Beocheist: Irish culture is more in tune with the Mediterranean than northernEurope, argues Torlach Mac Con Midhe
Caifé i gcathair Toronto. Am lóin atá ann, agus an áit lágo doras, státseirbhísigh ón gceantar rialtais mór thimpeall orm. Ar an taobh eile den bhord, mo chara Nabil, miongháire breá ar a bhéal: ní hamháin go bhfuil miongháire ar a bhéal, ach tá a shúile, a aghaidh iomlán, ag rince le háthas. Ní fhacamar a chéile le bliain go leith.
Cúig bliana déag ó shin a chuireamar aithne ar a chéile don gcéad uair.
Iarácach is ea Nabil agus tháinig sé go Ceanada mar theifeach. Roimhe sin ní raibh aithne agam ar Arabach riamh. Ach thuigeamar dá chéile.
Chleachtamar comhrá na súl chomh maith le comhrá na bhfocal. Agus bhíomar araon fásta aníos i gcultúir ina mbíodh an creideamh mar cheartlár an tsaoil - cuma an creideamh Caitliceach nó Moslamach é.
Ní Moslamach dílis é Nabil, cé nach gcaithfidh sé an tIoslam uaidh go deo. Deir sé liom nach ndeir sé insallah - le cúnamh Dé - sa chaint a thuilleadh. Mothaím an dólás atá istigh ann. Cailleadh deirfiúr leis d'fhiabhras tíofóideach nuair a scrios buamáil na gComhghuaillithe cóir uisce Bagdad i 1991. Agus ní thig leis féin dul ar ais.
Fear ríomhaireachta atá i Nabil agus tá post maith aige anseo i dToronto.
Féachann sé ar a uaireadóir. Ar ais leis go dtí an oifig. Beirimid barróg ar a chéile agus imím liom.
Caifé i gcathair eile, Vancouver, agus mé i mo shuí le cara eile, Rita .
Airgintíneach de bhunadh Iodálach is ea í. Léachtóir ollscoile atá inti. Chuireamar aithne ar a chéile nuair a bhíomar ag staidéar anseo 20 bliain ó shin, agus níor imíomar ó chaidreamh ar a chéile ó shin i leith.
Tá sí tar éis trí mhí a chaitheamh lena muintir san Airgintín. Tá sí buartha faoi chúrsaí na tíre. Mothaím athuair an dólás nach n-imíonn go deo agus í ag trácht ar a tír dhúchais, áit nach mbíonn leigheas ar an scéal riamh. Dúnmharaíodh deirfiúr léi nuair a bhí scuaid an bháis i réim i gcogadh salach na 1970í. Ní duine de na deparecidos a bhí sa deirfiúr ar aon chuma. Fuarthas a corp.
Agus sinn ag caint, smaoiním ar an bheirt seo, Rita agus Nabil, cairde cléibh liom le blianta fada. Is cinnte go bhfuil siad cosúil liom féin .
Daoine atá ionainn nach mbaineann go hiomlán le tír ar bith. Ach cén fáth go bhfuil cairdeas buan eadrainn? B'iad na Latinoamericanos mo chairde ón uair go raibh mé i mo chónaí i gCeanada agus mé tagtha ó éirinn. Deir Rita liom anois - agus tá scata mór amigos latinos aici mar is dual - gurbh éireannaigh iad na haon chairde atá aici anseo nach Laidinigh iad.
Séard a tuigeadh domsa i gcónaí faoi na Laidinigh (agus na hArabaigh leo) ná go mbíonn an bheatha mar fiesta acu, fiú má tá bás agus dólás ann freisin. Tá a fhios acu conas sult agus aoibhneas a bhaint as gnáthrudaí an tsaoil: fíon; bia; ceol agus rince.
Bíonn siad beoga agus teochroíoch. Bíonn uaisleacht agus oineach agus díograis iontu. Ní bhíonn leisce orthu iad féin a chur i láthair go croíúil. Is breá leo bheith ag caint faoi rudaí pearsanta agus bheith dáiríre fúthu. Friotal a chur ar a gcuid mothúchán. An rud a bhíonn uathu ná plé leis an duine iomlán, fiú amháin i gcomhrá fánach - rud a bhíonn de dhíth orthu agus iad ag plé le hAngla-Sacsanaigh.
IS dócha go bhfuilimse agus mo chairde Mheánmhuirí mór lena chéile riamh toisc go bhfeiceann siad na tréithe sin ionamsa agus sna Gaeil i gcoitinne.
Bíonn sé deacair dúinne go minic na tréithe sin a aithint ionainn féin.
Is beag nár éirigh leis na Sasanaigh an joie de vivre a bhaint dínn fadó..
Inniu bímid chomh fuarchúiseach lena chéile is a bhíonn siad féin, ach amháin nuair a bhíonn roinnt ólta againn. Agus féach mar atáimid tugtha don ól - cosúil leis na hIndiaigh, dream eile a coscraíodh.
Laidinigh choscartha atá sna Gaeil. Murach an caidreamh marfach le Sasana ar feadh na gcéadta bliain, ba ghaire sinn do na Spáinnigh agus lucht na Meánmhara ná le lucht na hEorpa Thuaidh. Is pobal deisceartach Meánmhuirí sinn lonnaithe i dtuaisceart na hEorpa. Sin féiniúlacht chaillte na nGael, dar liomsa. Tugann an ailceimic aisteach seo le dreamanna áirithe eile sa domhan, amhail Laidinigh agus Arabaigh, an fhéiniúlacht sin ar ais dom.
Slán libh idir an dá linn, a chairde cléibh. Feicfimid a chéile ag an am seo arís.
Insallah.