Crústa caol

CROBHINGNE: NUAIR A cheapamar go raibh sé imithe glan as an saol agus gan filleadh i ndán dó is amhlaidh go gcuireann sé leabhar…

CROBHINGNE:NUAIR A cheapamar go raibh sé imithe glan as an saol agus gan filleadh i ndán dó is amhlaidh go gcuireann sé leabhar leithscéalach amach agus feicimid a phus arís ag glinniúint orainn as na leathanaigh.

Bíodh is gur dócha nár léigh sé riamh mórán leabhar, seachas b'fhéidir, The Pet Goat, agus theip air é sin a chríochnú, fós féin d'éirigh leis, nó le ríomhaire, nach mór 500 leathanach de théacs a sholáthar. Táim á fhógairt anois dom chairde go léir nach bhfuil Decision Points George W. Bush ag teastáil uaim mar bhronntanas Nollag.

Tá admháil amháin aige ann, áfach, ar cheart go gcuirfeadh sé dinglis amh trí cholainn an té a bhfuil croí chomh fuar le leite an lae inné aige. Is é sin, gur cheadaigh sé céasadh príosúnach, agus gur chosain sé mar ghníomh polasaí é. Bhí a fhios againn go raibh bithiúntaíocht bharbartha ar siúl ag an rialtas aige, gan amhras, ach is í an admháil oscailte is barr spéise dúinn.

Thóg sé na mílte bliain ar phobail a raibh éileamh éigin acu ar theideal na daonnachta géilleadh go raibh an sclábhaíocht agus pionós an bháis agus céasadh príosúnach éagórach. Ba ghá argóintíocht áirithe a tharraingt chugat chun a áiteamh go raibh an sclábhaíocht agus pionós an bháis in éadan an chirt, ach níor ghá ach do chluasa a bheith agat chun an céasadh a dhamnú.

READ MORE

Ba scanrúla fós an éascaíocht lenar ghlac aos intleachtúil na Stát Aontaithe agus go leor eile in Iarthar Domhain leis an gcéasadh céanna. B’in 300 bliain agus tuilleadh de reachtaíocht ar son chearta an duine scuabtha isteach sa bhuicéad dramhaíola in aon phlab amháin. Go tobann, bhí an ceart ar fad ag Ionchoisne na Spáinne, ag Torquemada, ag Vlad Drakul, ag Thomas Cromwell, ag Josef Mengele, ag Lavrenty Beria...

Go tobann, tá sé ceart go leor daoine a chur ar an raca chun iad a fhadú, agus níl san scriú ordóige ach áis eile chun cainte, agus an beiriú craiceann, agus an dalladh solais, agus an dí-iongnú, agus an béile francach, agus an strácáil cíle, agus an strappado tarr in airde, agus gáire Ghlaschú, agus an caipín pice, agus an briseadh cnámh, agus an chúbláil colainne, agus meilt an mhuiníl, agus an bró ar bolg, agus an sá scornaí, agus an casadh scroige, agus an róstadh coise agus nithe nár smaoinigh Hannibal Léachtóir féin riamh orthu.

B’é Dostoievski a chuir an chéist, dá bhféadfaí an domhan go léir a shlánú agus ár gcuid fadhbanna ar fad a réiteach trí chailín óg soineanta neamhurchóideach a chur trí phianta na páise agus trí chéasadh colainne, an mbeadh sé inchosanta a leithéid a dhéanamh? Ceist gan dealramh, adéarfá, ach ceist a nochtann cnó na cúise maidir leis an gcéasadh céanna.

Músclaíonn admháil Bush an fhiafraí ionainn an bhfuil dul chun cinn ar bith déanta maidir le cearta daonna nuair is féidir glacadh le cleachtadh chomh barbartha le céasadh chomh réidhchúiseach sin gan crá coinsiasa ar bith? B’fhéidir go raibh riamh amhlaidh. Níor léir do Tacitus go raibh aon ní bunoscionn le fianaise a bhainfí le héigean coirp ó sclábhaí; in ainneoin marmar a chuid próis, áfach, tuigeadh do Cicero nárbh fhéidir go raibh sé ceart duine a chur trí arraingeacha na péine. Thuig Montaigne an rud céanna, agus Montesquieu agus Voltaire, ach ní móide gur chuala Bush ná Cheney riamh teacht tharstu siúd, ach oiread leis na hainmhithe a chuir siad i gceannas ar Abu Ghraib ná ar phríosún Guantanamo.

Scríobh Jean Améry a tháinig slán as Auschwitz nach raibh droichead ar bith idir an céastúnach agus an duine céasta, ná go deimhin, idir an té a chosnaíonn é agus an té a shéanann. Dúirt sé gur leor casadh beag amháin d’uirlis bheag amháin le muicín screadach a dhéanamh de dhuine a bhfuil fealsúnacht an tsaoil agus grásta na cruinne agus seacht siansa ceoil na bhflaitheas á n-iompar ina chloigeann aige. Duine ar bith a ghabh trí chéasadh ní bhaineann sé leis an saol seo níos mó. An iontaoibh sin a d’imigh leis an gcéad bhuille, ní fhilleann choíche nuair atá an buille déanach buailte. Cuireann deireadh le domhan a raibh dé an dóchais ann. As sin amach, níl fágtha ach mothú na heagla, agus dúil san díoltas.

Ní tír iasachta í an aimsir chaite mar b’ann do dhaoine a bhí in ann an deighilt a dhéanamh idir ceart agus éigeart, toisc go raibh go díreach cluasa acu, nó neachtar acu, coinsias. Dealraíonn nár chuimil coinsias olc ná maith le cloigeann chéastúnaigh riamh, ná an té a thug cead ciapaithe dóibh. Is slímseang í screamh na sibhialtachta, an crústa caol daonnachta sin a ceannaíodh go daor. Cosnaítear é.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar