Ar mhaith leat a bheith fiáin arís? Ba mhaith, táim cinnte!

TÁ DAOINE ar fud an domhain, cuid acu atá as a meabhair glan, seans, cuid eile acu ar smaointeoirí móra iad, dar liom, agus tá…

TÁ DAOINE ar fud an domhain, cuid acu atá as a meabhair glan, seans, cuid eile acu ar smaointeoirí móra iad, dar liom, agus tá rud amháin comónta eatarthu, pé acu an filí, buachaillí bó nó intleachtóirí iad agus is é sin ná go dteastaíonn uathu a bheith fiáin arís.

Cén rud go díreach é an t-athfhiántas seo? An rud maith é? Bíodh sé maith nó olc, creideann daoine áirithe go bhfuil sé dosheachanta faoin tráth seo, tá sé tosaithe cheana agus más maith is mithid.

Bhuel, is gá a rá i dtosach báire nach aon jóc é seo in aon chor ach a mhalairt. An dream a chuir tús leis an ngluaiseacht seo agus atá á leathadh ar dalladh is dream an-dáiríre ar fad iad.

Tá ainmneacha éagsúla ar an ngluaiseacht seo agus ceann de na hainmneacha Béarla atá air na Rewilding. Is an-ainm é, dar liom. Ar nós rewinding, an clog á chur siar. Agus caithfear an clog a chur siar dar le fáithe an athfhiántais.

READ MORE

Táimid go léir éirithe róbhog ar fad, a deir siad agus tá ré na teicneolaíochta tar éis dínádúrú a dhéanamh orainn go léir. Admhaigh é, braitheann tú beagáinín mínádúrtha, nach mbraitheann?

Is geall le peataí tí sinn. Nach mór an náire dúinn é! Conas a tharla sé in aon chor gur éiríomar chomh neamhfhiáin sin? Nuair a bhí crainn á ndreapadh agam fadó, nuair a théinn i bhfolach áit éigin agus mo phiostal uisce réidh agam im ghlac, ar shíleas go deo nach mbeadh de thoradh ar an laochas sin go léir ach go n-iompóinn im pheata tí?

Ní thar oíche a tharla sé seo dúinn, dar le lucht an athfhiántais. Próiseas fada ab ea é a mhair na mílte bliain. An toradh atá air ná go bhfuilimid scartha uainn féin agus scartha ón domhan ina mairimid.

Táimid scartha ónár n-instinní. Briste. Táimid ar fad inár nOisín i ndiaidh na Féinne: “Ag seilg dúinn ar maidin cheo/In imeallbhorda Locha Léin,/Mar a raibh crainn chumhra ba mhilse bláth/Is ceol gach tráth go binn ag éin...”

Ní ligfí dóibh dul in aice Loch Léin inniu! Chuirfí fíneáil orthu nó chaithfí i bpríosún iad, gach mac máthar acu, nach bhfuil an ceart agam? Agus maidir le Diarmaid na mBan. Bheadh na nuachtáin lathaí sa tóir air ó mhaidin go hoíche (go háirithe istoíche), an fear bocht. Ní bheadh suaimhneas ag éinne acu!

Maíonn lucht an athfhiántais nach bhfuil na scileanna againn a thuilleadh chun saol inmharthana a chaitheamh. Táimid ag brath ar arm mór daoine, an dochtúir, an poitigéir, an pluiméir, an siúinéir, an síceolaí, an leictreoir... Ba liosta le háireamh iad. Nílimid in ann faic a dhéanamh sinn féin. Agus táimse níos measa ná éinne ón dtaobh sin de.

Tá páistí in Éirinn nach dtuigeann gur amach as tóin circe a thagann ubh. Bheadh tuairim éigin acu dá mbeadh amhráin Ghaeilge á múineadh dóibh: “ubh chirce is blúirín ime air is é a thabhairt don seanduine.”

Ach in áit amhráin Ghaeilge a mhúineadh dóibh, teanga a cheanglódh le tír, talamh is treibh iad, tá na tionsclaithe ag rá nach gá ach mata, ceimic is fisic a mhúineadh do dhaltaí na hÉireann agus go dtiocfaimid as an tsáinn ina bhfuilimid luath nó mall. Go dtachta an diabhal iad.

Dá dtarlódh matalang mór amárach an mbeimis in ann dídean a sholáthar dúinn féin, an mbeimis in ann bia agus deoch a sholáthar? An aithneoimis cad iad na plandaí atá amuigh ansin a nimheodh nó a leigheasfadh sinn?

