Ag foghlaim le John Henry Newman ar ollscoil an tsaoil

TUARASCÁIL: BREIS AGUS dhá scór bliain ó shin bhíos ar mo bhealach go Corcaigh, an grá do mo thiomáint

TUARASCÁIL:BREIS AGUS dhá scór bliain ó shin bhíos ar mo bhealach go Corcaigh, an grá do mo thiomáint. Grá idé ollscoile. Bhí staidéar déanta ar scoil againn ar aiste de chuid John Henry Cardinal Newman dár teideal The Idea of a University(1873) a bhí cnuasaithe sa leabhar New Senior Prosele James J. Carey.

Ba í idé idéalach ollscoile Newman ná go mba chóir béim a leagan ar “moral training rather than mere instruction”.

Bhí sé ag moladh oideachais fhairsing a bheadh dírithe ar fhorbairt intinne agus anama seachas ar fhíricí loma fuara.

Ní raibh sé i bhfábhar aicme phroifisiúnta Chaitliceach a chruthú nó oideachas cúng acadúil a chur ar fáil. Leag sé an-bheim ar thaitneamh agus ar dhíospóireacht agus chruthaigh sé íomhá rómánsúil, tharraingteach, idéalach in aigne an scríbhneora seo.

READ MORE

Armtha leis an idé-eolaíocht neamhfhorbartha seo agus le m’aineolas féin i dtaobh an tríú leibhéil thugas m’aghaidh ar Chorcaigh i bhfómhar na bliana 1971 agus chuireas fúm i dteach lóistín i dTobar Rí an Domhnaigh.

Chaitheas an chéad bhliain, geall leis, faoi gheasa ag idé Newman ach ag druidim le deireadh na bliana sin thosnaigh an grá ag fuarú. Ba é an brú agus an strus a bhain le hullmhúchán do na scrúduithe sméar mhullaigh an phróisis fhuaraithe.

Gach leabharlann agus staidéarlann sa choláiste ag cur thar maoil le mic léinn ó mhochmhaidin go dtí go déanach san oíche agus a gcloigne sáite sna leabhair acu.

Nuair a d’fhilleas i nDeireadh Fómhair 1972 tar éis an tsamhraidh ar fad agus stráice maith den fhómhar a bheith caite agam ag baint leannlusanna i Kent, ní rabhas i ngrá a thuilleadh. Bhí ollscoil an tsaoil blaiste agam.

Mar sin féin, bhí an t-ádh orm gur fhilleas. Bhí a lán nár fhill. Mic léinn nach raibh ar a gcumas saoirse phearsanta na hollscoile agus “srathair shibhialtacht” an léinn a chomhnascadh le linn na chéad bliana.

In ionad filleadh agus na scrúduithe a dhéanamh arís, d’fhanadar mar a raibh acu i gCamden Town, i gCricklewood, i Nua Eabhrac, i mBastún, i Maidrid . . . Ligeadar a maidí ollscoile le sruth.

Ligeas féin mo chuid maidí le sruth le linn an dara bliain. Ghéilleas go toilteanach do thuairim na coitiantachta gur “bliain faoin dtor” a bhí inti. Thugas mo chosa liom ar éigean agus seo liom go Kent arís ag piocadh leannlusanna.

Fánaithe agus giofóga ba mhó a bhíodh ag plé leis na leannlusanna agus nuair a bhíodh biaiste na leannlusanna thart théidís trasna chun na Fraince chun caora finiúna a bhaint roimh fhilleadh ar Londain don gheimhreadh.

Dóbair dom dul ina dteannta i Meán Fómhair 1973. Ach ag an nóiméad deireanach d’athraigh mé m’intinn. Sceimhlíos oíche nuair a chonac seanlánúin ghiofógach Éireannach a bhí ag cur fúthu i scioból na feirme.

Alcólaithe ba ea iad araon agus thángadar chugam ag lorg airgid chun buidéal biotáille a cheannach. D’fhilleas go drogallach ar Ollscoil Chorcaí.

BHÍOS an-chorrthónach le linn an tríú bliain. Ní fhéadfainn socrú síos agus m’aire a dhíriú ar an léann. Oíche amháin bhíos ag teacht abhaile ó Montenotte i dtuaisceart na cathrach go dtí Bóthar an Ghlaisín. Uair mhairbh na hoíche a bhí inti.

