Ar strae sa sneachta

BEOCHEIST: THOSAIGH AN lá go maith le trí bhus ag an gceann scríbe agus ba dhea-scéal é sin don bhruachbhaile ina bhfuilimid…

BEOCHEIST:THOSAIGH AN lá go maith le trí bhus ag an gceann scríbe agus ba dhea-scéal é sin don bhruachbhaile ina bhfuilimid san ardchathair. Raidhse seirbhísí na meánmhaidine áirithe seo, tuar dearfach don lá taistil. Bhí sneachta ag titim, ceart go leor, ach mheabhraigh mé nár bhaol dom an turas abhaile tráthnóna, agus an oiread san busanna, uimhir 15, ar an mbóthar.

Bhaineas bus-stad 15 ar Shráid Nassau amach. Seachas fíorbheagán gluaiseachta faoin trácht corruair bhí an bóthar ina lánstad den chuid is mó. Cad a bhí le déanamh? Bhí ráfla ag gabháil thart go raibh formhór na mbusanna imithe ar ais go dtí na garáistí. “As Seirbhís”. Ráfla míthráthúil gan aon agó agus tuar na maidine iompaithe taobh tuathail amach. Bhí an ráfla fíor. Níorbh fhiú bheith taobh leis an Dart ná Luas toisc nach bhfuilimid ar an líne féin ná in aon ghaobhar di.

Um an dtaca seo iar dtitim mhór sneachta bhí cosáin na cathrach an-sleamhain, coscartha agus na bóithre ar an dul céanna. Níor mhór dhuit bheith an-chúramach, bheith ag faire ar na cosa. Ní raibh de rogha agam ach mo cheann a chur fúm agus siúl abhaile go coschúiseach, siúlóid sé mhíle. Tá coibhneas éigin idir taithí agus muinín, d’fhéadfaí a rá gur dlúthchairde iad, agus míle curtha díom agam is mó a bhraitheas ar mo chompord.

Straesmaointe ag siúl isteach i m’aigne chugam bainteach leis an mbun éispeireas, an sneachta uilíoch. Smaointe sneachtúla de chineálacha éagsúla. Go bhfuil dhá shaghas sneachta ann go bunúsach, ógshneachta agus aos-shneachta, a léirítear tríd an dearcadh a mbíonn ag an dá dhream seo. Ábhar spraoi don óige agus ábhar dualgais do dhaoine fásta. Scoileanna dúnta, laethanta le taitneamh a bhaint as an sneachta; soláthar bia a dheimhniú, an féidir an gluaisteán a thiomáint chun earraí a cheannach?

READ MORE

Liathróidí sneachta á gcaitheamh, fear sneachta á chruthú. Agus sin ráite rith sé liom nar chuala mé riamh faoi bhean sneachta. Cad is bun leis an gcinedheigilt seo? Aon údar, is dócha, atá leis agus le Daidí na Nollag. Is léir gurb ábhar é seo arbh fhiú do lucht taighde ollscoile féachaint isteach ann ag an leibhéal náisiúnta agus leibhéal an Choimisiúin Eorpaigh. An dúinne amháin, a mbíonn faoi ghluaiseacht ag smachtsmaointe ceannasacha an tsneachta, an dearcadh seo?

Mé leathshlí ar mo bhealach, sráidbhaile Ráth Garbh ar mo chúl, an trácht ag bogadh ar aghaidh go cúramach malltriallach, gan an corrcharr a dtéann na rothaí ar fiodrince a bhac, nó an mótar leis an roth tosaigh nó deiridh a shleamhnaíonn isteach i gcairnín sneachta ar chiumhais an bhóthair.

Tuilleadh smaointe sneachtúla ar fiuchadh. Bliain a chaitheamar i gCathair Kansas, sneachta le feiceáil go minic, go fiú flicshneachta ar aon mhéid le liathróidí gailf, nár mhór do thiománaithe bheith ar a n-airdeall ar eagla go mbrisfí gloine gaoithe an ghluaisteáin. Ní cuimhin liom riamh an trácht ina lánstad de dheasca an tsneachta óir bhí na fearais chuí acu agus daoine oilte chun fáil réidh le drochthionchar an tsneachta ar na bóithre.

Coisíocht dhá uair an chloig a thug mé cois teallaigh. I rith an ama, áfach, bhíos beagáinín buartha i dtaobh an ghairdín ar chúl an tí. Is aoibhinn liom bláth amháin ar a dtugaimid an lóchrann síneach. An rud is suaitheantasaí ina thaobh an dath oráiste ar na laindéir iata atá ar sileadh ó ghaois chaola. Na gobghaotha i ndiaidh a bhfuil de bhláthanna sa ghairdín alptha go craosach acu, ach, fós, bhí an lóchrann Síneach ina sheasamh i gcónaí.

An mbeadh sé loite scriosta, imithe le gaoth sneachtúil, nó an mbeadh na laindéir ghleoite, a thugann an oiread san taitnimh is pléisiúir, agus a mbéil fúthu le hualach mór míthrócaireach sneachta. Dúrt liom féin gur éirigh leo dul in aghaidh na síne agus teacht slán i rith an gheimhridh go dtí seo.

An mhaidin dár gcionn d’fhéachas amach fuinneog na cistine, go faiteach neirbhíseach, ar eagla a scriosta. Níor ghá bheith amhlaidh óir bhí siad ann fós.

Is deimhneach dom anois go mbeidh siad, agus a n-oidhrí ar chúl an tí le fada an lá ag tabhairt aoibhnis is ardú meanman dúinn. Mairfidh ár Ríshliocht is ólfar a sláinte.

Bua an tsneachta, briseadh an tsneachta – dhá ghné de bhánchlúdach ar chroíchuid den dúlra é. Bhíos ar mo dhúr-rian minic go leor ar mo bhealach abhaile is b’fhearr liom é a sheachaint amach anseo. An babhta seo, pé scéal é, bhlaiseas bua an tsneachta, bíodh sé ina aos-shneachta féin, tríd na straechuimhní a sheol sé chugam.