Is lá ar leith é an lá inniu san oifig sin againne ar chúiseanna éagsúla. Seolfar ansin ag am lóin inniu Cairt Cearta Teanga den chéad uair ariamh sa Stát seo, le Seán Ó Cuirreáin.
Beidh roinnt ionadaithe ón gComhchoiste uilepháirtí Oireachtais a bhaineann le cúrsaí teanga faoina gCathaoirleach, Cecilia Keaveney T.D., ar a chéad gcuairt chugainn níos luaithe sa lá le léargas a fháil ar obair na hOifige agus ar fheidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla.
Beidh an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív T.D., linn freisin do sheoladh na cairte nua i dteannta le hionadaithe ó roinnt eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta chomh maith le hionadaithe ó chuid de na heagraíochtaí stáit.
Socraíodh ócáidí an lae inniu le haird a dhíriú ar theacht i bhfeidhm fhorálacha iomlána an Achta Teanga faoi cheann coicíse - ar lá an Bastille - 14ú Iúil.
Cothrom an lae sin sa bhliain 2003 a shínigh an tUachtarán Máire Mhic Giolla Íosa an tAcht ina dhlí agus tá foráil san Acht a chinntíonn go dtiocfaidh aon chuid den Acht nach raibh tugtha i bhfeidhm roimh ré le hordú Aire i bhfeidhm go huathoibríoch trí bliana ón lá sin.
Ba chóir go mbeadh tábhacht ar leith leis an dáta sin do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta agus feidhm iomlán leis an chéad phíosa cuimsitheach de reachtaíocht teanga ó bunaíodh an Stát.
Póstaer dátheangach atá sa Chairt Cearta Teanga nua ina leagtar amach go soiléir, simplí na bunchearta teanga atá ag an bpobal agus na seirbhísí trí Ghaeilge ar féidir a bheith ag súil leo ón státchóras.
Ní chruthaíonn an chairt féin aon chearta nua teanga ach tá bunús dlíthiúil leis sa mhéid is go gcuirtear i láthair ann na cearta dlíthiúla teanga a bheidh ar fáil feasta don phobal faoin Acht.
Tá litir á seoladh agam inniu freisin chuig bainistíocht an 650 eagraíocht stáit atá faoi scáth an Achta i dteannta cóipeanna den chairt ag iarraidh orthu iad a chur ar taispeáint go poiblí ina gcuid eagraíochtaí.
Bheadh súil agam go mbeadh dhá thoradh éagsúla ar an ngníomh sin - go méadódh sé tuiscint an phobail ar a gcearta teanga agus go gcuirfeadh sé le tuiscint na foirne sna heagraíochtaí stáit ar a gcuid dualgais teanga.
Beidh tuilleadh cóipeanna den chairt á scaipeadh ar leabharlanna, ar scoileanna, ar institiúidí agus ar fhoirgnimh phoiblí eile de réir a chéile.
Scaipfear freisin cóipeanna ar an bpobal, saor in aisce, i dteannta leis na nuachtáin Foinse agus Lá as seo go ceann coicíse.
Cuirfear tús anocht le feachtas gairid fógraíochta ar sheirbhís teilifíse TG4 a bhfuil sé mar aidhm aige freisin aird an phobail a dhíriú as seo go ceann coicíse ar cheist na gceart teanga.
Tá leagan nua de bhróisiúr eolais na hOifge, a thugann léargas ar fheidhmiú iomlán an Achta, á sheoladh chuig eagraíochtaí stáit na tíre inniu freisin.
Bheadh súil go gcabhródh na gníomhaíochtaí seo ar fad le cur chun cinn fhíoraidhmeanna an Achta Teanga - forbairt a dhéanamh ar líon agus ar chaighdeán na seirbhísí stáit trí Ghaeilge ar bhealach eagraithe thar thréimhse ama, éileamh an phobail ar na seirbhísí sin a mhéadú agus, ar an mbealach sin, áit agus spás a chruthú don teanga ársa seo i saol poiblí nua-aimseartha na tíre.
Tuigeann daoine ar cás leo cúrsaí na teanga seo go bhfuil sí faoi bhrú leanúnach mar theanga bheo phobail sa Ghaeltacht agus mar rogha teanga ag cuid áirithe den phobal ar fud na tíre.
Ba mhinic in imeacht na mblianta an teanga fágtha ar an imeall ag cuid mhór den státchóras, rud a d'fhág gur mhinic a bhraith daoine nach raibh de rogha acu ach a mianta agus a gcearta a fhágáil ar leataobh agus dul i muinín an Bhéarla má bhí uatha a gcuid gnó a dhéanamh go héifeachtach leis an Stát.
