Tá próiseas ceapacháin phríomhfheidhmeannach nua Fhoras na Gaeilge ina bhrachán. Reáchtáil an Foras cruinniú boird an Luan seo caite i nGaoth Dobhair, Co Dhún na nGall. Bhí feidhmeannach sinsearach de chuid an eagrais sin le fógairt mar cheannaire nua.
Tháinig sé chun solais le linn an chruinniú boird, ámh, go raibh cás cúirte tógtha ag iarrthóir amháin nár glaodh chun agallaimh. Creidtear gur ochtar a bhí ar an ghearrliosta agus is eol gur triúr a cuireadh faoi agallamh. (Mar chúirtéis, níl rún ag an cholún seo na hainmneacha a chur i gcló.)
Le cois an té atá ag tógáil cás cúirte, tuigtear don cholún seo go bhfuil beirt iarrthóirí eile nach bhfuair agallamh i ndiaidh scríobh go PricewaterhouseCoopers, a bhí i mbun an phróiseas earcaíochta, agus iad ar lorg míniú ar an chúis nach bhfuair siad agallamh.
Vótáil comhalta amháin de chuid an bhoird, Caitríona Ní Cheallaigh, in éadan an phróiseas ceapacháin a chríochnú agus cás dlí ar siúl. Ní raibh sí ag cur in éadan an té a bhí luaite leis an phost ach ar son ligean don phróiseas dlí teacht chun críche sula bhfógrófaí ainm an phríomhfheidhmeannaigh. Staon comhalta eile ó vótáil ach thacaigh an chuid eile de na comhaltaí a bhí i láthair leis an cheapachán a dheimhniú. D'ainneoin sin, níor tháinig ráiteas ar bith oifigiúil ón Fhoras ó shin le rá cé a fuair an post.
Is é an cás dlí an t-aon chloch atá ar phaidrín an Fhorais faoi láthair. D'eisigh siad ráitas maidin Dé Luain na seachtaine seo, á rá: "Lean Foras na Gaeilge próiseas ceapacháin cothrom, cóir agus iomlán soiléir ó thús deireadh, ar bhealach a bhí ríchúramach. Bhí an próiseas bunaithe ar an dea-chleachtas is fearr atá ar fáil agus é faoi stiúir PwC, ceann de na comhlachtaí is mó ar domhain a bhíonn ag gabháil don earcaíocht. Táthar ag fanacht ar an rogha a rinne an bord a bheith faofa leis an gComhairle Aireachta Thuaidh/Theas."
Thairis sin, ní raibh an Foras sásta aon ghné eile d'imeachtaí na seachtaine seo caite a phlé leis an cholún seo.
Tá roinnt ábhar imní ag an Fhoras. Baineann an chéad cheann leis an chás dlí agus na ceisteanna a chuirfear faoin phróiseas earcaíochta ar ball.
Lena chois sin, tá lucht teanga san earnáil dheonach ag cur ceisteanna fosta. An ceann is minice a chluintear: cén fáth nár glaodh ach triúr chun agallaimh? Is é post phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge an post is céimiúla i saol na Gaeilge. Shílfeá go dtuillfeadh níos mó ná triúr agallamh faoina choinne.
B'as an Tuaisceart beirt a cuireadh faoi agallamh agus as an Deisceart duine amháin acu. Mar a tharla, ámh, ba mhó duine a bhí ar an ghearrliosta ón Phoblacht ach ba lú seans acu agallamh a fháil - cé go bhfuil níos mó eagras Gaeilge sa Stát ná sa Tuaisceart.
Tá éagumas an Fhorais bainisitiú a dhéanamh ar a gcúrsaí féin ag cur leis an ghéarchéim. Easaontú inmheánach a bhí ann lá amháin; iaróg uile-Éireann a bhí ann an lá ina dhiaidh sin agus tuairiscí nuachta, raidió agus teilifíse ag cur síos ar a gcuid trioblóidí.
Ní fhreagraíonn ráiteas gonta an Fhorais na ceisteanna atá anois ann. B'fhéidir go bhfuil PwC (PricewaterhouseCoopers) ar cheann "de na comhlachtaí is mó ar domhain a bhíonn ag gabháil don earcaíocht" ach rinne siad praiseach d'earcú an iar-phríomhfheidhmeannaigh, Seosamh Mac Donncha, blianta beaga ó shin.
Chuir siad litir tairisceana chuig duine a raibh an t-ainm céanna air ach nár chuir isteach ar an phost ar chor ar bith. Botún dochreidte a bhí ann agus is é an t-iontas é go bhfuil PwC fós ag feidhmiú thar ceann an Fhorais.
Ba léir fosta ar ráitis phoiblí Uí Mháirtín go raibh cúrsaí ag imeacht ó smacht beagnach chomh luath agus a chríochnaigh an cruinniú boird. D'fhógair sí ag tús na seachtaine go raibh an ceapachán déanta d'aon ghuth; go raibh sé le fógairt roimh dheireadh an lae ach thug sí le fios ina dhiaidh sin go ndéanfaí an fhógairt in am cuí. Mar a dúradh cheana, níor fógraíodh go fóill é agus níl an Foras ag rá cá huair a fhógrófar.
D'imigh an scéal in olcas arís eile nuair a thug Caitríona Ní Cheallaigh a léamh féin ar an chruinniú boird agus í faoi agallamh ar Nuacht TG4 an tseachtain seo caite. Dúirt sí leis an cholún seo go raibh "míshástacht i leith an phróisis" ann.
Dúirt comhalta eile, Pádraig Ó Duibhir, leis an cholún seo gur thacaigh sé go hiomlán lena raibh le rá ag an Cheallach ar TG4 agus nach ndearnadh an ceapachán d'aon ghuth.
Tá cor eile sa scéal sa mhéid is gur scríobh Ó Duibhir chun an Roinn Gnóithe Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. Cé gur bhain a litir le cúrsaí Forais, níor bhain sí leis an phróiseas ceapacháin, a dúirt sé.
Dhiúltaigh sé a rá cad é a bhí scríofa aige mar go raibh sé ag fanacht le freagra ón Roinn. Dúirt urlabhraí thar ceann na Roinne: "Tá litir faighte ag an Roinn agus táimid ag cur freagra le chéile faoi láthair."
An dea-chomhartha é go bhfuil comhalta de chuid an Fhorais ag scríobh ar bhonn príobháideach chun na Roinne faoi chúrsaí inmheánacha a eagrais? Cén freagra a thabharfaidh an Roinn ar Ó Duibhir agus an mbeidh Ó Duibhir nó lucht an Fhorais sásta leis?
Tá muintir Chearnóg Mhuirfean breá cleachtaithe le cáineadh faoin am seo ach sáraíonn imeachtaí na seachtaine seo caite gach ar tharla san áit go dtí seo.
Cén fáth go mbeifeá imníoch faoin scéal seo? Is é Foras na Gaeilge an t-eagras teanga is saibhre in Éirinn, eagras a bhfuil na milliúin euro faoina gcúram acu. Feidhmíonn an Foras ar fud an oileáin agus cumas iontu tionchar a imirt ar chúrsaí teanga dá réir sin.
Tá dochar déanta d'íomhá an eagrais (arís!) agus, níos measa fós, tá éifeacht an eagrais á ceistiú (arís!). Mura dtig leo príomhfheidhmeannach a cheapadh gan iaróg ar an dara hiarraidh, cén dóchas atá ann go n-éireoidh leo pleananna níos uaillmhianaí a chur i gcrích?
Theip ar an Fhoras (arís!) próiseas leochaileach a choinneáil rúnda. Tá ainmneacha na ndaoine a cuireadh faoi agallamh agus ainmneacha na ndaoine nár glaodh chun agallaimh ar eolas go forleathan in earnáil na teanga. Cén chuid de "dhea-chleachtas" a bhaineann leis sin?
Tá a fhios ag fostaithe agus ag fostóirí na n-iarrthóirí go raibh siad ar lorg an phoist, ábhar aiféaltais ann féin é sin ach is é an donas é go laghdaíonn sin a gceannaireacht taobh istigh dá gcuid eagras.
Agus é ag cur beirt stiúrthóirí nua de chuid an Fhorais i láthair an phobail sa bhliain 2002, dúirt an t-iar-phríomhfheidhmeannach, Seosamh Mac Donncha: "Níor theastaigh uainn sorcas bheith againn arís."
Ba ag tagairt don chorraíl a bhain lena cheapachán féin roinnt míonna roimhe sin a bhí sé.
Bhuel, tá an sorcas ar ais.