Beocheist: Oíche fhuar gheimhridh a bhí ann i measc na nAlp. Bhíomar lonnaithe i seomra i gclochar na nDoiminiceach i nGlion. Deichniúr againn a bhí ann, comhairle pharóiste na hArdeaglaise i Chur.
Bhíomar amuigh anseo ar chúrsa spioradálta. Ní raibh mórán le déanamh istoíche ach fanacht istigh, agus an sneachta ag titim go tiubh ar an ghleann. Bhíomar inár suí timpeall an bhoird go mall san oíche, agus fíon breá á ól againn.
Tharla an comhrá a bheith ar thaibhsí agus fheiniméin osnádúrtha. D'inis duine nó dhó scéilín a bhí ar eolas aige nó aici. Cuireadh ceist ar an seansagart paróiste, an tAthair Giusep Quinter, an raibh scéal aige faoi thaibhsí. Dúirt sé nach raibh. Agus ar seisean: "Ní chreidim iontu."
"Muise, cén fáth nach gcreideann?" ar sinne.
"Anamacha na marbh, tá siad sna Flaithis, nó in áit éigin eile. Níl baint acu a thuilleadh leis an saol seo. Ní fheicimse aon fháth go mbeadh siad ag fanacht timpeall inár measc."
Labhair Victor Catschegn, fear ard dathúil. Is as Andiast, baile beag sléibhe de chuid na Rómainise, é Victor, ach tá obair aige sa chathair agus é ina chónaí ansin.
"Inseoidh mé scéal daoibh, agus geallaim duit, Giusep, nach bhfuil ann ach an fhírinne. Is ó Andiast mise, mar is eol daoibh, agus is maith liom baint a bheith agam leis an seanbhaile cé nach bhfuilim i mo chónaí ann anois. Is minic mé ar ais sa mbaile ar bhainiseacha agus shochraidí. Agus sinn ag trácht ar shochraidí, tá caitheamh aimsire agam. Cuirim spéis i reilig an bhaile. Mar tá dlúthbhaint idir an reilig agus stair an bhaile agus na muintire. Tá albam curtha le céile agam le fada mar thionscadal staire de mo chuid féin, agus eolas ann ar gach uaigh sa reilig agus an duine nó na daoine a chuireadh inti. Tá eolas agam ar dhaoine a bhí ina gcónaí ar an mbaile 100 bliain ó shin. Ach ansin bhí orm an t-albam a choimeád suas chun dáta, mar a déarfá. Bhí orm an t-eolas céanna a bhailiú ar na daoine a bhí ag fáil bháis agus á chur sa reilig ó am go chéile. Tar éis gach sochraide, bhíodh sé de nós agam dul go dtí teaghlach an mhairbh agus eolas a iarraidh faoin duine sin agus grianghraf den duine mharbh a bhailiú chun a chur isteach san albam leis an eolas seo.
"Bhí mé sásta go leor as an obair seo agam, ach tar éis tamaill chuir sí i ndeacracht mé. Thosnaigh na mairbh ag teacht chun mé a chrá. San oíche a tharlaíodh sé seo i gcónaí. Bhínn i mo chodladh sa leaba. Go thobann, dhúisítí mé mar a bheadh croitheadh á bhaint asam. D'éirínn as mo chodladh, agus is amhlaidh go mbíodh duine éigin os mo chomhair am chroitheadh. Ní duine saolta a bhíodh ann ach an oiread, ach sunda neamhchinnte sa dorchacht agus é ag cromadh anuas orm, ag iarraidh m'aird a tharraingt air féin. Tharla sin go minic. Níor bhraith mo chéile cóir tada, buíochas le Dia, agus í ina codladh sa leaba chéanna. Ar deireadh thiar d'éirigh mé sách tuirseach den chleasaíocht seo a bhí ag baint codladh na hoíche díom. Thuig mé gurbh iad anamacha na marbh ón reilig a bhí ann ag iarraidh rudaí a chur in iúl dom. Ach ní sin a bhí uaim in aon chor. Chuaigh mé chun cainte le bean a bhí ar an eolas, faoi fheiniméin osnádúrtha agus a leithéid. Dúirt sí liom, gach uair go bhfaigheadh duine éigin bás ar an bhaile, agus go gcuirfinn alt agus grianghraf nua san albam, coinneall a lasadh agus paidrín a rá ar son a anama, ionas go bhfaigheadh sé a bhealach go dtí an saol eile go luath. Rinne mé sin, agus deinim go fóill é, agus ní bhíonn na mairbh ag teacht chun mé a chrá a thuilleadh."
D'fhéach sé orainn uile timpeall an bhoird. Is fear mór grinn é Victor de ghnáth, ach anois bhí sé dáiríre. "Sin é an fhírinne lom. Geallaim daoibh."
"Tuigim duit," adúras-sa féin. "Chuirfeadh sé as do dhuine, cinnte, agus taibhse amháin á chrá. Ach dá mbeadh an reilig iomlán ar do thóir, bheifeá i gcruachás!"
Go tobann, tháinig baothracht caointe ar bhean amháin sa chomhluadar. Baineadh preab asainn go léir. "Go bhfóire Dia orainn!" arsa an duine in aice léi. "Cad tá cearr leatsa?"
Ar feadh tamaill níorbh fhéidir léi labhairt. Ar deireadh dúirt sí trí ghol: "Tá eagla orm roimh thaibhsí agus sprideanna."
Bhí rúille búille ann agus gach duine ag iarraidh sólás a thabhairt don bhean bhocht ag an am céanna. B'fhada leo foighne a chur inti.
Chroith an tAthair Giusep a cheann i dtreo Victor. "Sin agat anois," ar seisean ós íseal, "le do chuid scéalta!"