Is léir go bhfuil an tairseach den leibhéal seirbhíse trí Ghaeilge i gcás cuid mhór eagraíochtaí stáit fíoríseal ar fad agus, cé nach gcreideann aon duine gur féidir an leibhéal sin a ardú go suntasach thar oíche, tá struchtúir i gcroílár an Achta a thabharfaidh faoi leigheas na faidhbe thar thréimhse ama.
Reachtaíocht chasta í an tAcht Teanga a bhaineann úsáid as trí chóras dhifriúla le cearta teanga a chruthú don phobal:
- trí roinnt teoranta d'fhorálacha díreacha a chuireann dualgais teanga áirithe ar gach ceann de 650 eagraíocht stáit;
- trí rialacháin dhlíthiúla a dhéanfaidh an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta maidir le húsáid na Gaeilge i gcomharthaíocht, stáiseanóireacht, fógraíocht agus fogairtí béil na n-eagraíochtaí stáit agus;
- trí chóras de "scéimeanna" reachtúla teanga a leagfaidh amach na seirbhísí trí Ghaeilge a bheidh á bhforbairt ag eagraíocht stáit de réir a chéile.
Tá leid tugtha sa Dáil le gairid ag an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta nach fada uainn foilsiú na rialachán faoin Acht agus bheadh súil go gcinnteodh na rialacháin nua sin feiceálacht phoiblí i bhfad níos mó don teanga i ngníomhaíochtaí an státchórais.
Tá súil freisin go bhféadfadh suas le 100 eagraíocht stáit a bheith ag feidhmiú faoi réir na bhforálacha a bheidh comhaontaithe i scéimeanna teanga faoin Acht faoi dheireadh na bliana seo.
De bharr an bhealaigh straitéisigh a roghnaíodh liosta na n-eagraíochtaí sin, ba cheart go mbeadh céatadán suntasach de ghníomhachtaí an phobail leis an státchóras san áireamh sna scéimeanna sin.
An dúshlán is mó a bheidh roimh phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta sna blianta romhainn ná a chinntiú go mbainfear úsáid agus buntáiste as na seirbhísí nua trí Ghaeilge de réir mar a thagann fáil orthu.
Tá ráite agamsa go mion minic le heagraíochtaí stáit nach féidir a bheith ag súil go mbeidh lánmhuinín ag pobal na Gaeilge as a gcuid seirbhísí trí Ghaeilge go dtí go mbeidh fáil orthu ar comhchéim agus ar comhchaighdeán le seirbhísí trí Bhéarla.
Agus meabhraím dóibh nach bhfuil aon phribhléid ná buntáiste breise á lorg ag lucht na Gaeilge ach an tseirbhís chéanna atá ar fáil gan cheist ag pobal an Bhéarla ina rogha siúd teanga.
Bíonn, ar ndóigh, caint ar an gcostas a bhaineann le soláthar seirbhísí trí Ghaeilge.
Agus is ceart a admháil go mbeidh méid áirithe breischostais ag baint le seirbhísí dátheangacha ná mar a bheadh le seirbhísí aonteangacha, ach ní bheidh sa mhéid breise sin ach céatadán fíorbheag de bhuiséad iomlán riaracháin na n-eagraíochtaí stáit.
I ndeireadh an lae caithfear glacadh leis go bhfuil costas áirithe ag baint le cosaint teanga atá faoi bhrú agus caithfear cinneadh a dhéanamh an bhfeiceann muid mar shócmhainn seachas mar dhliteanas an tseanteanga seo i saol nua-aimseartha, rachmasach an lae inniu.
Is léir nach bhfuil san Acht Teanga agus gach a mbaineann leis ach cuid bheag de chóras tacaíochta an stáit don teanga - sa chóras oideachais, sa chraoltóireacht, i bhforbairt na Gaeltachta, in obair na Roinne, an Údaráis agus an Fhorais atá na coda is lárnaí den tacaíocht sin.
Ach tá tábhacht ar leith le soláthar agus le húsáid seirbhísí stáit trí Ghaeilge má tá ról lárnach seachas imeallach le bheith ag an teanga i saol poiblí na tíre seo.
An teanga nach féidir a úsáid i mbun gnóthaí le heagraíochtaí stáit, is fánach a bheith ag déanamh cás le daltaí scoile gur teanga bheo, nua-aimseartha í lasmuigh de gheataí na scoile.
Is Coimisinéir Teanga é Seán Ó Cuirreáin