Tá traidisúin nó scoileanna éagsúla den Bhúdachas á gcleachtadh in Éirinn, Búdachas na Tibéide agus Zen san áireamh. Glac uaimse é, is daingean iad fréamhacha an Bhúdachais anseo, thuaidh agus theas, agus is iomaí tearmann breá atá ar fáil dóibh siúd atá suaite cráite ag an saol. Gabriel Rosenstock a scríobh.
Eachtrannaigh iad a lán de Bhúdaithe na hÉireann a raibh briathra beannaithe an Bhúda mar chéad bhia ar an sliogán dóibh, ach tá líon na ndúchasach orthu ag dul i méid sa tslí go bhfuil hibrid dheas ag fás anois go nádúrtha inár measc agus inspioráid á glacadh aici ón spioradáltacht Cheilteach agus ó re órga na mainistreacha in Éirinn.
Meallann an Búdachas roinnt mhaith daoine sa ré iar-Chríostaí (más fíor) ina mairimid agus deinim amach gurb é an chúis is mó atá leis sin - ní hé daoine faiseanta a bheith á chleachtadh - ní hea, ach go dtuigtear do dhaoine nach creideamh atá ann dáiríre, ná reiligiún, ach córas síceolaíochta chun teacht ar thuiscint do mhistéir na haigne.
Mhol an Búda féin gan glanaithris a dhéanamh ar gach a ndúirt sé. Ar leaba a bháis, thug sé comhairle dá lucht leanúna: "Bí id lóchrann duit féin." I bhfocail eile, deinse féin an chonair atá romhat a shoilsiú - ná bac le Dia, ná bac le heaglaisí. Doras feasa fiafraí, a deirtear sa Ghaeilge agus is geall le nath Búdaíoch é sin.
Téann roinnt mhaith de mhuintir na hÉireann chun na Téalainne, mar is eol dúinn, agus is deacair éalú ó thionchar an Bhúdachais sa tír áirithe sin.
Ach is cóisirí beorach, an ghrian, gnéas agus tránna áille etc. a mheallann a bhformhór, a déarfainn; ní bhlaiseann siad den Bhúdachas mórán. Grianghraf a ghlacadh de mhanaigh óga shoineanta agus iad ag scigireacht, b'fhéidir, sin uile.
San aiste seo, is mian liom Búdaíoch ón Téalainn a chur in bhur láthair, Ajahn Chah, féachaint an bhfuil aon dealramh lena theagasc.
Ar ndóigh, d'fhéadfainn teagascóir ar bith a roghnú. Tá siad go léir níos fearr ná a chéile. Níl ann ach gur tháinig mé féin ar Ajahn Chah le déanaí agus is é is úire i m'aigne é.
Is ionann "ajahn" (nó "acarya") agus máistir. Nílimse chun mórán a rá mar gheall air féin. Ní thaitneodh sé sin leis. Ba dhuine de mháistrí na foraoise é, saoi, manach, é ar shlí na Fírinne anois.
An ionann san is a rá go bhfuil sé ag éisteacht liom, go bhfuil ar a chumas an aiste seo a léamh? Creid é nó ná creid, deir na Búdaithe gur cur amú ama is ea é smaoineamh ar an saol eile, más ann dó. Táimid anseo, anois, faoi láthair. Tá leordhóthain éinne sa mhéid sin.
Sea, más ea, cad a chomáinfeadh mo leithéidse chun spéis a chur i mBúdachas na Téalainne? Bhuel, bhíos an-mhór le Búdaíoch Sasanach a chaith tréimhse fhada sa Téalainn agus d'fhág an Búdachas a rian go hálainn air.
Master Geoffrey Bell a thug sé air féin. "An ajahn (máistir) thú?" arsa mise leis nuair a chéadchuireas aithne air. "No no, dear boy!" ar seisean. Fear neamhphósta ab ea é agus dá réir sin shíl sé gur fearr a d'oir an teideal Master dó ná Mister. Carachtar ceart! Bhí nósanna aite aige. Altú roimh bhia i gcónaí i gcónaí. Gan teip.
Níl sé sin an-ait ann féin, déarfá, ach - fan. Thógadh sé Sweet Afton amach tar éis an bhéile - bhíodh cead caithimh an uair sin ann - agus ba chuma leis cé a bheadh ag stánadh air, altú roimh thobac, a dhuine!
Ba dhiail an fear é agus ba lách. Braithim uaim é. Lá breá éigin, arsa mise liom féin, déanfaidh mé taighde beag ar Bhúdachas na Téalainne mar is é sin a dhein prionsa uasal de mo Geoffrey bocht. Agus nuair a léimse anois Ajahn Chah is trí shúile Geoffrey a léimse é: sampla breá ab ea Geoffrey de shuáilcí uile an Bhúdachais.
Bheadh sé ag gáire faoin aiste seo. "Nach bhfuil fhios agat nach fiú aiste a scríobh ná leabhar a léamh! Cad dúirt Ajahn Chah?"
"N'fheadar. Cad dúirt sé?"
"Níl ach leabhar amháin is fiú a léamh - an croí." Bhí a fhios aige gur bhláthaigh a chroí féin trí ghrásta an Bhúda. Ní raibh le déanamh aige ach an chumhracht sin a roinnt.
Tháinig mé abhaile déanach oíche amháin. "Ní gá dom fiafraí díotsa cá rabhais," arsa mo bhean liom. "Aithním ar d'aghaidh gur i dteannta Geoffrey a bhís."
Bhí tú in ann an suaimhneas a tholgadh uaidh. Cad dúirt Ajahn Chah? "Dul sa tóir ar an suaimhneas nó dul sa tóir ar thurtar agus croiméal air. Ní bhfaighidh tú é. Ach nuair a bhíonn an croí ullamh, tiocfaidh an suaimhneas sa tóir ortsa."
Dáiríre, cén tairbhe d'éinne é creideamh ar bith a d'fhágfadh ar easpa suaimhnis thú? Cinnte, tugann deasghnátha áirithe creidimh sólás, seal, don duine ach ní sólás a ghealann an Búdachas ach an lúcháir a éiríonn as tuiscint cheart dár nádúr féin agus don bhfulaingt.
Deir Ajahn Chah: "Caithfear an teagasc a thuiscint i dtosach. Nuair a thuigeann tú é tosnóidh tú ar é a chleachtadh. Agus má chleachtann tú é, feicfidh tú é. Agus nuair a fheicfidh tú é is tú an teagasc ansin agus líontar le lúcháir an Bhúda thú."
Agus chonaic mé féin é sin i mbriathra agus i ngníomhartha mo charad.
Mhaíos níos luaithe gur mó d'aigne-eolaíocht ná de reiligiún atá i dteagasc an Bhúdachais. Mar thaca leis sin, deir Ajahn Chah: "Maidir leis an aigne seo ... Déanta na fírinne níl aon rud cearr léi.
"Tá sí íonghlan ó nádúr. Tá sí suaimhneach inti féin. An chúis nach mbíonn sí chomh suaimhneach sin inniu ná go mbíonn giúmar de shaghas éigin uirthi. Bíonn an aigne suaimhneach nó míshuaimhneach de réir mar a théann giúmar áirithe i bhfeidhm uirthi. Is dúr í an aigne neamhthraenáilte.
"Téann imprisin na gcéadfaí i bhfeidhm uirthi agus ceapann sí go bhfuil áthas uirthi, nó go bhfuil sí ag fulaingt - áthas agus brón - ach ní hin é fíornádúr na haigne ... an Bhun-Aigne a fheiscint, sin is brí leis an gcleachtadh seo againne..."
Agus sin, go hachomair, an Búdachas duit. Anois, an creideamh aduain é sin? An inghlactha ag Eorpaigh é? (An Eorpaigh iad na Gaeil sa chéad áit?)
Feictear domsa gur teagasc uilíoch atá tugtha thuas ag Ajahn Chah; rud nádúrtha atá idir chamáin aige, meicníocht na haigne.
Bhí duine de mhórfhealsúna an Iarthair, Immanuel Kant - a bhfuil comóradh 200 bliain á dhéanamh i mbliana againn ar a bhás - bhí an rud ceannann céanna á ra ag Kant: sapere aude, an mantra a bhí aige, i.e. bíodh misneach agat chun do thuiscint féin a oibriú ar gach aon ní.
Shíl Kant go raibh an chuid is mó againn neamhaibí mar go ligimid do dhaoine eile smaointeoireacht a dhéanamh dúinn seachas dul go grinneall sinn féin. "Leisceoirí!" arsa Kant.
Sea, ach ní chuirfinn busta de Kant sa ghairdín ná sa seomra suí. Tá dealbh den Bhúda sa dá áit sin agamsa. San India a fuaireas ceann acu, i mBaile Átha Cliath an ceann eile. Is saghas machnaimh ann féin é féachaint ar a ghnúis agus fiafraí díot féin cad as don suaimhneas sin a shníonn tríd ó bhonn go baithis.
Má tá dhá Bhúda agam is Búdaí mé, ab ea? Bhuel ... ní hea ... tá íomhánna eile sa tigh againn, an Mhaighdean Mhuire ina measc agus ... cad eile? Ó sea, mo dhearúd, tá íomhá adhmaid againn den dia Éireannach, Cernunnus.
Bunaithe ar sheoid a d'ardaigh na Lochlannaigh leo sa 9ú haois atá an dealbh mhistéireach seo agus is i Músaem Bygdo, Osló, a fheicfidh tú an tseoid féin.
Ní chreidfeá é, ach is geall le Búda Ceilteach é. Achainím go sollúnta ar Rialtas na hÉireann ealaín bheannaithe na tíre seo a athdhúchasú.
File, fear haiku agus aistritheoir é an t-údar. Krishnamurphy, Ambaist! (Coiscéim) agus Hymn to the Earth (The Silver Strand Press) a dhá leabhar is déanaí