Cainteoiri chun cinn

Foilsíodh figiúirí Dhaonáireamh 2001 do Thuaisceart Éireann le linn don cholúnaí seo bheith ar saoire

Foilsíodh figiúirí Dhaonáireamh 2001 do Thuaisceart Éireann le linn don cholúnaí seo bheith ar saoire. Bhí cur síos sna figiúirí céanna ar chúrsaí Gaeilge.

De réir an daonáirimh, tá 1,617,957 duine ina chónaí sa Tuaisceart. Thug 10.35 faoin gcéad den phobal le fios go raibh Gaeilge acu nó mar a scríobhadh sa cháipéis féin "have some knowledge of Irish". Sin 167,460 duine san iomlán. Thug 4.64 faoin gcéad den phobal le fios go raibh scríobh, léamh, labhairt agus tuiscint na teanga acu.

Is ardú suntasach é na figiúirí seo ar an daonáireamh a rinneadh in 1991. An t-am sin, thug 142,000 le fios go raibh eolas acu ar an teanga.

Dálta gach staitistic a bhaineann leis an Tuaisceart, déanfaidh gach aon duine a léamh féin ar na huimhreacha agus bainfidh sé a chiall féin astu. Caithfear i gcónaí an comhthéacs polaitiúil ina ndearnadh an daonáireamh a chur san áireamh agus an agairt a rinne poblachtánaigh agus go leor dá gcomhbhádóirí teanga ar dhaoine tacú leis an Ghaeilge is cuma cén greim di a bhí acu.

READ MORE

Sin ráite, is é an léamh is báúla atá le déanamh go n-aithníonn duine as gach deichniúr sa Tuaisceart tábhacht na teanga dá bhféiniúlacht agus go bhfuil daoine a bhfuil tuigse éigin ar an teanga scaipthe tríd an Tuaisceart. Ní beag sin.

(Ar ndóigh, tugann 1.4 milliún duine sa Stát seo le fios go bhfuil an teanga acu. Ar chuala tú duine ar bith acu á labhairt le deireanas?)

Ina ainneoin sin, tabharfaidh an daonáireamh deis do ghrúpaí teanga tuilleadh stocaireachta a dhéanamh ar son acmhainní agus airgid amach anseo.

Seans go mbeidh cuid den phobal ó thuaidh díomúch leis an fhigiúr. Bhí tuairisc nuachtáin amháin ann ag tabhairt le fios go mbeadh 300,000 duine le Gaeilge sa daonáireamh, dúblail ar a raibh ann. Níor tháinig tuar faoin tarngaireacht sin.

Ach is fíor a rá go bhfuil an figiúr seo suntasach go maith mar atá sé agus gur ábhar maith bolscaireachta do lucht teanga é.