Saoire sa bhFómhar nó Rosmuck - ugh!

BEOCHEIST: TÁ FEABHAS curtha ar na bóithre ó aimsir na gceart sibhialta ach fós tá bóithre cúnga cnapánacha ann a chuir eagla…

BEOCHEIST:TÁ FEABHAS curtha ar na bóithre ó aimsir na gceart sibhialta ach fós tá bóithre cúnga cnapánacha ann a chuir eagla orm. Tiománaithe, a bhformhór óg, ag speedáil leo gan mórán smaoinimh acu d'éinne eile.

Chuir duine amháin ina veain mhór liath róbhrú orm, d’fhéadfaí mé a chur den mbóthar, chuir sé sceoin ionam. Mo léan géar, ná habair nach mbeadh ach na droch-chuimhní seo agam ar an tréimhse a chaitheas i gConamara le déanaí.

Maidin amháin nuair a d’osclaíos na cuirtíní, bhí eala gheal aonair ar an loch caoga slat uaim. Ar strae óna muintir ar Loch Cara Fionnla píosa beag ó dheas uaim?

Stracas mé féin ón bhfuinneog mhór i ríocht seo na lochanna is na ngleannta ina bhféadfá an lá ar fad a chaitheamh ag déanamh iontais den mbealach ina athraíonn an solas ó nóimeat amháin go dtí an chéad nóimeat eile. Uisce na lochanna mar a bheadh scathán ann, íomhánna na gcrann is na gcnoc is na ndroichead go cruinn soiléir.

READ MORE

Conas a fhéadfadh duine imeacht ón áilleacht seo agus tír na Sasanach agus an buildáil a thabhairt air féin? Ar an taobh eile conas ar bhain na glúnta a chuaigh romhainn slí bheatha amach as an talamh sheasc, ag corraíocht leis an charraig lom? B’éigean dóibh imeacht, ní raibh dul as acu. Bhuaileas le bean amháin a d’fhill ar a fód dúchais. “Tá áiteanna i Sasana atá rí-dheas, n’fheadar an ndearna mé an rud ceart?”

“Ná scrios céibh an tSrutháin,” a deir an fógra ar thaobh an bhóthair. Bhí fadhbanna eile ann. An gcuirfeadh Bus Éireann deireadh le bus Charna? An féidir teacht ar phlean do thodhchaí na n-ealaíon sa cheantar? Cruinnithe chun áiseanna oideachais agus an fhostaíocht is an fhionntraíocht a chur chun cinn. Grúpaí pobail ag teacht le chéile chun saol a muintire a fheabhsú.

Dúirt gach éinne go raibh an samhradh ciúin i mbliana, ní raibh na cuairteoirí ann. Dúirt bean Mhaoinise liom gur i rith na Nollag is mó a thiocfadh daoine fásta ar saoire anois. Ansin a líontar na tithe saoire.

D’admhaigh bean eile in Uachtar Ard gur bocht an samhradh a bhí acu agus go raibh an iascaireacht ar Loch Coirib ag dul i léig le blianta beaga anuas, a bhuíochas sin, a deir sí, leis an alga agus leis na diúilicíní riabhacha ach go háirithe.

Agus mar bharr donais, tá séarachas amh ag sileadh isteach sa loch, tá an córas séarachais as dáta, tógadh é nuair nach raibh ach thart ar 2,000 duine ina gcónaí sa cheantar. Tá an dóchas caillte ag an bhean as na húdaráis. Is cosúil go bhfuil daoine eile gan dóchas leis. Seachtain amháin i lár Dheireadh Fómhair d’imigh deichniúr ar imirce chun na hAstráile ó bhaile beag amháin.

Chualas Gaeilge á labhairt gach aon áit. Ní Gaeilge ar son na cúise ach Gaeilge nádúrtha. B’shin an rud ba mhó a chuir ar mo shuaimhneas mé sa tréimhse a chaitheas thiar, go bhféadfainn Gaeilge a labhairt beagnach gach aon áit le beagnach gach aon duine. Gan réamhsmaoineamh.

Thuigeas leis cad é mar áis iontach é Raidió na Gaeltachta.

Tá áis iontach eile ag an gcuairteoir. Léarscáil Chonamara le Tim Robinson – ní raghaidh tú ar strae leis. Féach ar na logainmneacha atá bailithe ag Robinson, seanchas is scéalta na ndaoine ar pár, caomhnaithe go buan. An ceann a thaitin liomsa ná Loch Coisméig an tSionnaigh. Filíocht.

Bhuaileas le beirt fhear i nGleann Trasna a raibh cumha is uaigneas orthu fós toisc a gcomharsa, John O’Donohue, scríbhneoir, fealsamh is duine ionraic, bheith sínte i gcré na cille.

Siar ó thuaidh i Leitir Fraic ní rithfeadh sé le cuairteoirí na linne seo gur imríodh mí-úsáid ar pháistí sa scoil cheartúcháin a bhíodh san áit iargúlta seo. Tá gile is beocht ag baint leis an áit anois. Dealbhanna sa séipéal an t-aon chuimhne ar na laethanta uafásacha úd.

Tuigim nach bhfuil sa chuairteoir ach eachtrannach ag iarraidh breathnú isteach. Sin an smaoineamh a bhí im’ cheann nuair a shiúlas soir an bóthar tuaithe don uair dheireanach roimh imeacht dom. Ceo ar bharr an tsléibhe, áille an fhómhair, boladh na nduilleog, ceol na sruthán, deirge na gcaor, seabhac ag faire.

Bhí na tiománaithe dainséaracha ligthe i ndearmad agam ach fós lasadh mo chuid feirge uair amháin eile. Sna fógraí is poiblíocht Bhéarla faoi Chonamara thugas faoi ndear gur “Rosmuck” a thugtar ar cheantar álainn an Phiarsaigh. Cé a cheadaíonn an botún gránna maslach seo? Táim fós feargach. Ach mar sin féin fillfead go fonnmhar.