Dá mbeadh orainn tosú as an nua – agus is dóigh le lucht an athfhiántais go bhfuil seans an-mhaith ann gurb é sin atá i ndán dúinn, tosú as an nua ar fad – an ndéanfaimis na botúin chéanna arís, an mbeimis in ann maireachtáil lena chéile ar bhonn cothrom síochánta, nó an dtiocfadh aicmí ceannais chun tosaigh arís, an mbeadh na coimhlintí céanna inár measc is a bhí le cúpla míle bliain anuas?

Deir lucht an athfhiántais má tá sibhialtacht nua chun teacht chun cinn go gcaithfidh deireadh a theacht leis an tsibhialtacht mar is eol dúinn faoi láthair í. Tá na comharthaí sóirt feicthe againn go bhfuil athruithe i ndán don domhan, athruithe móra nár shamhlaigh éinne fiú deich mbliana ó shin.

Tá taobh spioradálta ag baint leis seo go léir chomh maith mar a chaithfidh a bheith agus duine de na daoine a bhí ag caint ar na hathruithe móra sin atá tosaithe cheana féin is ea Jeddah Mali.

Bhíos ag féachaint uirthi an oíche cheana ar Conscious TV agus ba dheacair aon ní a bhí á rá aici a shéanadh ná a bhréagnú, dar liomsa. (Ní raibh a fhios agat a leithéid de chainéal agus Conscious TV a bheith ann? Tá a leithéid ann go deimhin agus is maith ann é ambaiste).

Déarfainn gur fianaise ar na hathruithe a bhfuilim ag tagairt dóibh is ea leithéid Conscious TV a bheith ann sa chéad áit.

Chun filleadh ar an athfhiántas. Má bhímid go léir inár bpeataí tí, go bhfóire Dia orainn, ní bheadh éinne in ann teacht slán agus an cine daonna a bhuanú dá dtarlódh ollmhatalang éigin, ní bheadh éinne in ann caidreamh eolach a bheith aige le ríocht na bplandaí is na n-ainmhithe, scileanna a bhí ar eolas ag ár sinsir romhainn sular cruthaíodh an tsochaí shibhialaithe mar is maith linn a thabhairt uirthi.

Mar a deir John Moore in aiste bhreá atá ar an Idirlíon aige, A Primitivist Primer, is é atá sa tsibhialtacht anois ná meigeamheaisín nó Leiviatan atá éirithe rómhór le rialú. Braithim go bhfuil fírinne san anailís sin agus braithim go mbraitheann go leor daoine an fhírinne sin ina gcroí istigh.

Deir sé go bhfuil go leor grúpaí amuigh ansin a cháineann gnéithe áirithe den tsibhialtacht. Tá ar ndóigh. Lucht an athfhiántais ní in aghaidh gnéithe áirithe den tsibhialtacht atá siad, is in aghaidh na sibhialtachta féin atá siad scon scan!

Meabhraíonn Moore dúinn go bhfuil radacaigh ann, go háirithe ar an eite chlé, agus teastaíonn uathu an tsibhialtacht mar atá sí a threascairt agus rud eile a chur ina háit. Murab ionann agus na radacaigh sin, ní cumhacht atá ó lucht an athfhiántais – ag iarraidh deireadh a chur le cumhacht atá siad. Difríocht an-mhór.

D’fhanas in óstán i gCorcaigh le déanaí. Líonas amach ceistneoir. An raibh aon ghearán agam? Bhí. An bhean (nach nochtfadh a haghaidh go deo!) san ardaitheoir agus na hurláir á bhfógairt aici. Chuala tú í, tá mé cinnte. Tá sí gach ait. Léan uirthi! Cá bhfuaireadar in aon chor í? An bean in aon chor í nó deamhan? A leithéid de ghuth tiarnúil.

Mheabhródh sí Maggie Thatcher duit. Dheineas mo ghearán mar gheall ar an nguth gránna sin. Is cuid den chultúr neamhphearsanta neamhdhaonna é an guth sin, feiniméan a bhfuil lucht an athfhiántais ag cur ina choinne go tréan agus an ceart ar fad acu.

  • I measc na leabhar is déanaí ón údar tá dhá leabhar ar chúrsaí haiku ó Cambridge Scholars Publishing, Haiku Enlightenment agus Haiku the Gentle Art of Disappearing agus ba é an comheagarthóir i dteannta Eoghain Mhic Aogáin é ar Dva (Coiscéim) díolaim de nualitríocht na Slóivéine aistrithe go Gaeilge ag meitheal aistritheoirí