Seán na Scuab - méara na cathrach

BEOCHEIST: TÁ A mhiotas féin ag gach baile. Ní eisceacht ar bith í cathair Luimnigh

BEOCHEIST:TÁ A mhiotas féin ag gach baile. Ní eisceacht ar bith í cathair Luimnigh. De réir an traidisiúin ba é Seán na Scuab chéad-Mhéara na cathrach sin.

Ar nós gach finscéil, tá ábhairín den rómánsachas tríd. Scéal an íochtaráin a sháraíonn pé bacanna atá os a chomhair amach agus a thagann in inmhe dá réir. B’aoibhinn riamh le Gaeil scéalta dá shórt.

Tá scéal apacrafúil Sheán na Scuab ar eolas ag mórán daoine i Luimneach fiú sa lá atá inniu ann ach is scéal é a bhaineann le saol atá nach mór dearmadta ar fad anois.

Ba ghlantóirí simléar iad formhór na scuabaithe sa seanam agus ba phost é a bhí ag scata den lucht siúil, go háirithe do na tithe móra amuigh faoin dtuath.

READ MORE

Bhain na scuabaithe leis an ré sin a raibh chuile dhuine idir mhór is íseal ag brath ar an tine. Ní raibh aon chaint ar ghás ná ar leictreachas ná ar an bhfuinneamh glas gléineach an t-am sin.

Ní raibh aon tinteán mar do thinteán féin an uair úd agus gan tine a bheith ar lasadh, ar éigean má bhí beocht ar bith i do chnámha.

Is féidir ceird an scuabaí a áireamh i measc na gceirdeanna is sine dá bhfuil ann, gan amhras. Cuireadh ceird an scuabaí ar aghaidh ó athair go mac agus ar nós mórán de na seancheirdeanna eile bhí cineál grádlathais ag baint léi.

Bhí uaisleacht agus ísleacht i measc na scuabaithe leis. Níorbh í an Eaglais a chruthaigh an “cliarlathas” i ndeireadh an lae. Bhí a gceantar féin ag na teaghlaigh dhifriúla i ngach cathair mhór agus aighneas dá réir ann dá sarófaí an limistéar.

É sin ráite, ba mhinic caitheamh anuas ar cheird an scuabaí, fiú i measc na ndaoine ba bhoichte sa phobal. Seans gur bhain an easpa measa sin leis na tosca oibre a bhí ag na scuabaithe.

Post ab ea é a raibh uaireanta frithshóisialta ag baint leis. Más don uasalaicme agus do na huaisle a bhí an scuabaí ag obair, mar shampla, ba mhinic ag obair é agus gach éinne eile fós ina chodladh, na searbhóntaí san áireamh.

Mar a thuigfeá, bhí cuma dhorcha nó cuma shalach ar na scuabaithe i gcónaí agus iad ag déileáil le súiche. Obair dhainséarach a bhí i ndreapadh na simléar, ba chuma cén grád scuabaí a bhí ann.

Rinne Dickens tagairtí do na gráid ar leith a bhí sa chóras, an máistir cuir i gcás, scuabaí ar thug an pobal ómós níos mó dó ná dá chomhghleacaithe mar go raibh stádas éigin bainte amach aige.

Sa chéad seo caite, is cosúil go mbíodh beirt nó triúr buachaillí óga in éineacht leis an scuabaí agus é i mbun oibre. Deirtear go mba dhílleachtaí iad go leor de na na leaideanna óga sin. Ba chineál sclábhaithe iad a déarfaí inniu ina dtaobh.

Ar ndóigh, ré thithe na mbocht agus na scoileanna ceartúcháin a bhí ann; seans go raibh saol níos fearr ag na dílleachtaí óga sin, ainneoin iad a bheith i mbaol a dtachtaithe i simléir na gcathracha móra, ná mar a bheadh acu sna hinstitiúidí gruama sin a bhfuil go leor tráchta orthu sa lá atá inniu ann.

Gortaíodh agus maraíodh cuid de na scuabaithe céanna i simléirí arda na cathrach. Tharlódh sé go mbeadh an taobh istigh de na simléir fós te nó gan a bheith múchta i gceart ón lá roimh ré.

Ba ghá go mbeadh na printísigh níos tanaí agus níos lú ná páistí eile a bhí ar comhaois leo chun feidhmiú i spás thar a bheith cúng agus ba mhinic nár tugadh le hithe dóibh ach fuílleach an bhoird. Tanaí a d’fhan siad agus ní thuigeann an sách don seang.

Chaithfeá a bheith láidir le bheith i do scuabaí, ba chuma cé chomh tanaí agus a bhí tú. Láidir agus glic. Ag brath romhat a bhí tú sa dorchadas.

Ní fios an toisc go mbeadh teas fágtha sa simléar nó an deannach agus súiche á slogadh acu ar feadh an lae, ach bhí cáil an tarta ar na scuabaithe bochta. Is iad a bhí in ann an braon a chaitheamh siar. I Luimneach, pórtar agus fuisce a thaitin leo.

Cé go mba jab salach agus dainséarach go maith é, rinne méid áirithe súiche maitheas do shláinte na bhfear sin. Aithnítear go forleathan gur purgóid de shaghas éigin atá sa súiche, purgóid a chuireann an ruaig ar fhrídíní.

Thugtaí cuireadh go minic don scuabaí a bheith i láthair ag bainis. Spéisiúil go maith, ba nós é sin a lean an uasalaicme Phrotastúnach chomh maith le cách. Thugadh siad cuireadh don scuabaí agus dá ghiollaí chun na bainise toisc an rath a bheith luaite leo.

An nós a bhí acu ná an t-airgead a chaitheamh ar an talamh mar íocaíocht don scuabaí. Níor nós leo an t-airgead a chur isteach i lámha an scuabaí. Bheadh sé sin ag dul rófhada leis an scéal, nach mbeadh?