Beocheist: The US push for war in Iraq is driven by a selective agenda and memory, writes Seán Ó hÉalaí
Ábhar mór dóchais an dianspéis atá á léiriú ag Uachtarán Mheiriceá i gcearta daonna mhuintir na hIaráice agus i gcur i bhfeidhm moltaí de chuid na Náisiún Aontaithe. Nach iontach an ní é go bhfuil George W. Bush chomh buartha sin faoi na moltaí céanna agus faoi chearta daonna domhanda go bhfuil sé sásta cogadh a chur ar an Iaráic, i gcead nó ar neamhchead don eagras a rinne na moltaí?
Tá Meiriceá réidh le cogadh a chur ina aonar, más gá. "Fiú in aghaidh thoil na Náisiún Aontaithe?" a deir Osama Bean Pháidín.
"Is cosúil," a deir Nílsé in Allah. "Ní fhaigheann an fear bocht néal codlata ach é ag síorsmaoineamh ar fhulaingt phobal na hIaráice faoin mbastún críochnaithe sin Saddam."
"Ach nach maródh sé na mílte den bpobal céanna, dá n-ionsódh sé an Iaráic?" a deir Odomhnaill Abu.
"Mharódh ach deir sé go mbeidh na mílte eile chun fáilte a chur roimh thrúpaí Mheiriceá," a deir Nílsé.
"Agus an rachadh sé i mbun cogaíochta fiú dá rithfeadh na Náisiúin Aontaithe rún ina aghaidh?" a deir Osama Bean Pháidín
"Ahem, bhuel, níl aon fhreagra air sin," a deir Nílsé in Allah.
Dáiríre, is annamh go bhfacthas an oiread seo díograise i gceannaireacht na Stát Aontaithe chun tacú le moltaí na Náisiún Aontaithe. Go minic, is chun veto a dhéanamh orthu a d'fhreastail Meiriceá ar chruinnithe roimhe seo.
Spreagadh mór don eagraíocht go bhfuil sirriam Tombstone taobh thiar di chun dlí agus ord idirnáisiúnta a neartú gan idirdhealú i measc thíortha an domhain. Nó an bhfuil?
Dá leanfaí leis an loighic atá ag brú Meiriceá i dtreo cogaidh, níor chóir gur i sráideanna Bhagdad a chríochnódh an díograis nua seo. Nach mbeadh sé le ciall, nuair a bheadh fadhb na hIaráice réitithe, go rachfaí trí liosta iomlán na stát atá ag diúltú géilleadh do mholtaí a ritheadh ina n-aghaidh.
Tá sé curtha i leith na hIaráice ag rialtas Mheiriceá go bhfuiltear an bailiú ábhair chun buama núicléach a dhéanamh. Ní ag cuartú ábhair atá an Phacastáin, an tInd agus Iosrael, le gan ach trí thír a lua. Tá buamaí déanta, glanta agus réidh acu.
I gcás Iosrael, tá diúltaithe aige go minic géilleadh do mholtaí na Náisiún Aontaithe, fiú nuair a bhí Meiriceá ag tacú leis na moltaí céanna.
De réir tuairisce amháin, tá 66 rún ina aghaidh ar na leabhair. An ceann deiridh, bhain sé leis an bhfiosrú faoinar tharla i gcampa na dteifeach Palaistíneach i Jenin nuair a chuaigh arm Iosrael isteach ann.
Dhiúltaigh Iosrael scun scan dó agus ní raibh Meiriceá, a rinne urraíocht ar an moladh, le ceangal faoi. Aon Ioslamach a chonaic sin ní bhainfeadh sé ach ceacht amháin as - go bhfuil dhá aicme dhaonna ann.
Má tá Meiriceá chun tacú le cearta daonna agus le saoirse phobal gan idirdhealú ar fud an domhain, cuirfidh an saol mór fáilte roimhe. Ach má bhaintear feidhm as saoirse agus cearta daonna le tacaíocht a bhailiú do chogadh príobháideach, fiú in aghaidh tíoráin cosúil le Saddam, sin rud eile.
Fógraíodh Dé Domhnaigh go raibh comhad mór faisnéise ar an Iaráic á réiteach ag an mBreatain. Ón gcur síos a bhí sa Sunday Telegraph air, is beag nua atá ann. Go simplí, cuirtear i leith Saddam go bhfuil sé ag iarraidh buama núicléach a dhéanamh agus go bhfuil stóras ceimicí agus gas nimhe aige a mharódh na mílte. An t-aon bhlúirín nuachta atá ann gur tugadh traenáil do bheirt ardbhall d'al-Qaeda san Iaráic.
BA chóir do George W. comhairle a ghlacadh faoi seo ó thriúr atá ag obair dá rialtas féin faoi láthair: Elliot Abrams, Otto Reich agus John Negroponte.
"Cé hiad sin?" a deir an Páistín Fionn.
"Ó, triúr a bhí go hard i scannal mór Iran/Contra nuair a mhaoinigh Meiriceá arm iomlán sceimlitheoirí in aghaidh rialtas Nicaragua. Maraíodh na mílte ann," a deir an Saighdiúir Tréigthe.
"Ach, nár chaill na fir seo a gcuid jabanna?" a deir an Páistín.
"Ní amháin gur chaill ach tugadh cuid díobh os comhair cúirte. Fuair siad go léir pardún uachtaránúil ó sheanGeorge Bush," a deir an Saighdiúir Tréigthe.
"Agus cén dóigh go bhfuil siad ag obair don rialtas go fóill?" a deir an Mullah Bán.
"D'fhostaigh George Óg arís iad, nach suimiúil?" a deir an Saighdiúir Tréigthe.