TUARASCÁIL:DEACAIR A shamhlú go mbíonn trácht riamh ar an bhFreaslainn in Éirinn. Nuair a luadh liom dhá bhliain ó shin ag an gcomhdháil dheireanach d'fhoclóirithe na hEorpa i mBarcelona na Spáinne gur san Fhreaslainn a bheadh an tionól i mbliana, bhíos ag cur ceiste orm féin cá háit a bhí i gceist acu. Ar ndóigh, d'aimsíos mo léarscáil agus thuigeas tar éis tamaill gur i dtuaisceart na hOllainne atá an Fhreaslainn, cúige le teanga dá cuid féin.
Ní gá ach breathnú ar bhuaicphointí déanacha na foclóireachta sa phríomhchathair, Leeuwarden, le tuiscint gur loighciúil an ní do chumann Eorpach na foclóireachta, Euralex, a gcomhdháil a chur ar bun inti.
Is nós leis an gcumann, idir lucht léinn, dhéantóirí foclóra, fhoilsitheoirí agus iad siúd a chuireann spéis san fhoclóireacht mar ghairm agus/nó mar eolaíocht, bailiú le chéile gach dara bliain.
Déantar trácht ar na modhanna is nuaí le foclóir a chruthú agus a fhoilsiú, ar dhul chun cinn i scileanna agus tuiscintí ríomhfhoclóireachta agus i gcoincheapa acadúla. Tugtar deis do thaighdeoirí a gcuid páipéar a chur chun tosaigh ag fóram idirnáisiúnta i Leeuwarden, baile beag, abhainn agus canálacha ina lár. Bhí breis is 200 duine i láthair don tseachtain iomlán agus iad ag roinnt a gcuid ama idir léachtaí agus imeachtaí gaolmhara.
Mionteanga réigiúnach atá san Fhreaslainnis ach éagsúil ón nGaeilge in Éirinn tá foclóir aonteangach dá gcuid féin acu: Wurdboek fan de Fryske taal(WFT). Níl oidhreacht shaibhir sa scríbhneoireacht ag na Freaslannaigh – cloistear an teanga sula bhfeictear í. Tá codanna áirithe de ó thuaidh taobh leis an Danmhairg, agus codanna eile sa Ghearmáin, ach is san Ollainn go príomha a aimsítear í.
Tosaíodh ar an bhfoclóireacht reatha san Fhreaslainnis i lár an 19ú haois. Bhailigh an tOir Joast Hiddes Halbertsma, teangeolaí agus scríbhneoir an-chuid foinsí teangeolaíochta mar thúsphointe. Rinne sé cur síos ar fhocail Fhreaslannacha in Ollannais agus sa Laidin. Bhí méid áirithe curtha i gcrích aige nuair a bhásaigh sé sa bhliain 1872, agus d’fhoilsigh a mhac an chuid sin Lexicon Frisicum (A – Feer) tar éis a bháis.
Toisc nach raibh meas ar an bhFreaslainnis an uair sin mar theanga oifigiúil, cinneadh in 1879 foclóir nua a thiomsú bunaithe ar an Ollannais ach sa bhliain 1896 cuireadh tús leis an Friesch Woordenboek(Foclóir na Freaslainnise) i dtrí imleabhar 1900, 1903, 1911. Is suimiúil an ní cuimhneamh ar na hiarrachtaí a bhí ar siúl in Éirinn áiseanna foclóireachta don phleanáil teanga a chruthú, agus as sin gur thiomsaigh Edmund Fournier Foclóir Béarla-Gaeilge: An English-Irish Dictionary and Phrase Book (1903) agus an tAthair Pádraig Ó Duinnín Foclóir Gaedhilge agus Béarla (1904) le tacú leis an athbheochan.
Nuair a bunaíodh Acadamh na Freaslainne 1938 (Fryske Akedemy), cuireadh tús geall le bheith láithreach le WFT, agus fuaireadar cabhair ar leith ó Ollscoil Groningen chun an t-ábhar a bhí le tiomsú a roinnt amach. Ghlac an tAcadamh cúram den Nua-Fhreaslainnis (ó 1800 go dtí an lá atá inniu ann) agus bhí Ollscoil Gronigen de chúram a dhéanamh den tSean-Fhreaslainnis (1300 -1550), agus den Mheán-Fheaslainnis (1550-1800). Aithnítear an deighilt i dtréimhsí ama sa teanga atá comhfhreagach le tréimhsí éagsúla na Gaeilge a bheag nó a mhór.
Bhí na cártaí innéacsúla leagtha amach ag an Ollscoil i nGroningen nuair a cinneadh gan dul ar aghaidh leis an gcuid sin den tionscnamh. Foclóir den teanga chomhaimseartha amháin a bheadh ann.
