BEOCHEIST:NACH AIT é scéal Phádraig Mhic Calphrainn? Thug sé faoi Chríostú phobal na hÉireann sa chúigiú haois agus is dócha nach bhfuil a mhisiún curtha i gcrích go fóill aige.
Scríobhadh scéal a bheatha sa seachtú agus sa naoú haois agus bíonn na staraithe ag argóint faoin líon Pádraig a bhí ann.
B’fhéidir go raibh níos mó ná an misinéir amháin ann agus gur tugadh le chéile faoin ainm ‘Pádraig’ iad chun dlús a chur leis an choincheap — Éire imeallach na hEorpa a bheith Críostaithe faoi dheireadh.
Arsa an múinteoir ciallmhar linne sa bhunscoil fadó: “Ná ceap gur iompaigh Pádraig na hÉireannaigh ar fad ina gCríostaithe in aon oíche amháin, ná in aon 50 bliain amháin.”
Ansin deireadh sé go searbhasach: “B’fhéidir nár éirigh leis Críostaithe a dhéanamh de mhuintir uile na hÉireann.”
Is é a chiallaíonn an t-ainm Pádraig (Patricius na Laidne) go bhfuil an duine ainmnithe as patres ‘aithreacha’, sa chás seo as na seanfhondúirí, as ‘founding fathers’. Sa Róimh fadó rinne sin ‘duine uasal’ as an duine.
Ach cuimhnigh ar a bhfuil d’áiteanna agus de rudaí ainmnithe as Pádraig Naomh. Tá an t-ainm Cill Pádraig ar fud na hÉireann ó Aontroim go Ciarraí. Aisteach go leor níl sé le fáil taobh thiar den tSionainn. Ar ndóigh, is i bhfásach Chonnacht ar Chruach Phádraig, Co Mhaigh Eo, a rinne Pádraig a throscadh 40 lá.
Tá an scéal ann i dtaobh Ardeaglais Phádraig i mBaile Átha Cliath go ndearna Pádraig daoine a bhaisteadh i dtobar a bhíodh ar an láthair. Sa chúigiú haois a tharla sin, más fíor.
Mar sin féin, is iad na Normannaigh, sa bhliain 1191, a thóg Ardeaglais ansin i gcéadóir. Freisin, is iad na Normannaigh a d’aimsigh uaigh Phádraig i Sabhall, Co an Dúin, agus a chuir Dún Pádraig mar ainm ar an mbaile mór a raibh Dún Dá Leathghlas air go dtí sin.
Bhí dúil mhór ag na Normannaigh san ainm Patrick, rud nach raibh ag gnáthmhuintir na hÉireann go dtí i bhfad níos déanaí. In aimsir Liam Oráiste, mar shampla, ba é Tadhg (Teague sa Bhéarla) ainm aicmiúil an Éireannaigh easumhail. Ní raibh lá ‘Paddy the Irishman’ tagtha fós.
Sa bhliain 1783 bhunaigh rí Shasana ‘The Most Illustrious Order of Saint Patrick’ chun ‘uaisle’ na hÉireann a eagrú mar uirlis faoin smacht ríoga, agus mar thaca le rialú na tíre.
Ba í Ardeaglais Phádraig i mBaile Átha Cliath ‘séipéal’ an oird ridireachta sin. Cumadh bratach ar leith don ord, ar ar tugadh ‘Crois Phádraig’ ainneoin nár mháirtíreach é Pádraig, crois sceabhach dhearg ar chúlra bán.
Sa bhliain 1895 bhunaigh an rí “The Royal College of St Patrick for the better education of persons professing the popish or Roman Catholic religion”.
Ba é sin bunú Choláiste Phádraig, Maigh Nuad, agus tugadh ‘Crois Phádraig’ mar shuaitheantas don choláiste sin. Ansin, le hAcht an Aontaithe 1800 fíodh Crois Phádraig isteach sa Union Jack agus tá sí ansin ó shin.
Is dócha gurb é cathair Ard Mhacha an t-aon áit ina bhfuil dhá ardeaglais tiomnaithe do Phádraig. Ar an taobh eile de, is iomaí áit ar domhan inniu ina bhfaightear ardeaglais amháin tiomnaithe dó — mar shamplaí féach Parramatta i New South Wales, Forth Worth, Texas, Toowoomba sa tSéalainn Nua, Thunder Bay, Ontario, Ceanada.
Deir Pádraig go dtáinig an tAingeal Victor i gcabhair air agus é ina sclábhaí in Éirinn. Tig leis a mhaíomh, chomh maith, go dtáinig an Bhanríon Victoria i gcabhair air. I 1900 d’ordaigh Victoria “that in future, upon St Patrick’s Day, all ranks of my Irish regiments shall wear, as a distinction, a sprig of shamrock in their head dress”. Gan amhras, tá an t-ordú sín á chomhlíonadh i mórán áiteanna.
N’fheadar an mbíonn Colm Cille agus Bríd ag fonóid faoi Phádraig ina thaobh? Má bhíonn, b’fhéidir gur in éad leis atá siad faoi Saint Patrick’s Army Barracks ar an mBaile Meánach gar do Shliabh Mis, Co Aontroma, mar a dtáinig an tAingeal Victor chuig Pádraig.
Bítear ag caint ar an lá féile a aistriú thar laethanta na Bó Riabhaí amach, agus isteach sa Samhradh. Is cosúil gurb iad cosa fuaraithe na majorettes as Meiriceá a spreag an smaoineamh carthanach. Deirtear nach n-aithníonn na cailíní saonta sin roimhré an difríocht idir an carnabhal i Rio de Janeiro agus Paráid Lá ’le Pádraig i mBaile Átha Cliath. Ar ball, tuigeann.
An mbíonn cosa fuara ag duine ar bith de na hionadaithe oifigiúla a théann a cheiliúradh na Féile Pádraig thar lear?