Tá an t-eagras teanga, Pobal, i mBéal Feirste ag iarraidh ar rialtas na Breataine a gcuid dualgas faoin Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh a shoiléiriú agus treoir a thabhairt do ranna stáit chun í a chur i bhfeidhm go héifeachtach.
Seolfaidh an t-eagras tuairisc ar a bhfuil déanta ag rialtas na Breataine i leith na cairte amárach.
Dúirt Comhordaitheoir Straitéiseach Phobal, Marcas Mac Ruairí, go raibh go leor bainte amach ó rialtas na Breataine agus go raibh siad thar a bheith sásta leis sin. Bíodh sin mar atá, bhí cuid mhór rudaí eile le déanamh. Ba thábhachtach le Pobal go gcuirfeadh rialtas na Breataine Cuid a Trí den chairt i bhfeidhm mar ábhar práinne.
Leagann Cuid a Trí amach go cruinn cad é a dhéanfaidh gach aon rialtas a shíníonn an chairt. Tá 68 mír ar fad sa chuid sin den reachtaíocht ina ngeallann rialtas níthe áirithe a dhéanamh le cás teanga a láidriú agus a húsáid sa saol poiblí agus príobháideach a éascú.
Roghnaigh rialtas na Breataine 36 mír i gcás na Gaeilge i dTuaisceart Éireann; 38 mír do Ghàidhlig na hAlban agus 52 mír don Bhreatnais. Dúirt Mac Ruairí go raibh an "méid is lú" míreanna roghnaithe don Tuaisceart agus nach raibh an méid sin féin curtha i gcrích i gceart.
I gcás Thuaisceart Éireann de, gheall rialtas na Breataine cearta comhfhreagrais i nGaeilge le háisíneachtaí stáit; an Ghaeilge a chur ar fáil mar ábhar oideachais do dhaoine fásta agus aitheantas a thabhairt do logainmneacha Gaeilge, mar shampla.
Dúirt Mac Ruairí go raibh na míreanna á gcur i bhfeidhm go pointe ach go raibh cuid de na háisíneachtaí stáit níos fearr ná a chéile: "Cúig bliana ó daingníodh an chairt, tá go fóill easpa dáiríreachta, easpa eolais agus easpa gluaiseachta chun tosaigh ann. Tá muid ag iarraidh ar na saineolaithe cuidiú le héilimh an phobail i dtaca le hAcht na Gaeilge don Tuaisceart."
Bhí sé féin ag déanamh monotóireachta ar na ranna stáit ó dhaingnigh rialtas na Breataine an chairt sa bhliain 2001. Ba léir dó go raibh na ranna stáit ag iarraidh treoir ón rialtas láir i Londain ach nach raibh an treoir sin le fáil.
Bhí Roinn Gnóthaí Eachtracha na Breataine ag fágáil na cairte faoi Oifig Thuaisceart Éireann agus bhí siadsan ag fágáil chur i bhfeidhm na cairte faoi na ranna áitiúla. Bhí drogall ar na ranna áitiúla, ámh, bogadh chun tosaigh gan treoir ón rialtas láir.
"Níl duine ar bith i mbun an ruda," a dúirt Mac Ruairí, "Níl duine ar bith ag tabhairt treoir. Tá easpa comhordaithe ann agus tá daoine trí chéile."
Bhí Mac Ruairí ag iarraidh go dtabharfaí "treoir chinnte shoiléir do na ranna stáit" agus go mbeadh reachtaíocht ann ag tabhairt cosaint don Ghaeilge.
Ba é príomhchuspóir na tuairisce tús a chur le díospóireacht ar an chairt; aird a tharraingt ar na ranna agus a gcuid dualgas agus fáil amach cá raibh na fadhbanna. "Is amhlaidh is fusa dul i ngleic leo," a dúirt sé.