Uuair éigin thart ar an mbliain 1830 scríobh Thomas Davis dán dar teideal 'A Ballad of Freedom'. Bhain sé le scrios na náisiún bocht "neamharmtha" faoi shúiste na stát impiriúlach a bhí ag dul ó neart go neart:
The Frenchman sailed in freedom's name to smite the Algerine
The strife was short, the crescent sunk, and then his guile was seen
The Englishman for long, long years, had ravished Ganges side;
A dealer first, intriguer next, he conquered far and wide
B'fhéidir nach ardfhilíocht í sin, ná dea-fhilíocht féin, mar a thuigtear inniu í. Ina choinne sin, léiríonn sé comhbhá leis na náisiúin bheaga a bhí mar shlánchuid de thuiscint pholaitiúil ghlúin na saoirse, agus comhbhá a nocht polasaí eachtrannach na tíre seo go dtí tús na 1960í ar a laghad.
Go deimhin nuair a theastaigh uainn go dtoghfaí ar Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe sinn anuraidh, b'é port sin na miontíre a tháinig slán ó chrúba an arrachtaigh ollmhóir a chuireamar chun tosaigh.
Tá a iarmhairt seo le feiscint gan cheist i ngnóthaí "an chultúir". Ach ní gá duit a bheith i do Mharxach neamhaththógtha chun an ceangal idir saol na polaitíochta agus saol an chultúir a aithint gan doic. Is iad scannáin Mheiriceá atá á dtaispeáint ar fud na cruinne ó shráidbhailte Surinam go cathracha Cholumbia.
Ní bhaineann sin le feabhas ealaíonta agus le hardaoibhneas tógáilchroíach na scannán. Mhaígh Edward Said le déanaí nár déanadh oiread agus scannán amháin timpeall ar chás daonna nó polaitiúil na bPalaistíneach agus nár gan chúis é sin.
Má leanann an cultúr an pholaitíocht, is é sin, an chumhacht, bainfidh an gaol atá againn lenár gcultúr féin lenár seasamh polaitiúil i leith an domhain go léir. Dá réir sin, déanaim amach go bhfuil trí bhior ag saighdeadh cultúr polaitiúil na tíre.
Is é an chéad cheann díobh sin sinn a bheith san "Eoraip" agus arb iad na hiúróchaí inár bpóca thíos an léiriú is follasaí de sin.
Bíodh a theist sin arís ar Chonradh neamhshínithe Nice a bhfuil an bhunaíocht ag bagairt orainn síneadh suas leis don dara huair agus gur sinn is measa muna ndéanfaimid amhlaidh. Níor chuid d'aon díospóireacht é le linn an olltoghcháin - go deimhin seachnaíodh ar nós inimircigh ghoirm é - agus go hobann is ar cheann an chláir atá.
Eorpaigh mhaithe sinn gan aon agó, ach áit éigin i gcúl an chloiginn tá an t-amhras ina luí go pianmhar timpeall ar na tíortha impiriúlacha a dhein ealaín uasal den mharú agus den chinedhíothú ar fud na cruinne agus a chuir a gcuid fuilchraois i bhfeidhm orthu féin san aois seo caite.
Táimid i bhfad níos caolchúisí anois ná Anthropological Society Londain a d'eagraigh díospóireacht ar dhíothú na "lower races" sa bhliain 1864. Cúig faoin gcéad de bhundúchasaigh Mheiriceá a tháinig slán ó ionsaí na nEorpach; fuair an Tasmáiniach deiridh, William Ianney, bás sa bhliain 1869, tar éis dá chine uile go léir a bheith curtha chun báis againne. Is é sin againne, más Eorpaigh sinn.
Ní hé gach aon duine atá mórtasach as cultúr na hEorpa. Cérbh é an polaiteoir Eorpach a labhair go líofa ar chogaí acmhainne nó "resource wars" san Áise agus san Afraic amach anseo? Tá na ceisteanna neadaithe istigh ionainn.
SA dara dul síos is cuid den saol Angla-Mheiriceánach sinn i gcónaí. Ní phléitear é seo mar tá sé chomh soiléir leis an maidin bhán. Is iad na pointí tagartha atá againn teilifís agus scannáin Mheiriceá agus Shasana. Breis mhaith agus 90 faoin gcéad de na cláracha agus de na scannáin atá á bhfógairt inniu ar leathanach na meán ar an nuachtán seo is scannáin isteach iad ó fhoinse nó dhó.
Is féidir leis an ngnáthdhuine leatheolach leathmhúscailte abhus polaitíocht na Breataine a phlé le Sasanach ar chomhleathmhúscailteacht leis. D'fhan daoine ina suí go déanach agus go moch ag féachaint go grinn ar an Uachtarán Bush ag déanamh gadaíochta ar a phost. Ní féidir a leithéid chéanna a dhéanamh le torthaí toghchán na hOllainne, na Gearmáine, na hIodáile.
Is é an tríú dul amach, gan amhras, ná an Éire neamhspleách seo ar thagair mé dó, an Éire a bhfuil bá aici le tíortha beaga ar bheagán gunnaí ar deineadh gabháil orthu, an Éire a fheiceann fós cuid dá stair féin ina stair siúd. An chúis go mbímis inár nIndiaigh rua in aghaidh na mbuachaillí bó, inár sabhástaigh chnámhchluasacha in aghaidh Tarzan, inár sléibhteánaigh bhuile in aghaidh na gcnaipí práis ar an North-West Frontier. Ba iad sin sinne, agus ba sinne iad.
Leaganacha beo gach aon cheann díobh seo den seasamh polaitiúil, agus dá réir sin don seasamh cultúrtha atá againn, i leith an tsaoil. Ní theistím nach bhfuil trasnaíl éigin idir gach ceann díobh, ná nár ghá go ndúnfadh siad an doras go heisiach teann ar a chéile. Ach is iad atá garbh go leor leis an mbeart a dhéanamh dúinn, mar san fhairsingeacht agus ar an mórchóir, tá an tuiscint atá againn orainn féin ag brath ar cá seasaimid i gcás gach aon cheann díobh. Tá toise idirnáisiúnta domhanda i lúib gach ceann díobh ach ní hionann iad.
Tá "domhandú" i dteideal na haiste seo. Níorbh eol dom an focal Béarla/Spáinnise/Fraincise a bheith réimiúil go dtí cúig nó sé bliana ó shin. Is ag Liam Ó Muirthile a chéadchonaic mé leagan Gaeilge de, agus déanaim amach gurb é a chum. Is oiriúnach agus fileata an leagan é bíodh is nach dóigh liom go gcuireann an téarma nua seo aon ní ar ár súile dúinn nár chiallaigh "cosmapalatanachas" nó "nua-aimsearthacht" cuid mhór dúinn maidir le himeachtaí an chultúir de cheana.
Ba dhóigh leis an bPiarsach gurbh ionann an cosmapalatanachas agus an galldú lena linn féin. Scríobhann Cathal Ó Searcaigh faoi Jack Kerouac agus Nuala Ní Dhomhnaill faoin muruach. Ina choinne sin, scríobhann Cathal faoi Chaiseal na gCorr agus Nuala faoi Kundalini. An bhfágann sin go bhfuil duine díobh níos traidisiúnta nó níos iltírí ná a chéile?
D'admhaigh Wole Soyinka an chomaoin a chuir drámadóirí na Gréige, agus Beckett agus Brecht air; an chéad dá úrscéal ag Chinua Achebe Things fall Apart agus No longer at ease is ó Yeats agus Eliot a fuair sé na teidil. An bhfágann sin nach scríbhneoirí Afraiceánacha iad?
Ach oiread leis an bPiarsach, an amhlaidh nach bhfuil san fhocal seo domhandú ach focal deas eile ar impiriúlachas? Agus más ea, cé hiad na himpiriúlaigh agus cá bhfuil an impireacht? Díospóireacht bhríomhar é seo ar fud an domhain dhomhandaithe, forleathnú ar an díospóireacht shíoraí a bhí in Éirinn ar thairseach an 20ú céad.
Ag scríobh dó sa Guardian ag deireadh na bliana seo caite de dhroim na díospóireachta timpeall ar an ionsaí ar Nua-Eabhrac dúirt Niall Ferguson, ollamh le stair in Áth na Bó: "Political globalisation is a fancy word for imperialism, imposing your values and institutions on others. However you may dress it up it is not very different in practice to what Great Britain did in the 18th and 19th centuries."
