Aiséirí cois Life

BEOCHEIST: CAD É, meas tú, an t-ábhar cainte is túisce a chloisfeá ar theanga do chomharsan ar fhágáil do thí duit ar maidin…

BEOCHEIST:CAD É, meas tú, an t-ábhar cainte is túisce a chloisfeá ar theanga do chomharsan ar fhágáil do thí duit ar maidin is go gcasfá air? An aimsir adéarfá? Ar éigean é. Feictear dom go bhfuilter bréan di sin um an dtaca seo.

Ach níl daoine bréan den airgead go fóill – d’easpa an airgid – dár n-easpa airgid féin, ar ndóigh, nó de chruachás na Gréige, nó de thíortha eile, b’fhéidir, nár airíomar fúthu riamh go dtí seo. Agus, go deimhin, is cosúil go mbeidh na bainc is a gcuid pleidhcíochta ina n-ábhar cainte go Lá an Luain.

Ach ní foláir gur mhaidin ar leith a thit orainn lá nó dhó ó shin mar gurbh é an t-ábhar ba thúisce a tharraing cara liom chuige ná a raibh ag tarlú i Sasana agus daoine á ndíbirt as an áit ina raibh siad ag cur fúthu le blianta fada.

Ba chosúil gurbh é ba mhó a bhí ag déanamh tinnis dó ná gurbh Éireannaigh iad cuid mhaith de na daoine sin freisin, rud a bhí náireach, dar leis.

READ MORE

Dheineas-sa tagairt do na hainniseoirí i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath atá á gcur as a dtithe is a n-ionaid chónaithe mar go raibh na húdaráis tar éis a fháil amach nach raibh córas ceart éalaithe ann dá dtarlódh tine.

“Tá an t-ádh leo,” adeir sé liom, “Agus óstán breá compordach curtha ar fáil saor in aisce dóibh.”

Bhain na focail sin preab asam. Níorbh eol dom gur mhair cruachríochas dá leithéid san i measc ghnáthmhuintir na tíre seo go fóill.

Níor rith sé leis, ba chosúil, go bféadfadh go mbeadh daoine i measc na n-ainniseoirí nach mbeadh taithí dá laghad acu ar an saol in óstán agus, thar aon ní eile, nach mbeadh na leanaí cleachtach ar an saol sin ach an oiread.

Agus ba chosúil freisin go mbeadh daoine ina measc san a bhí á ndíbirt gur ghá dóibh freastail ar a gcuid oibre gach lá (má bhí post acu) is go gcuirfeadh an áit nua chónaithe seo ualach ní ba mhó orthu, gan trácht ar an gcostas breise.

Maidir liom féin de, is í an cheist is mó atá agam ná conas a tharla nárbh eol do na húdaráis an gá a bhí le córas ceart sábhála go dtí anois.

Is seanchathair í Baile Átha Cliath agus, in ainneoin na tógála go léir a deineadh thar na blianta, tá cuid mhaith de na seanfhoirgnimh ann go fóill agus – más ceart í mo bhreith orthu – cuid mhaith díobh á n-úsáid fós do chúrsaí gnó.

Go ceann tréimhse leathchéad bliain nach mór ba státseirbhíseach mé agus mé lonnaithe ar bharr seanfhoirgneamh gan mórán i bhfoirm córas sábhála iontu agus mar sin ní beag í mo thaithí orthu agus ar an amhras is an eagla a bhféadfaidís a chothú i nduine.

Nuair a bhí socrú á dhéanamh leis an ardleacht san i Sráid Uí Chonaill a thógáil ba é a bhíodh á thabhairt uathu acusan a bhí ina fhábhar ná gurbh é an locht ba mhó a bhain leis an gcathair ná go raibh sí ró-íseal is go raibh airde de dhíth uirthi go mór.

Níor aontaigh mé féin leis an dearcadh sin an uair san ná ní aontaím leis inniu. Ba í mo thuairim ag am ná go raibh gá leis an gcathair a athrú cibé áit ab fhéidir san a dhéanamh agus a atógáil d’fhonn í a thabhairt suas chun dáta agus an cineál lochta atá ar Priory Hall a dheisiú go mall, go cúramach agus go ciallmhar, in áit é sin a dhéanamh ar an mbealach ina léimeann madra ar chnámh.

Ba é an tuairim a bhí agamsa ó tháinig mé chun na háite ná gur chathair a bhí ag dul i léig go tapaidh í Baile Átha Cliath agus go raibh dearmad déanta ag na húdaráis agus ag daoine i gcoitinne ar an ngá lena chruthú go rialta gurb í príomhchathair an Stáit í.

Tháinig athrú aigne orm le bliain nó dhó anuas, áfach, nuair a thugas faoi deara gur mhó agus gur mhó fós an méid tithe agus foirgneamh eile a bhí á bhfeabhsú sa cheantar ina bhfuil cónaí orm agus an méid gairdín a bhí á gcóiriú go néata.

Agus ba threise fós a chuaigh sé sin i bhfeidhm orm i mbliana nuair a chonac an spiorad nua atá á léiriú ag muintir na cathrach – an éacht a dhein an fhoireann peile is an fhoireann iomána agus a raibh de bhrait de chuid an chontae le feiceáil ar thithe is ar ghluaisteáin agus a raibh de gheansaithe gorma á gcaitheamh go péacach ag óg is ag sean, cuma mná nó fir iad. Agus gan trácht a dhéanamh ar an gcáil a tharraing foireann sacair na Seamróige orthu féin ar an mór-roinn is a fheabhas is a chruthaigh lucht an rugbaí iad féin ann freisin.

Ach is é is mó atá imithe i bhfeidhm orm ná an obair iontach atá á dhéanamh ag Margadh na Feirme agus an maíomh a bheimid i dteideal a dhéanamh nuair a bheidh an obair go léir críochnaithe.

Go deimhin, beidh ar ár gcumas ansin a bheith bródúil mórálach as ár bpríomhchathair arís.

Go gcúití Dia a saothar leosan atá i mbun na hoibre agus fós leosan atá á dtreorú.