Aoibhinn beatha an aisteora agus drámaí Shakespeare ar stáitse

Is suimiúil an chosúlacht a bhí idir an t-aisteoir, bainisteoir agus léiritheoir amharclainne Anew McMaster (a fuair bás 50 bliain…

Is suimiúil an chosúlacht a bhí idir an t-aisteoir, bainisteoir agus léiritheoir amharclainne Anew McMaster (a fuair bás 50 bliain ó shin) agus Mícheál Mac Liammóir. Rugadh an bheirt acu i Sasana ach rinne siad athchruthú orthu féin mar Éireannaigh.

Chuaigh Mac Liammóir, a rugadh i Londain, níos faide leis an athchruthú mar thóg sé ainm Gaelach air féin (ba é Alfred Wilmore a ainm baiste) agus d’fhoghlaim agus labhair sé Gaeilge. Ní dheachaigh McMaster chomh fada leis sin ach dar le píosaí beathaisnéise éagsúla atá foilsithe, rugadh é i gCo Mhuineacháin ar Oíche Nollag 1895. Dealraítear gur theastaigh ón bhfear féin go gcreidfeadh daoine é sin ach, i ndáiríre, rugadh é i Birkenhead, Learpholl, i 1891. Tá sé fíor, áfach, gur rugadh a sheanathair agus a sheanmháthair in Éirinn.

Tá sé fíor chomh maith go raibh an-tarraingt ag an dtír seo air mar i rith an chéid seo caite, ar feadh 30 bliain (sna 1930í, 40í, 50í) chuaigh comhlachtaí amharclainne dá chuid ar fud na hÉireann ag léiriú drámaí Shakespeare agus drámadóirí eile i mbailte agus i sráidbhailte na tíre.

Sáraisteoir a bhí ann a raibh tóir air i Londain agus i gcathracha móra eile ar fud an domhain ach bhí a chroí sna bailte beaga Éireannacha. Uair amháin dúirt sé gur dhóigh leis gurbh fhánaí a bhí ann a thaitin leis bheith ar an stáitse agus gur chuma leis cé acu a bhí sé ar Broadway nó i halla sa sráidbhaile ba lú in Éirinn.

READ MORE

Bhí suim aige san aisteoireacht ó bhí sé óg agus nuair nach raibh sé ach ina dhéagóir bhí sé ar an stáitse i Londain le daoine ar nós Mhic Liammóir agus Noel Coward, a bhí chomh hóg leis féin.

Chuaigh sé ag obair sa bhanc ach d’éirigh sé as sábháilteacht na hearnála sin agus rinne rogha de shaol éiginnte an aisteora. Tar éis cúpla bliain a chaitheamh ag aisteoireacht san Astráil, chuir sé a chomhlacht amharclainne féin ar bun chun drámaí Shakespeare a chur i láthair in ionaid éagsúla.

Fear ard dathúil a bhí ann le haghaidh a bhí lán de bhrí agus deirtear go raibh an-dínit aige ar an stáitse. Bheadh sé deacair sárú ar chuid de na mórcharachtair Shakespeare a rinne sé, go háirithe Othello, Iago, Shylock, Richard III, Lear agus Coriolanus.

Chuaigh a chomhlacht ar fud an Mheán-Oirthir sna 1930í ach ó na 1940í i leith chaith sé an chuid ba mhó dá shaol ag taisteal ar fud na hÉireann.

I 1951 nó 1952, nuair a chuala sé go raibh na pictiúrlanna i Luimneach dúnta de bharr stailce, shocraigh sé dul ann láithreach lena chomhlacht.

Chuir siad Othello i láthair i bpictiúrlann a raibh spás ann do 2,000 duine, ar oíche Lá Fhéile Pádraig, an chéad oíche acu sa chathair. Bhí siad chun tosú ar a naoi ach bhí daoine ag teacht isteach an t-am ar fad agus is ag leathuair tar éis a haon déag a chuir siad tús leis an dráma.

Ag féachaint siar, dúirt duine amháin a ghlac páirt in Othello an oíche sin go raibh gach aon duine den 2,000 a bhí sa phictiúrlann ar meisce agus ní raibh éinne in ann aon rud a chloisteáil sna radhairc ag tús an dráma, bhí an méid sin torainn ann.

Ach nuair a tháinig McMaster amach ar an stáitse, a chorp mór lúbtha, a ghuth go híseal agus garbh grágach, d’éirigh daoine ina dtost agus nuair a bhí deireadh a óráide sroichte aige, bhí gach duine ciúin – agus neamh-mheisciúil.

Nuair a bhí daoine breise ag teastáil ón gcomhlacht do dhráma, fuarthas iad sna bailte nó na sráidbhailte ina raibh siad ag cur dráma i láthair. Bhí ar an mbainisteoir stáitse iad a fháil agus ní raibh mórán ama chun mórán cleachtaidh a dhéanamh leis na daoine breise seo.

Uair amháin fuarthas ógánach áitiúil cosúil leis seo chun bheith ina theachtaire ar McMaster agus é i ról Macbeth. Tháinig an gasúr ar an stáitse agus dúirt sé go neirbhíseach gur cheap sé go bhfaca sé Coill Birnam ag teacht i dtreo an chaisleáin i nDunsinane.

Leis sin, rug McMaster greim sa scornach air, chaith ar an dtalamh é agus thug sé “bréagadóir” agus “sclábhaí” air i nguth ard feargach. Bhí eagla an domhain ar an ógánach bocht agus in áit a chéad líne eile a rá, dúirt sé: “Honest to Jaysus, Mr McMaster, that’s what that fellow out there told me to say!”