Tá an file iomráiteach Breatnaise Ifor ap Glyn ar camchuairt filíochta in Éirinn faoi láthair.
I bpreasráiteas, dúirt an Dochtúir Máirín Nic Eoin, léachtóir i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, agus bean de na daoine atá ag eagrú na camchuairte, go raibh Ifor "ar dhuine de na filí óga is bríomhaire atá ag cumadh sa Bhreatnais faoi láthair agus tá cáil ar leith ar a chuid taibhléirithe drámatúla.
"Rinne sé a chuid filíochta a aithris os comhair 10,000 duine ag ócáid oscailte Chomhthionól na Breataine Bige sa bhliain 1999, agus bíonn sé ar an ardán go minic ag ionaid éagsúla ó cheann ceann na Breataine Bige, i Sasana agus i dtíortha eile."
Tá spéis ar leith aige in úsáid an cheoil agus físeán mar mhodhanna le filíocht na Breatnaise a chur i láthair pobail níos mó. Agus é in Éirinn, beidh ceist an aistriúcháin, ról an ealaíontóra agus tábhacht na n-ilmheán i gcomhthéacs na Breatnaise á bplé agus á léiriú aige le samplaí óna shaothar féin, a dúirt sí.
Bhain sraith dánta dá chuid Golau yn Gwyll (Solas sa Chlapsholas) mórghradam na filíochta amach ag Eisteddfod na Breataine Bige (Oireachtas na Breatnaise) agus rinneadh físeán as ina dhiaidh sin.
Mhol sí an saothar cumhachtach ilmheán seo ar thaithí Ifor mar mhúinteoir Breatnaise d'fhoghlaimeoirí fásta, agus as a thaithí freisin mar bhuanfhoghlaimeoir Gaeilge: "Fiche bliain ag foghlaim agus níl ach cúpla focal aige fós!"
Féachann sé ar mheon an phobail i dtaobh na teanga, taobh istigh agus taobh amuigh de na ceantair láidre Bhreatnaise, agus cíorann cuid mhaith de na ceisteanna céanna cultúir agus féiniúlachta a bhaineann le staid na Gaeilge mar theanga imeallaithe in Éirinn, a dúirt Nic Eoin.
Beidh Golau yn Gwyll á chur i láthair aige mar chuid dá thaibhléiriú anocht sa Seomra Caidrimh, Coláiste Phádraig, Droim Conrach, BÁC, ag 7.30 p.m.; agus amárach sa Teanglann, Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad ag 2 p.m. agus Club Sult, Castle Inn, Plás Ardeaglais Chríost, Baile Átha Cliath, ag 8.30 p.m.