireacht” oíche aréir. Bhraith sé go raibh mórán polaiteoirí ann a raibh “spéis acu obair a dhéanamh i nGaeilge” ach nárbh aon iontas é go ndearnadh an obair i mBéarla agus cúrsaí mar a bhí siad.

Shíl Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge go raibh moltaí an choimisinéara “ciallmhar agus praiticiúil”. Mhol siad é as béim a chur ar pholasaí earcaíochta don státchóras a thabharfadh aitheantas do chumas oibrithe sa dá theanga oifigiúla.

Dúirt príomhfheidhmeannach Ghael Linn, Antoine Ó Coileáin, gurbh é an cuspóir “a bhí le hAcht na dTeangacha Oifigiúla ná sainiú a dhéanamh ar an soláthar seirbhísí Stáit as Gaeilge don phobal ach tharraing cuid dá fhorálacha droch-cháil ar an Acht. San athbhreithniú, ba chóir an deis a ghlacadh díriú ar na seirbhísí is mó a bhíonn de dhíth ar an bpobal agus a thacódh le húsáid na Gaeilge”.

Thacaigh Foras na Gaeilge le hobair an choimisinéara. Bhain dúshláin le cinntiú go gcuirfí an tAcht Teanga i bhfeidhm san earnáil phoiblí. Bhí sé ríthábhachtach go gcuirfí seirbhísí i nGaeilge ar fáil do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta: “Tá dul chun cinn déanta maidir leis seo ach léiríonn tuairisc an choimisinéara nach bhfuil ceann scríbe sroichte fós againn.”

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times