Bhíos comhthreomhar le geataí móra na hollscoile nuair a thosnaigh sé ag stealladh báistí. Trasna an bhóthair ó na geataí bhí seanbhoth nó scáthlán brocach oscailte le binse fada adhmaid á thrasnú.

De ghnáth bhíodh ainniseoir nó pótaire sínte ar an mbinse ach an oíche seo ní raibh duine nó deoraí faram. Bhuaileas fúm agus ba ghairid gur thit mo chodladh orm agus b’é trácht na maidine a dhúisigh mé.

Tá an scáthlán seo fós ann, é clúdaithe le graffiti anois. Taobh leis tá bosca teileafóin, siopa caife, bosca poist agus siopa Kebab. Táim lánchinnte gur shiúil na mílte agus na mílte mac léinn trí gheataí móra na hollscoile go laethúil le linn a dtréimhse ollscolaíochta nár thug an scáthlán sceirdiúil seo faoi deara riamh nó má thug nár thugadar an dara hamharc air.

Chonacthas domsa go raibh deighilt idir an dá shaol – saol na hollscoile agus saol na cosmhuintire – sna blianta go rabhas im mhac léinn. Ní dóigh liom go bhfuil an deighilt sin chomh leathan is a bhí sí sa lá atá inniu ann.

Chaith Newman ceithre bliana i mBaile Átha Cliath mar cheannaire ar thogra chun ollscoil Chaitliceach a bhunú in Éirinn. Theip ar an dtogra agus d’fhill Newman ar Shasana faoi ghruaim mar nach bhféadfadh sé a idé-eolaíocht a chur trasna ar aicme an léinn in Éirinn.

Ná nílim cinnte ar éirigh riamh leis a aisling idéalach maidir le hoideachas ollscoile a fhíoradh?

Is cinnte dá mbeadh sé beo le scór bliain anuas go gcuirfeadh córas na bpointí agus an róbhéim sna hollscoileanna ar fhorbairt ghairmiúil seachas ar fhorbairt intleachtúil masmas air.Teip a bheadh ann, dar leis.

AG DRUIDIM le haimsir na Nollag thugas camchuairt ar an gcoláiste ollscoile i gCorcaigh agus stopas ag an scáthlán trasna an bhóthair agus cheannaíos cupán caife.

Shuíos ar an mbinse fada adhmaid agus d’amharcas siar ar mo laethanta san ollscoil. Smaoiníos ar an oíche úd ar chodail mé ar an mbinse céanna.

Smaoiníos ar an mórshiúl go Halla na Cathrach ar an gCéadaoin 2 Feabhra 1972 mar agóid in aghaidh Dhomhnach na Fola. Smaoiníos ar an mac léinn ródháiríre a shiúil taobh liom agus a dúirt go raibh sé chun dul ó thuaidh an lá dár gcionn agus nach bhfaca mé riamh ina dhiaidh sin sa choláiste.

Smaoiníos ar lá bronnta na gcéimeanna san fhómhar 1974 nuair a ghabhas thar an choláiste agus mé thuas staighre ar an mbus ag filleadh ó láthair tógála sa chathair agus in ionad a bheith ag an mbronnadh b’amhlaidh a bhíos ag dearcadh isteach ar an ócáid agus mé clúdaithe ó bhaithis mo chinn go bonn mo chos le deannach stroighne.

Ach thar aon ní eile chuimhníos orthu siúd a tháinig le hidé na hollscoile mar lasair á dtreorú ach a bhí anois scaipthe ar fud an domhain is gan fágtha dá n-idé-eolaíocht ach aisling bhréige.

Bhí aithne mhaith agamsa ar chuid acu agus ba dhaoine breátha iad, daoine a réiteodh go maith le coincheap Newman agus a shásódh coinníollacha a idé-eolaíochta go rí-mhaith, muna bhfuil dearmad orm.

Agus rith sé liom go raibh an t-ádh dearg orm féin nár duine díobhsan mé. Agus smaoiníos ar na céadta mac léinn a thiteann amach as an gcóras ollscolaíochta sa tír seo chuile bhliain agus ar na deacrachtaí a bhíonn ag daoine óga éirimiúla áirithe déileáil le saoirse phearsanta nuair a fhágann siad cuan an dara leibhéil ina ndiaidh.

Smaoiníos freisin ar na mílte eile fós nach bhfaigheann an deis riamh teacht i ngiorracht scread asail d’ollscoil lena mbeo.

Agus n’fheadar cad a bheadh le rá ag John Henry Cardinal Newman faoin rud go léir?