An teanga thanai

Beocheist: "The pen is mightier than the sword," a dhearbhaigh cara go hardnósach liom le déanaí agus ábhar suarach éigin idir…

Beocheist: "The pen is mightier than the sword," a dhearbhaigh cara go hardnósach liom le déanaí agus ábhar suarach éigin idir chamáin againn.

Is nath de chuid na Breataine é sin, feictear dom, nó tá an cruth san air ar aon chuma.

Ní caint de chuid na ngnáthdhaoine í, ar ndóigh - ní bheinn ag coinne lena cloisteáil i Sráid Uí Mhórdha, abair, nó ar "Pana" i gcathair Chorcaí, áiteanna a mbíonn nithe i bhfad níos troime agus níos tábhachtaí le plé.

Ceann de na rudaí is trua liom faoi shaol an lae inniu - chuig saol lucht na Gaeilge atá mé - ná cúl do bheith tugtha chuid mhaith againn ar na nathanna sainiúla a bhíodh chomh flúirseach sin sa teanga an tráth go raibh sí i mbarr a réime.

READ MORE

Nathanna a deirim, ach i ndáiríre sé atá i gceist agam ná an toirt is an tsamhlaíocht a bhíodh i gcaint an ghnáthdhuine - agus é sin go nádúrtha agus gan chur-i-gcéill dá laghad.

Is dócha go bhfuiltear ann a déarfadh gur chuidigh caighdeánú na teanga cuid mhór leis an staid ina bhfuil cúrsaí anois.

Chabhraigh, b'fhéidir, ach ar an taobh eile den scéal bhain an caighdeánú leis an ngramadach agus le litriú na bhfocal agus is ceist í ar mhór é an tionchar a bhí aige ar an tslí ina mbaineadh daoine úsáid as an gcaint.

Cúlú na Gaeltachta; teacht an raidió agus na teilifíse; taisteal ar scála nach raibh ann cheana; daoine ag fágáil a gceantair dhúchais; forbairt an chathraithe; an tsofaisticiúlacht atá ar chomharthaí sóirt phobail an lae inniu - tá baint acusan go léir leis an meath.

Cuma faoi sin, áfach, mar níl ceist ach go bhfuil Gaeilge an lae inniu - faoi mar a úsáidtear sa Ghalltacht í, ar aon chuma - éirithe tanaí plásánta maránta agus, fiú, braithimse nach bhfuil an teanga sa Ghaeltacht saor ón locht san ach chomh beag.

Bhí m'athairse, grásta Dé chuige, an-tugtha don tsiúlóid ach ní "shiúileadh" sé riamh. Ag gabháil do "mharcaíocht Mhuiris na Gráige" a bhíodh sé, nó b'shin a deireadh sé.

Go dtí an lá atá ann inniu féin ní heol dom cérbh é an Muiris céanna nó cén fáth go raibh an "ghrág" aige, sé sin murabh ainm áite a bhíodh i gceist sa nath úd ag m'athair.

Tháinig fear chun an dorais chugainn ag iarraidh leabhar mór éigin a dhíol lem mháthair, agus an-chaint ealaíonta aige faoi na buntáistí a bhainfimis an chosmhuintir as an raidhse eolais a bhí ann.

Chuaigh na focail i bhfeidhm go mór ormsa - is dócha go rabhas thart ar an dó dhéag ag an am - ach ba bheag uirthisean iad. Chuir sí an ruaig ar mo dhuine, chas chugamsa agus ar sí liom "Bean táilliúra agus bean tincéara, sin beirt bhan nach ngabhann lena chéile agus is dóigh leis an bhfear gan aon chiall gurb é féin fear na céille".

N'fheadar faoi na focail tosaigh sa nath ach níl ceist orm ach nach raibh ach lomchlár na fírinne sa dara cuid.

An bhean chéanna b'annamh di ainm áite a lua gan stair na háite a thabhairt go gonta agus go pointeáilte ag an am gcéanna. "Baile Bhúirne, mar a ndéanann siad na géanna a chrú," a deireadh sínó "Blackpool, I dread ye".

Agus ba chuma ach gurbh ag an Linn Dhubh a bhíodh cónaí ar an gclann go ceann tamaill mhaith de bhlianta - b'ann (mar a chuireadh sí féin é) "we were bread-and-buttered".

Agus dá bhfiafródh duine di, abair, cad a bheadh againn don dinnéar níor ghnáthaí freagra aici ná "pig's sugar agus dúlamán".

Ait go leor, dá mbeadh m'athair ar cur síos ar dhuine leice mílítheach ba é a deireadh sé ná nach raibh de chosúlacht air ach "a sugar after a shower of rain".

Ní dóigh liom gurbh é an siúcra a bhíodh i gceist ag ceachtar acu i ndáiríre ach an focal eile úd as Béarla nach smaoineoidís go deo ar a úsáid i láthair na leanaí.

An tráth san cois Laoi, ar ndóigh, níorbh annamh an dá theanga - agus an saibhreas a bhí iontu araon - go héasca ar a mbeola acusan go raibh gaolta acu i nGaeltacht Mhúscraí.

Beidh cuimhne go héag agam ar an "slán" a chuir bean bhéaldorais liom agus mo bhaile dúchais á fhágáil agam le dul i mbun "jab mhóir" i mBaile Átha Cliath.

"Tá na nóisin ghuanacha agat," ar sí, "tá na nóisin ghuanacha agat, dar fia, dála na ngabhar i gCiarraí."

Ní le teann maoithneachais, ach a mhalairt ar fad, a luaim an méid sin romham.

Is é is mian liom a rá ná más fiú linn - agus más fiú dúinn - an teanga Ghaeilge a thabhairt slán ní mór dúinn an tsamhlaíocht agus an saibhreas atá inti a thabhairt slán chomh maith céanna.