BEOCHEIST:TUGTAR AN "sos geimhridh" air sa Fhrainc, is é sin an tréimhse idir an chéad lá Samhain agus 15ú Márta. De réir an dlí, ní ceadmhach duine a dhíbirt as a theach cónaithe le linn na tréimhse sin ar eagla go bhfágfaí gan dídean é agus drochaimsir ann.
Sa chás go dtiteann an teocht faoi bhun an reophointe, bíonn cumhachtaí speisialta ag an údarás áitiúil éileamh a dhéanamh chun go n-osclófar hallaí spóirt nó stáisiúin metro, áit a mbeidh leaba don oíche agus greim le hithe ar fáil ag an duine ar gá dó codladh go hiondúil ar an tsráid.
Os cionn 270 duine a fuair bás sa tsráid ó thús na bliana 2010, dar leis an eagraíocht Morts dans la rue, agus tuigtear go bhféadfadh suas le 100,000 duine a bheith gan dídean sa tír ar fad. SDF a thugtar orthu, sans domicile fixe nó daoine gan aon áit sheasta chónaithe.
Agus fuacht feanntach geallta don tréimhse atá romhainn, d’fhógair an t-aire stáit um chóiríocht i rialtas François Fillon ag deireadh mhí na Samhna go mbeidh 113,000 leaba éigeandála ann i mbrúnna oíche an geimhreadh seo, 20,000 leaba sa bhreis ar an mbliain 2007. Áirítear os cionn 8,000 leaba éigeandála i mórcheantar Pháras amháin.
Is ar an gcéad lá Feabhra 1954 a rinne an Abbé Pierre caint ar Radio Luxembourg a tharraing aird an phobail ar ghéarchéim na cóiríochta san ardchathair. Geimhreadh crua a bhí ann.
Bhí an chathair faoi bhrat sneachta agus bhí cuid mhór d’aibhneacha na tíre reoite.
“A chairde,” a dúirt sé, “tá cabhair ag teastáil. Tá bean tar éis bás a fháil den fhuacht ag a trí a chlog maidin inniu ar an Boulevard Sébastapol. Ina láimh bhí litir a thug le fios di go raibh sí le díbirt ó mhaidin inné as a teach cónaithe. Gach oíche, bíonn os cionn 2,000 acu cuachta faoi bhrat seaca gan dídean, gan dada le hithe... Cabhraigh liom cabhrú leo!”
Sa tuarascáil bhliantúil a d’fhoilsigh an Fondation Abbé Pierre an mhí seo caite (L’État du mal-logement en France, Samhain 2010), tugtar le fios go bhfuil níos mó ná 3.5 milliún duine ina gcónaí i ndroch-chóiríocht faoi láthair sa Fhrainc, ina measc 1.3 milliún duine nach bhfuil uisce reatha nó teas acu agus atá ina gcónaí i seantithe tréigthe, i bhfeithiclí (carranna agus leoraithe), i siléir, i stáblaí capall nó i bpubaill.
Is daoine dífhostaithe iad, go háirithe daoine óga idir 15-24 bliain, agus daoine idirscartha is mó a bhíonn buailte ag fadhb na droch-chóiríochta.
De réir na tuarascála, tuigtear go bhfuil riaráistí cíosa ar os cionn 500,000 teaghlach agus go mbeidh 100,000 teaghlach faoi bhagairt díbeartha nuair a thiocfaidh deireadh leis an sos geimhridh i mí an Mhárta seo chugainn.
Tá méadú de 23 faoin gcéad tagtha ar an meánchostas cíosa ón bhliain 2002, méadú atá níos airde ná an meánráta boilscithe sa tréimhse chéanna, ar an ábhar simplí go bhfuil ganntanas tithíochta ar an margadh.
Anuas air sin, tá 600,000 páiste faoi mhíbhuntáiste de bharr na droch-chóiríochta dar leis an tuarascáil. Is minic a bhíonn na páistí breoite toisc go mbíonn a n-áit chónaithe mífholláin (taise, easpa spáis) agus bíonn a gcuid scolaíochta thíos leis dá bharr.
Is beag freagra atá ag lucht polaitiúil ar an gceist ach an tuairim gur cheart go mbeadh an margadh in ann freastal ar an éileamh ar thithe. Ach ní dhearna an margadh riamh freastal ceart ar an éileamh agus an toradh sin le feiceáil go soiléir timpeall orainn.
“Dá mbrisfeadh cogadh amach amárach,” a dúirt an Abbé Pierre agus é faoi agallamh sa bhliain 1957, “is cinnte go gcuirfí ar fáil taobh istigh de cheithre huaire is fiche na monarchana, na hoibrithe, an saineolas agus an t-airgead a bheadh ag teastáil! Cén fáth, mar sin, go ndeirtear linn go bhfuil constaicí dosháraithe ann chun tithe a thógáil do thuismitheoirí agus dá gcuid páistí? Níl sé fíor. Níl ann ach bréag.”
Tá tús curtha ag an Fondation Abbé Pierre le feachtas “cárta dearg” chun an pobal sa Fhrainc a chur ar an eolas faoin ghéarchéim tithíochta agus easpa dídine atá sa tír. I ngearrthóg físe (http://www.carton-rouge.fr/), is gníomhaire eastáit é Eric Cantona agus árasán suarach brocach á thaispeáint aige d’ábhar cliaint. Is léir an drochbhail atá ar an áit, an seomra codlata salach, cairtchlár ar na fuinneoga. “Tógfaidh tú é mar sin,” a deir Cantona go bagrach.
Cuirtear i gcuimhne dúinn gur beag rogha eile a bhíonn ag 3.5 milliún duine sa Fhrainc ach cónaí i ndroch-chóiríocht sa lá atá inniu ann.