Ba sa bhliain 1984 nuair a tháinig an chéad imleabhar amach: 46 bliain a thóg sé sin. Leis an tslat tomhais sin, is loighciúil é go dtógfaidh sé tamall eile ar fhoireann FNG: Foclóir Stairiúil na Nua-Ghaeilge in Acadamh Ríoga na hÉireann na codanna críochnúla den fhoclóir sin a chur ar fáil: tá siad 34 bliain istigh sa tionscnamh.
Bhí ceist eile sa fhreagairt maidir leis an meititheanga a bhí le húsáid san fhoclóir féin – Ollainnis nó Freaslannais. Sa bhliain 1960, cinneadh dul leis an mórtheanga, bíodh easaontas áirithe faoin gcinneadh sin. Toisc nach bhfuil an oiread sin scríofa sa teanga thar na blianta, agus gur sa chaint níos mó a úsáidtear an teanga, bhí deacrachtaí ag an teanga stádas a bhaint amach i dtuiscintí áirithe.
D’athraigh an tAcadamh an cinneadh sa bhliain 1982 ach ar deireadh, chuir Aire Oideachais na hOllainne an plean nua sin ar neamhní. Mar sin, níl conspóidí tosaíochtaí teanga teoranta don Ghaeilge amháin.
Mar a bhí ag Euralex i gcónaí (27 bliain ón uair a reachtáladh an chéad chomhdháil), ag dul siar leis an nasc a bhí ag an Ollamh Tomás de Bhaldraithe i gcéadbhunú an chumainn, bhí rannpháirtíocht Éireannach i láthair. Dáréag in iomlán.
Luaigh ionadaí amháin go samhlófá uaireanta gur “superpower” na foclóireachta a bhí ionainn in Éirinn leis an ionadaíocht a bhí ann, ach gur trua é nach raibh foclóirí á dtiomsú againn dáiríre le fada!
Léirigh Foireann na dTionscadal Taighde ó Fhiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath an obair cheannródaíoch atá ar siúl acu go leanúnach faoi stiúir an Dr Caoilfhionn Nic Pháidín freastal ar sheachadadh na nuathéarmaíochta go héasca don phobal tríd an suíomh www.focal.ie. Ar ndóigh, is leis an gCoiste Téarmaíochta na téarmaí agus cuireann Foras na Gaeilge maoiniú fial ar fáil. 760,690 cuardach a bhí ar an suíomh mí Bealtaine seo caite.
Ach níos spéisiúla ná sin ná aschur nua a fógraíodh ag an gcomhdháil, a bheidh ar fáil go forleathan ach a d’eascair as tionscnamh Éireannach, agus ar cheart foilsiú na foclóireachta i mBéarla sa ghearr/meántéarma a éascú go mór ó thaobh na déantúsaíochta de: DANTE.
Ní hé an scríbhneoir Iodálach atá i gceist ach bunachar léacsach nó foclóireachta do theanga an Bhéarla atá ann. Cuireann sé taifead ar fáil den tslí a fheidhmíonn breis agus 42,000 ceannfhocal agus 23,000 nathanna ilfhoclacha, le 27,000 frása ina measc.
Faoi láthair, is féidir teacht air, ar líne, agus taobh amuigh den úsáid thaighde, déanfar é a dhíol le foilsitheoirí gairmiúla de réir ceadúnais.
Tá cúrsaí ag druidim sa treo ceart in Éirinn le soláthar a dhéanamh ar acmhainní foclóireachta atá suas chun dáta – ach tá píosa le dul againn.
Is deas é spreagadh a fháil ón staidéar agus ó thionscadail na foclóireachta i mionteangacha eile.
Léiríodh arís san Fhreaslainn an tsainthraenáil atá ag cuid mhaith de speisialtóirí foclóireachta na hEorpa. Chun dul chun cinn na Gaeilge a fhorbairt ar aon dul leis an bhFreaslainnis, beidh gá le hoiliúint tríú agus ceathrú leibhéal foclóireachta ar aon dul lenár gcomhleacaithe Eorpacha.
Lón spreagúil Freaslannach intinne is cinnte don té ar spéis leis/léi brí focail.
- Is léachtóir ollscoile agus scríbhneoir é Liam Mac Amhlaigh
aschurfeedback – ceannródaíochpioneering – cinneadhdecision – deighiltdivision – easaontasdisagreement – forbairtdevelopment – léachtlecture – léarscáilmap – nasclink – réigiúnachregional – spreagúilencouraging – stádasstatus – tosaíochtpriority – teangeolaílinguist – tionólgathering