BEOCHEIST: LEIS NA moltaí is deireanaí ón Aire Nollaig Ó Diompsaigh faoin íos-teorainn nua ólacháin do thiománaithe, tá tairne eile curtha i gcónra an tsaoil shóisialta do chuid mhór daoine ar fud na tuaithe.
Déarfadh agus dúirt a lán gur chuma faoi sin fad is nach tairne i gcónra duine eile ar an mbóthar a bheadh i gceist. Tá sé deacair argóint a chur suas ina aghaidh sin, mar a fuair Mattie McGrath TD bocht amach lena imní faoi thiománaithe neirbhíseacha a bheadh níos suaimhní dá mbeadh braon istigh acu.
Tháinig an chonairt amach ina dhiaidh agus d’fhág siad é mar a bheadh “roadkill” ann. Tá paistí dá chuid fionnaidh á bpiocadh suas fós.
Deir an dream atá ag éileamh nach gceadófaí do thiománaithe aon deoch ar chor ar bith a ól acu go bhfuil fianaise agus figiúirí ann a léiríonn “go bhfuil contúirt níos mó ag baint le bheith ag tiomáint faoi thionchar dí, is cuma cé chomh beag, ná tiomáint gan aon alcól bheith ólta”.
Is mar sin a scríobh duine amháin i nuachtán náisiúnta mar fhreagra ar litir a bhí ag gearán go ndéanfadh cosc iomlán coirpeach as duine a d’ólfadh gloine fíona le béile agus a thiomáinfeadh abhaile ina dhiaidh sin.
An t-aon laige amháin san bpíosa a mhol cosc iomlán nár thug an comhfhreagraí an fhianaise láidir agus na figiúirí a deirtear atá ar fáil. Níl dabht ar dhuine ar bith go dtéann fiú braoinín alcóil i bhfeidhm ar an gcorp agus ar an inchinn.
Ach an mbeadh deoch amháin tar éis uair an chloig níos contúirtí ná a bheith ag tiomáint, fón póca i lámh amháin agus comhrá ar siúl? Nó an bhfuil tiomáint an mhaidin i ndiaidh oíche rua níos contúirtí ná a bheith ag tiomáint gan mhórán codlata sa lá?
Is féidir a mhaíomh go bhfuil na rudaí sin cosctha ag an dlí freisin ach cén uair ar chuala tú faoi dhuine bheith os comhair na cúirte ar na cúiseanna sin? Má bhíonn siad ann, coinnítear ina rún daingean iad cé gur féidir leat samplaí a fheiceáil gach lá.
Ní argóint í seo chun cead a gcinn a thabhairt do thiománaithe ólta ar na bóithre.
Ach is foláireamh é do na daoine a bhíonn i mbun an fheachtais chun na bóithre a dhéanamh níos sábháilte gan dul thar fóir lena mbolscaireacht ar ghné amháin den bhfadhb mar sa deireadh thiar lagódh sé sin a gcás ar fad.
Bíonn a mbrath ag daoine ar a dtaithí féin. Ní gá a rá leo go bhfuil dhá nó trí dheoch contúirteach má tá siad chun tiomáint.
Tá a fhios acu, nó an chuid is mó acu, é. Ach deoch amhain? Ní fheadar, mar a déarfadh na Muimhnigh sa bhfrása gonta taidhleoireach sin acu.
Tá lucht sábháilteachta ar bhóithre ag díriú isteach ar an ólachán le fada agus cúis acu leis. Ní féidir easaontú leis an bhfigiúr go mbaineann alcól le thart ar an gceathrú cuid de na taismí marfacha sa Stát.
Ach céard faoin trí cheathrú eile? Tá a lán fianaise ann gurb é an róluas an marfóir is mó ar an mbóthar.
An bhfuil muid chun teorainneacha luasa ar na bóithre a ísliú go dtí 10 míle san uair? Agus cad faoi na drochbhóithre casta sa Stát?
An bhfuil muid chomh buartha sin faoin scéal go bhfuil muid sásta na billiúin a chaitheamh ar an gcam a dhéanamh díreach?
Agus ó tá sé soiléir gach deireadh seachtaine go mbíonn sé de mhianach i bhfir óga bás a fháil chun a gcumas tiomána a léiriú, an mbeadh cosc ar thiomáint go dtí 30 bliain d’aois ciallmhar?
Nó más í an fhíoraidhm deireadh ar fad a chur le bás ar na bóithre, d’fhéadfaimis éirí as an tiomáint ar fad.
Is í fírinne an scéil, áfach, go mbeidh taismí bóthair, cuid acu marfach, ann go Lá an bhrátha. Bíonn a lán cúiseanna taobh thiar dóibh, drochsheans agus an mheáncóg dhaonna is mó. Tá pionós le híoc as úsáid innill chomh cumachtach leis an ngluaisteán. Ní thig linn ach gach iarracht a dhéanamh an pionós a mhaolú. Ní dócha go ndéanfaidh an t-athrú dlí an oiread sin difríochta do dhaoine faoin tuath nach gcónaíonn in aice le tábhairne.
Tá saol sóisialta na bpobal seo á chreimeadh le tamall. Leis an gcosc ar chaitheamh tobaic agus anois leis an dlí seo, is uaigneach an saol atá ag bagairt ar sheandaoine i mórán áiteanna.
Níor chóir a bheag a dhéanamh dá gcás ná drochmheas a léiriú dá n-imní, rud a tharla le linn na díospóireachta is deireanaí. Sampla eile a bhí ann den meon “I’m all right, Jack” a tháinig isteach leis an tréimhse nuair a d’éirigh muid go léir ólta ar shotal na féinsástachta.