Eiseamláir eile

CROBHINGNE: “CÉN FÁTH an Rúmáin?” arsa tusa, agus múnla eile á lorg againn d’fhonn teacht slán

CROBHINGNE:"CÉN FÁTH an Rúmáin?" arsa tusa, agus múnla eile á lorg againn d'fhonn teacht slán. Nuair a fhéachaimid timpeall an domhain ag lorg méar ar eolas maidir le conas teacht aníos as an abar, bhoil, ní fhéachaimid timpeall an domhain. Féachaimid go háirithe ar thíortha na hAnglasféire mar is iad is gaire dúinn, agus is ann a rachaidh an bád bán agus an t-eitleán gasta.

Ó am go chéile déantar feacadh glúine siar ó thuaidh nó soir ó dheas le taispeáint go bhfuil airgead ramhar na gcomhairleoirí tuillte acu. Fáinne Fáil ag lorg inspioráide ó chóras toghcánaíochta na Gearmáine in ainneoin a bhfuil déanta ag a gcuid banc dúinn; agus Fine Gaol ag iarraidh córas oideachais na Fionlainne a leanúint gan na cíosa a íoc nó córas sláinte na hÍsiltíre a chlasú chugainn féin gan aon chostais bhreise.

Ach is róbheag ná go ndéarfá go bhfuil eiseamláirí is fearr ná sin laistigh den Aontas Eorpach ag soilsiú na slí. Ní shamhlaímid go bhfuil pioc le foghlaim againn ón Rúmáin ó stop Paki Bonner an speach éirce sin fadó, agus in ainneoin ár gcuid mothúchán fírinneacha ní mian le haon duine go rachadh oidhe Nicolae Ceausescu ar an gcuid is mó den rialtas reatha.

Scríobh Bram Stoker Dracula, agus d'aistrigh Aodh Ó Canainn Marin Sorescu, ach lasmuigh de sin b'fhearr linn a bheith aineolach ar an áit. Ó am go chéile tagann maothú croí orainn maidir lenár gcuid lucht siúil féin suas is anuas le giofóga na Rúmáine, ar a laghad go dtí go dtagann siad chun an dorais chugainn arís nó teach a cheannach ceithre scór míle siar an bóthar uainn.

READ MORE

Ach tharlódh an réiteach i ngeall leis a bheith ag rialtas na Rúmáine dúinn. Le déanaí thosnaigh siad ag gearradh cánacha ar chailleacha feasa agus ar dhaoine eile a thuarann an aimsir fháistineach. Roimhe seo bhí na mná feasa seo saor ó cháin ioncam, fara astralaithe, sícithe, fiaghruagaigh, lucht claíomh a shlogadh, cruiteacháin agus spéirmhná eile. B’iad san, gan amhras, lucht tógála capall na hÉireann, ealaíontóirí áirithe, caipitlithe le cuntais ar oileáin Cayman agus gach slíomadóir eile a raibh na slite sleamhaine slán ar eolas aige.

Ní hé go réiteodh cáin ar ár gcuid astralaithe féin ár gcás, ach b’é cleas iontach diamhair cliste rialtas na Rúmáine ná go ngearrfaí cáin airgid, agus b’fhéidir téarma príosúin, ar na fáithe nach dtiocfadh a dtuar faoin dtairngreacht! Is é sin, an té a dhéanfadh fáistine agus a bheadh mícheart, go n-íocfadh an duine sin go daor as.

Bhí tráth ann nuair a dhéanadh sagairt léamh ar anam an duine, b’iad ár lucht feasa iad; ach ó d’imigh an creideamh ar gcúl is iad na heacnamaithe a dhéanann léamh ar ár bpóca. Tugtar suas do na heacnamaithe gurb iad lucht feasa na linne iad, an mhuintir a thaispeánann an ród seo romhainn.

“Ní féidir rud ar bith a thuar go dtí go mbíonn sé thart,” adúirt an scríbhneoir mór Rúmáineach eile Ionescu, ach ar éigean is féidir an méid sin gaoise a cheangal le haos eacnamaíochta na tíre seo. Cuir i gcás go raibh colúnaí spóirt ann a bhí deargmhícheart gach seachtain maidir lena raibh á thuar aige; an gcuirfí aon iontaoibh feasta ann? Ní hé a dhála sin ag na heacnamaithe é, dá mhéid is a bhíonn siad bun os cionn leis an bhfírinne is ea is mó a thugtar cluas dóibh.

Táim suite deimhnitheach de go bhfeabhsódh a mbéasa dá mbeadh orthu fíneáil a fhulaingt gach aon uair gur dhein siad botún. Is ealaíonta na freagraí a tharraingíonn cailleacha feasa na Rúmáine chucu féin mar leithscéal: “ní féidir an milleán a chur orainne, is ar ár gcuid uirlisí atá an locht!”

Scoilt san liathróid chriostail, ní foláir. Samhlaím leithscéalta mar sin ag na heacnamaithe chomh maith céanna: “bhí an rialóir sin cam, bhí im ar mhéarchlár an ríomhaire, d’ith an madra na figiúir, d’fhág mé mo chóipleabhar sa bhaile.”

Is é is measa faoi seo ná go bhfuil an fháistine saor gan bhaol faoi láthair. Tá scata agam féin a fuaireas ó phúca i gcúl an ghairdín: déanfaidh an fear sa ghealach ionsaí ar an domhan an bhliain seo chugainn, fear is ea Britney Spears, tá Elvis beo, beidh Jedward fós ina n-uachtarán.

Ní mhaím go bhfíorófar aon cheann díobh agus ní chuirfinn mo charabhán orthu, ach tá oiread seans acu agus atá ag na briochta de phutóga gabhair, de chac cait, de mhéara linbh is d’olann bait atá á mbagairt ag cailleacha feasa na tíre sin mar dhíoltas ar an lucht rialaithe.

Deirtear liom go bhfuil corcán réidh ullamh i Roinn an Airgeadais agus go bhfuil státseirbhísigh amuigh ag bailiú támhchodanna cheana féin...

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar