De Gaulle i measc na nGael

BEOCHEIST: TÁ CUIMHIN agam ar chailín óg deich mbliana d’aois, í gealgháireach agus gruaig fhada uirthi.

BEOCHEIST:TÁ CUIMHIN agam ar chailín óg deich mbliana d'aois, í gealgháireach agus gruaig fhada uirthi.

Bhí an múinteoir ranga tar éis a fhógairt go mbeadh céilí gléasta ann sa bhunscoil ar a raibh sí ag freastal, Scoil Mhuire ar Shráid Mhaoilbhríde i gcroílár Bhaile Átha Cliath.

Chuirfeadh sí iallach ar an deartháir is sine aici gléasadh suas agus í a thionlacan chuig an ócáid. Mí na Samhna 1970 a bhí ann agus bhí iar-uachtarán na Fraince tar éis bás a fháil.

“Je m’appelle Charles de Gaulle,” a dúirt an deartháir go sollúnta nuair a bhí air é féin agus a dheirfiúr a chur in aithne do na moltóirí an tráthnóna sin. “Et voici ma femme, Yvonne.”

READ MORE

I mí na Bealtaine 1969, chaith de Gaulle agus a bhean chéile mí ar saoire in iardheisceart agus in iarthar na hÉireann.

Ba de shliocht Éireannach é de Gaulle ar thaobh a mháthar; ba í Marie Angélique MacCartan a shin-sheanmháthair.

Agus mhaígh de Gaulle gur scríobh a sheanmháthair, Julia-Marie Delannoy, beathaisnéis Dhónaill Uí Chonaill.

Ach ní toisc go raibh gaolta aige sa tír an t-aon chúis amháin ar shocraigh de Gaulle teacht go hÉirinn an tráth sin ag deireadh na 1960í. In aois a ocht mbliana déag agus trí scór, bhí an fear in ísle brí.

Theastaigh uaidh an Fhrainc, agus an chorraíl pholaitiúil ina raibh an tír gafa, a fhágáil scaitheamh agus dídean a lorg in áit a mbeadh suaimhneas aige, i bhfad ó thuairisceoirí nuachtáin, raidió agus teilifíse a thíre féin. Bhí Aire Gnóthaí Eachtracha na hÉireann, Frank Aitken, in aerfort Chorcaí chun bualadh le de Gaulle.

“Fáilte romhat abhaile,” a dúirt Aitken leis.

Léiríonn suirbhé a d’fhoilsigh TNS Sofres/France 3 le deireanas go gceapann 70 faoin gcéad de mhuintir na Fraince gurb é an Ginearál de Gaulle an té is tábhachtaí riamh i stair na Fraince, i bhfad chun tosaigh ar leithéidí Napoléon, Charlemagne, Louis XIV nó Jean Jaurès.

Sa chéad áit, is é de Gaulle a dhiúltaigh géilleadh d’fhórsaí míleata na Gearmáine i Meitheamh 1940 agus a ghlaoigh ar na Francaigh tús a chur le slógadh a chuirfeadh an ruaig ar an namhaid.

“Má tá cath caillte ag an bhFrainc inniu,” a dúirt de Gaulle, “níl an cogadh caillte aici.” Ceithre bliana ina dhiaidh sin agus é ag labhairt leis an slua daoine bailithe os comhair an Hôtel de Ville i bPáras tar éis d’airm na gComhghuaillithe seilbh a ghlacadh ar an gcathair, dúirt sé: Páras. Páras maslaithe. Páras scriosta. Páras céasta. Ach Páras fuascailte!

Lena chois sin, is é de Gaulle a thug seasamh athuair don Fhrainc i measc mhórchumhachtaí an domhain sa tréimhse iarchogaidh. Chruthaigh sé institiúidí nua stáit nuair a bhunaigh sé an Cúigiú Poblacht ag deireadh na 1950í, institiúidí a thug socracht pholaitiúil don tír.

Agus de bharr infheistíocht stáit i dteicneolaíocht an eolais, sa tionscal cruach agus sa spástaiscéalaíocht, cuireadh borradh faoi gheilleagar na Fraince agus tháinig méadú trí mhilliún duine ar dhaonra na tíre sa tréimhse 1962-69.

Ba iad eachtraí mhí na Bealtaine 1968 a chuir deireadh le ré de Gaulle sa Fhrainc.

Nuair a theip ar an reifreann a eagraíodh i mí Aibreáin na bliana dár gcionn chun an córas polaitiúil a leasú faoi mar a bhí molta aige, d’éirigh sé as oifig láithreach.

Chuaigh sé abhaile go Colombey-les-Deux-Églises, áit ar chaith an chuid eile dá shaol – seachas an chuairt a thug sé ar Éirinn i 1969 agus ar an Spáinn i 1970 – ag obair ar a chuimhní cinn, Mémoires d’espoir.

Is in óstlann gar don tSnaidhm, Co Chiarraí, an Heron’s Cove, agus sa Cashel House Hotel i gConamara a chaith de Gaulle agus a bhean chéile, Yvonne, formhór a gcuid ama agus iad in Éirinn.

In oirthear na tíre dóibh, thugadar cuairt ar Ghleann Dá Loch.

Agus is in Ambasáid na Fraince ar Bhóthar Ailesbury i mBaile Átha Cliath a chaitheadar an 18ú Meitheamh, an lá ar ghlaoigh de Gaulle ar mhuintir na Fraince bailiú thart air agus cur i gcoinne réimeas Vichy naoi mbliana is fiche roimhe sin.

“Ag an uair chinniúnach seo sa saol fada atá caite agam,” a dúirt sé nuair a bhuail sé le hÉamon de Valera in Áras an Uachtaráin, “is anseo (in Éirinn) a d’éirigh liom teacht ar an ní sin a bhí á lorg agam, is é sin iniúchadh a dhéanamh ar mo shaol agus ar a bhfuil bainte amach agam.”

Arbh aon ionadh é gur lig an cailín óg agus a deartháir orthu dhá scór bliain ó shin gurbh iad Monsieur agus Madame de Gaulle iad?