Dúirt an scríbhneoir misniúil Arundathi Roy go raibh cónaí orainn in "a unipolar world dominated by America". Níor ghá gur cáineadh a bhí i gceist ach ráiteas lom fuarchúiseach. Is mar seo atá.
Is san aon treo amháin a ghabhann an t-eolas, a shiúlann an cultúr. Gabh leat isteach in aon siopa leabhar san Ind, nó in Burkina Fasso, nó san Úisbéicisteáin agus féach a bhfuil de shaothair iontu ar aistriúcháin iad ó thíortha móra bolgshaibhre an domhain (ach bí deimhin de go mbeidh Angela's Ashes ar a bhfud).
Sa bhliain 1988 nuair a bhuaigh an scríbhneoir Naguib Mahfouz an duais Nobel litríochta - an t-aon scríbhneoir Arabaise a bhain an gradam seo amach - níor aistríodh ach timpeall is scór leabhar ar fad ón Arabais go teangacha iasachta.
Nuair a d'ionsaigh na Meiriceánaigh an Afganastáin tá breis agus sé mhí ó shin anois ann is amhlaidh go raibh cogadh á fhearadh ag tír amháin a raibh GDP de $34,000 per cloigeann in aghaidh na bliana acu i gcoinne tíre eile a raibh níos lú ná $800 per blaosc; fad bheatha seacht mbliana is a sé in aghaidh dhá scór agus a ceathair; uisce inólta do chách versus uisce inólta ag duine as gach deichniúr dóibh siúd a mhair.
Abair éagothromaíocht nó a mhalairt? Ní hionadh nuair is ag caint ar chultúr atáimid gur in aon treo amháin a ghabhann sé.
THÁINIG coiste idirnáisiúnta saineolaithe le chéile san Iodáil le déanaí d'fhonn seacht n-iontas liteartha an domhain a mheas. Roghnaigh siad An Odaisé, An Choiméide Dhiaga, Don Cíochótae, Hamlet agus eile, ach ceann ar bith níor bhain le tíortha lasmuigh de leithinis bheag na hEorpa.
An Majabharata féin, saothair mhóra na Síne, An Córan, níor cuimhníodh orthu. Nílimse, gan amhras, cáilithe lena meas. Ach an bhfuil aon duine eile? Is de bharr cumhacht pholaitiúil na hEorpa a mheastar iad seo, agus ní de bharr bataí tomhais ar bith eile.
Bunaíodh Saorstát Éireann le rud éigin a thabhairt dúinn féin, agus dá réir sin don domhan. Feachtas caomhnaithe agus tógála ba ea feachtas na saoirse. Cultúr a bhí faoi dhímheas a neartú is a chraobhú. In aghaidh stuif a bhí seo á dhéanamh. Seift de chuid an choncais i gcónaí is ea an cultúr, láthair cogaidh agus ceannais, agus dá réir sin láthair frithbheartaíochta, leis.
Ní haon ionadh, mar sin, gur scríobh aithreacha (agus roinnt mháithreacha) na réabhlóide agus a cosanta chomh raidhsiúil agus chomh líofa lena linn. B'iad na criticeoirí iarchóilíneacha par excellence iad. Bunscríbhinní frithchóilíneacha iad scríbhinní Thomas Davis, de hÍde, DP Moran, Corkery agus a gcamthaí dá mhéid is nach ngéillfimis do chuid dá reitric ná dá gcuid eisintiúlachta.
Is fúthu a déanadh magadh nó is iontu a déanadh neamhaird ar fud críocha aineola na critice éireannaí i rith na haoise seo caite. Ach ar obainne is í an chritic iarchoilíneach pláta an lae ar leanúint Edward Said agus Memmi agus Fanon.
Ní coilíneachas aigne go dtí critic iarchoilíneach ár linne mar bhíomar ann cheana. Agus de thoisc nach n-éisteann an dioscúrsa poiblí leis an dioscúrsa cultúrtha níos mó ach amháin mar bhláthanna sa bhfuinneoig ní móide gurb é glam na dtráchtairí cultúir an glam is airde.
Filleam ar láthair an chatha.
Tá Pól Ó Muirí ar saoire