Focloir: ainmfhocal; leabhar ata le foilsiu

Más aon chomhartha an scaifte mór a bhailigh isteach in Áras Fhoras na Gaeilge Dé Céadaoin seo caite, tá suim mhór ag pobal na…

Más aon chomhartha an scaifte mór a bhailigh isteach in Áras Fhoras na Gaeilge Dé Céadaoin seo caite, tá suim mhór ag pobal na Gaeilge san fhoclóir nua Béarla-Gaeilge atá le foilsiú ag an Fhoras, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

"An féidir é a cheannach anocht?" a d'fhiafraigh fear amháin. Ag magadh a bhí sé, dar ndóigh. Bhí an ócáid ann chun an chéad chéim den "tionscadal foclóireachta is sofaisticiúla ar domhan" - mar a thug príomhfheidhmeannach an Fhorais, Seosamh Mac Donncha, air - a sheoladh agus na daoine sin a bheidh i mbun an tionscadail a chur in aithne don phobal.

An tAire Éamon Ó Cuív a sheol é agus labhair sé faoin tsuim ar leith a bhí ag a sheanathair Éamon de Valera i bhFoclóir Béarla-Gaeilge de Bhaldraithe a foilsíodh in 1959 agus a bhí "thar a bheith nuálach ag an am".

50,000 ceannfhocal a bheidh san fhoclóir nua agus beidh sé ar fáil i bhfoirm chlóite agus leictreonach. B'údar sásaimh don Aire go mbeadh an foclóir nua bunaithe ar Bhéarla na hÉireann agus, chomh maith leis sin, go dtabharfaí aitheantas do na príomhchanúintí Gaeilge.

READ MORE

Agus, más fíor dó, beidh géarghá leis an fhoclóir céanna nuair a thiocfaidh ann don Acht Teanga ag tús na bliana seo chugainn mar go mbeidh dualgas ansin ar gach eagras stáit fógraí a eisiúint i nGaeilge agus i mBéarla.

Foclóir corpasbhunaithe a bheidh ann, is é sin, bainfear leas as corpas mór focal chun na samplaí is fearr d'úsáid focail a fháil agus le linn Chéim a hAon den tionscadal forbrófar, den chéad uair riamh, corpas de 30 milliún focal Gaeilge agus 25 milliún focal de Bhéarla na hÉireann.

Beifear ag tarraingt as foinsí atá ann cheana le haghaidh Bhéarla na Breataine agus Mheiriceá. Tá cuid mhór den chorpas Gaeilge bailithe cheana ag an Dr Eoghan Mac Aogáin, iar-Stiúrthóir ITÉ, agus ceapadh Jó Ní Dhonnchadha le déanaí le cur leis an chorpas Gaeilge agus corpas nua de Bhéarla na hÉireann a thiomsú ó théacsanna nuachtán, úrscéalta agus ó fhoinsí eile agus iad uile scríofa ag údair ó oileán na hÉireann.

Táthar ag súil go mbeidh pobal na hÉireann, na meáin agus na saineolaithe rannpháirteach i gcur le chéile an mhórchorpais trí mholtaí a dhéanamh agus trí théacs luaite i mBéarla agus i nGaeilge a mholadh.

(Is féidir eolas a fháil faoi dhul chun cinn an tionscadal foclóireachta ar an láithreán gréasáin, www.focloir.ie, atá curtha ar bun ag Foras na Gaeilge agus moltaí a dhéanamh air.)

Mí Iúil seo caite a shínigh Foras na Gaeilge an conradh leis an chomhlacht Sasanach Lexicography Master Class (LMC) chun an chéad chéim den tionscadal a chur i gcrích.

Is í Sue Atkins, duine de stiúrthóirí LMC, a bhfuil cáil domhanda uirthi mar fhoclóirí, a chuir baill eile na foirne in aithne ag an seoladh: Michael Rundell, a raibh páirt lárnach aige i ndearadh corpais Bhéarla; Adam Kilgarriff, a mbeidh an cúram air na bogearraí a bheidh in úsáid ag lucht scríofa na n-iontrálacha don fhoclóir i gCéim a Dó a dhearadh agus Valerie Grundy atá ina heagarthóir bainistíochta.

Is beag Gaeilge atá ag aon duine den cheathrar sin agus beidh siad ag brath go mór ar an saineolas atá ag an Ollamh Dónall Ó Baoill, an Príomheagarthóir Gaeilge; Breandán Ó Cróinín, an tEagarthóir Sinsireach Gaeilge; agus an Dr Eoghan Mac Aogáin, an Comhairleoir Sinsireach Teangeolaíochta, chun plean an fhoclóra a leagan amach, na ceannfhocail a roghnú agus stíl na n-iontráileacha a shocrú. Is é Seosamh Ó Murchú, Eagarthóir Sinsireach sa Ghúm a bheidh ina bhainisteoir ar an chéim seo den tionscadal don Fhoras.

Sa bhreis air sin, beidh coiste comhairleach saineolaithe Gaeilge ann a choinneoidh súil ar an obair. Fógrófar a n-ainmneacha an mhí seo chugainn.

Táthar ag súil go mbeidh Céim a hAon den tionscadal curtha i gcrích faoi Dheireadh Fómhair, 2004. Beidh comórtas oscailte ansin le haghaidh Chéim a Dó agus táthar ag súil go mbeidh an foclóir féin ar fáil in imeacht cúig bliana.

Dúirt an comhairleoir bainistíochta, Micheál Ó Gruagáin, gurbh é an chéad chéim an chuid is deacra, nach mbeadh aon stad leis an obair nuair a thosófaí ar an dara céim.

Ach tá a lán fadhbanna fós le socrú. Táthar ag caint le fada, mar shampla, ar chaighdeán nua gramadaigh a thabhairt isteach a bheadh níos comhgaraí don teanga labhartha. An mbeidh an foclóir nua bunaithe ar an seanchaighdeán nó ar chaighdeán nua? Cad iad na logainmneacha/ainmneacha dílse a bheidh ann?

Agus, ag cur san áireamh gur cheadaigh an Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas £3.1 milliún don tionscadal seo beagnach ceithre bliana ó shin agus gur thóg sé an fad sin teacht ag an phointe seo, ní bheinn ag rith amach chun cóip a ordú go fóill.