LÁ GEAL sneachtúil i Moscó tamall ó shin, thug mé cuairt ar an Iarsmalann Gulag atá suite ar ardsráid siopadóireachta i lár na cathrach. Bhí baicle bheag ban críonna i bhfeighil istigh ann agus tháinig duine díobh, Yuliya Davidovna, chugam do mo threorú timpeall. Níor cuireadh a hathair go dtí an Gulag. Scaoileadh é mar namhaid na ndaoine i 1950 faoi ordú ó Stailín, nuair nach raibh Yuliya ach 18 bliain d’aois. B’fhéidir, ar shlí, go raibh an t-ádh air.
Bunchloch chóras sceimhle an stáit Stailínigh a bhí sa Ghulag, le campaí oibre scaipthe ar fud na tíre go léir. Chuirfeá ‘coir’ dá laghad ar traein go háit iargúlta thú ar feadh achair gan chríoch agus bheadh an t-ádh ort teacht slán as. Deirtear gur éag thart ar chúig mhilliún príosúnach ann.
Agus mo chuairt beagnach críochnaithe agam, d’fhiafraigh mé de Yuliya ar chuimhin léi bás Stailín i 1953 agus d’inis sí dom faoin gcaoi ar brúdh timpeall 800 duine chun báis de bharr na sluaite ag a shochraid.
D’fhiafraigh mé a barúil faoi chlaonadh an dreama a bhí i réim sa Kremlin anois chun oidhreacht Stailín a chosaint mar rud dearfach. Rinneadh, mar shampla, athchóiriú le gairid ar stáisiún metró i lár na cathrach agus cuireadh ar ais ar bhalla ann sliocht beag ó iar-amhrán náisiúnta an Aontais Shóivéidigh ina ndearnadh ómós do Stailín mar athair an náisiúin. Bliain ó shin, leis, tugadh cead do leabhar scoile staire ina ndéantar cur síos ar Stailín mar “bhainisteoir cumasach”. Chuir an méid seo brón ar Yuliya ach mheas sí nach ndearnadh iarracht riamh sa Rúis aghaidh a thabhairt ar an tubaiste mharfach a tharla i ndáiríre.
An é seo toisc go bhfaightear lorg de Stailíneachas sa tír go fóill? Tá an córas Gulag imithe le fada ach cuirtear daoine fós go dtí an tSibéir. Cuir i gcás an t-iar-olagarc, Mikhail Khodorkovsky, duine a bhí chomh dána sin chun iarracht a dhéanamh dul isteach sa pholaitíocht agus, dá bharr sin, bagairt ar cheannaireacht Putin. Gabhadh é, cuireadh chun trialach agus gearradh seacht mbliana air i gcampa oibre sa tSibéir.
Cé go bhfuil an tsochaí Rúiseach i bhfad níos saoire anois ná mar a bhí sé sa ré Stailíneach, tuigtear do chách nach bhfuil an fíordhaonlathas bainte amach ag an tír go fóill. Is stát aonpháirtí é i ndáiríre, faoi smacht dream an iar-KGB, ina bhfuil Putin i gceannas. Chomh fada is a bhíonn praghas ard le fáil ar ola, féadann siad a mhacasamhail d’eagar geilleagair agus sóisialta a choinneáil. Faightear, áfach, fadhbanna uafásacha go fóill sa Rúis: an ceann is tromchúisí díobh, ar ndóigh, ná sceimhlitheoireacht, nó, ina theannta sin, tá caimiléireacht, coiriúlacht, infrastruchtúr as riocht, agus neart eile. Aithnítear go forleathan gur beag an dul chun cinn atá déanta le linn ré Putin chun na fadhbanna seo a réiteach.
Ach murab ionann in Iarthar na hEorpa ina bhfuil sochaí shibhialta láidir faoi chosaint an dlí, d’fhéadfá bheith i mbaol a leithéid a rá os ard sa Rúis. Le tamall beag anuas, fuarthas líon suntasach iriseoirí neamhspleácha, gníomhaithe cearta daonna nó dlíodóirí bás agus iad i mbun a gcuid oibre. Dar leis an eagraíocht Committee to Protect Journalists atá suite i Nua-Eabhrach, is í an Rúis an tríú tír is contúirtí ar domhan chun bheith i d’iriseoir.
Bás an-chonspóideach a bhain geit as mórán ná bás an dlíodóra, Sergei Magnitsky, a fuair bás ar 16ú Samhain seo caite agus é i gcoimeád phóilíneachta; chaith sé bliain ag fanacht le triail.
Is amhlaidh gur gabhadh é toisc go raibh sé ina abhcóide ar son William Browder, baincéir infheistíochta Meiriceánach, baincéir ar chuir na húdaráis caimiléireacht cánach ina leith. Dúirt Browder gur ciontaíodh é i ngeall ar chúinsí polaitiúla. Fear a thacaigh tráth le Putin, chuir sé isteach air nuair a thosaigh sé ag fiosrú struchtúr úinéireachta chomhlacht ola, comhlacht ar le Putin é, deirtear.
Cé gur fógraíodh fiosrúchán faoi bhás Magnitsky, ní móide go nochtófar go hoifigiúil aon nasc idir a bhás agus an Kremlin. Tá gean an phobail fós ag Putin agus is léir go gceapann formhór na Rúiseach gur “bainisteoir cumasach” é freisin. Ní bhacann siad leis na ráflaí faoin gcaimiléireacht nó faoi chos ar bolg ar iriseoirí nó a leithéid. I ndeireadh thiar thall, b’fhéidir gur dual do na Rúisigh, tar éis na gcéadta bliain faoi smacht docht, leanúint ar an tréancheannaire, dá dhonacht é. Fiú amháin an réabhlóid i 1917 ní mar gheall ar éirí amach coitianta de chuid mhuintir na tíre a tharla sé, ach de bharr ‘putsch’ de chuid dream beag a choinnigh smacht le lámh láidir. B’fhéidir nach bhfuil mórán athraithe sa Rúis.