An té a léann leabhair Alistair MacLeod, ní fada go dtéann an t-ábhar i bhfeidhm air. Insíonn MacLeod scéalta faoi dhaoine.Chomh simplí is atá an cur chuige go ndéanann tú dearmad dá éifeacht. Daoine, a ndéanann siad, a gcailleann siad, a bhfulaingíonn siad; bun agus barr scéil mhaith.
Chomh simplí is atá an cur chuige go ndéanann tú dearmad dá éifeacht. Daoine, a ndéanann siad, a gcailleann siad, a bhfulaingíonn siad; bun agus barr scéil mhaith.
D'aithneofá láithreach ar shloinneadh MacLeod gur de bhunadh na hAlban é. Mar sin féin, is i gCeanada a rugadh agus a tógadh é. Is mar úrscéalaí atá clú náisiúnta agus idirnáisiúnta bainte amach aige agus é os cionn trí scór bliain d'aois.
Bronnadh an duais IMPAC air, an duais liteartha is saibhre ar domhan, as a úrscéal No Great Mischief (Jonathan Cape), i mBaile Átha Cliath anuraidh. Cuí go maith a bhí sé an bronnadh sin a dhéanamh in Éirinn nó in ainneoin gur i Nova Scotia atá an t-úrscéal suite agus in ainneoin go n-insítear scéal Chlann Chalum Ruaidh ann - sliocht MacDonald na hAlban, Híleantóirí bródúla a theitheann Albain in 1779 - is é scéal na Gaeltachta Éireannaí fosta é.
Is í stair na clainne sin croí an scéil. Ní chuireann sé crua ar an léitheoir na cosúlachtaí idir pobal Gaeilge agus pobal Gàidhlig a aithint. Aithníonn clann clann eile. Oiread chéanna le muintir na Gaeltachta, is "ag corraíocht leis an gcarraig lom" a bhíonn clann Chalum Ruaidh, iad ag leagan crann, iad ag mianadóireacht i Nova Scotia.
Ní fada ón chlann chéanna bás gan choinne. Maraítear daoine de thaisme agus, ar ócáidí, d'aon turas. Ach cé go n-éagann baill aonair de shliocht MacDonald, maireann an chlann i gcónaí.
Aithneoidh daoine ar luach leo cultúr dúchasach na hÉireann na luachanna céanna in No Great Mischief. Déanann gach glúin forbairt eacnamúil ach éilíonn an fhorbairt chéanna íobairt. Nuair a éiríonn le duine den chlann, Alexander MacDonald, an ollscoil a bhaint amach agus duine gairmiúil a dhéanamh de féin, mothaíonn an léitheoir go siúlann an chaill agus an chéim lámh ar láimh.
Cinnte, is fearr as é ó thaobh maoine de ach is boichte é ó thaobh caidrimh agus cultúir de. De réir mar a charnann an t-airgead, is amhlaidh is mó a chaitheann sé súil siar ar an saol a bhí aige, ar chuideachta na seanfhondúirí agus ar a gcuid amhrán agus Gàidhlig.
Pléascann focail agus amhráin Ghàidhlig as an téacs. In áit amháin, deir deartháir Alexander "Póg mo thóin" le fear de bhunadh Frainciseoirí Cheanada. Maireann an teanga beo!
Is ancaire iad na nathanna agus na hamhráin chéanna. De réir mar a imíonn an t-am, is amhlaidh go scaoiltear an t-ancaire. Diaidh ar ndiaidh, imíonn an duine gan chultúr le sruth. Is ag na seanfhondúirí atá an chuid is saibhre den chultúr béil; tugann an mhuintir óga corrfhocal leo.
Cluinfidh an léitheoir Éireannach mórán macallaí i saothar MacLeod. Tá Seosamh Mac Grianna agus a shúil shearbh ar scrios cultúir ann; tá Dúil Uí Fhlaithearta agus Islanders le Peadar O'Donnell agus Seek the Fair Land le Walter Macken ann.
Tá an scríbhneoireacht féin ealaíonta, paiseanta agus cuireann macallaí ár n-údar agus ár dtaithí féin le gníomh na léitheoireachta. Pobal na Gaeltachta atá faoi chaibidil aige - Carna agus Dún Caoin, Rann na Feirste agus Ráth Cairn. Tá meas ag a chuid scríbhneoireachta orainn, ar ár dteanga, ar ár dtraidisiún.
Ag caint faoi chúrsaí teanga i gCeanada, dúirt MacLeod in agallamh amháin: "Once you lose the language of a previous generation, you lose access to those people. What you have very often in this country is a kind of unilingual grandparents, and a middle generation who are bilingual, and a third generation who have to resort to pidgin-Czechoslovakian."
Más buan mo chuimhne, scríobh Pádraig Ó Conaire an rud céanna faoi mheath teanga, beagnach focal ar fhocal, an céad seo caite. Cá mhéad d'aos critice na tíre seo a thugann aitheantas dó as a shaothar? Ní mholfadh siad An Chéad Chloch nó Deoraíocht as an léargas a thugann sé ar chultúr na hÉireann cé gur as an mhúnla céanna le MacLeod é.
Amharc ar a bhfuil le rá ag MacLeod faoin scéalaíocht: "Getting back to your idea of oral history, I think we should realise that "story" is much older than literacy, you know, and that all kinds of people tell stories who can't read or write. But I think that as a writer, and I'm quite interested in this, I like to give the impression that I am telling the story rather than writing the story. Because I have, in the back of my mind, the idea that some of these stories could be told by people who do not read or write. All culture has oral history, all culture has story. Some cultures are more literate than others, but they all have stories."
Is fada lucht na Gaeilge bheith ag caint ar bhealaí nua samhlaíocha a cheapadh leis an teanga a chur chun tosaigh. B'fhéidir gur cheart dóibh úrscéal MacLeod a bhronnadh ar pholaiteoirí agus lucht tuairimíochta. In amanna, ní thuigeann daoine scéal a dtíre féin go dtí go n-insíonn eachtrannach dóibh é.