Neamhionadaíocht na ngiúiréithe ina hábhar imní

IS BEAG BLIAIN a imíonn thart nach ndéanann na meáin chumarsáide trácht éigin ar an éagsúlacht lochtanna is féidir a fháil ar…

IS BEAG BLIAIN a imíonn thart nach ndéanann na meáin chumarsáide trácht éigin ar an éagsúlacht lochtanna is féidir a fháil ar chóras giúiré an Stáit seo.

Is caint í seo a bhfuil bunús léi agus ní foláir nó gurb é an locht is mó ná a neamhionadaíche den phobal is atá giúiréithe na hÉireann. Cé go ndearnadh leasú suntasach ar an scéal seo i 1976 is chun olcais atá an neamhionadaíocht ag dul ó shin i leith.

Ba ar phíosa reachtaíochta a thug an tAire Dlí Caoimhín Ó hUiginn isteach i 1927 a bhí an córas giúiré bunaithe go dtí 1976. Mar thoradh ar dhlí Uí Uiginn ní raibh sé de cheart ag mná bheith mar chomhaltaí giúiré bonn ar aon le fir. Bhí ar aon bhean a raibh ceart nó dualgas na seirbhíse giúiré uaithi iarratas speisialta a dhéanamh go gcuirfí a hainm ar chlár na ngiúróirí ionchasacha.

D'fhág dlí Uí Uiginn go raibh leath de dhaonra an Stáit fágtha amach as gné thábhachtach den chóras ceartais idir 1927 is 1976. Ar na cúiseanna le díolúine seo na mban luaigh an tAire Dlí míthaitneamhacht na gcásanna a tháinig os comhair na gcúirteanna agus an uimhir theoranta leithreas a bhí ar fáil do mhná a mbeadh orthu feitheamh sna cúirteanna.

READ MORE

Ach níorbh é ballraíocht den chineál fireann amháin a chinnteodh seans chun suí ar an mbinse giúiré roimh 1976. Sula mbeadh fear in inmhe seirbhís ghiúiré a chomhlíonadh sa bhliain 1975 bheadh air talamh nó áitreabh ar luach is mó ná £18 bheith aige.

I gcás a tháinig os comhair na gcúirteanna sna 1970í d'áitigh beirt bhan, an gníomhaí Máirín de Búrca agus an t-iriseoir Mary Anderson, go mba chóir do ghiúiré bheith ionadaíoch den phobal. Ba cheart bunreachtúil é seo dar leo agus ní fhéadfadh giúiré bheith ionadaíoch den phobal dá mbeadh liosta na ngiúróirí ionchasacha teoranta d'fhir mhaoineacha.

I mbreithiúnas a eisíodh i 1975 tháinig an Chúirt Uachtarach leis an mbeirt bhan. Bhí breithiúna céimiúla na Cúirte Uachtaraí den tuairim go raibh an dá ghné theorantacha de reachtaíocht Uí Uiginn in aghaidh an Bhunreachta toisc gur mhill siad faoi ionadaíocht an ghiúiré agus an bhliain dár gcionn ritheadh reachtaíocht leasaithe tríd an Oireachtas, mar atá Acht na nGiúiréithe 1976.

Ó 1976 ar aghaidh mar sin tá toghairm ghiúiré á fáil ag fir idir shaibhir is dhaibhir agus ag mná idir óg is aosta. Ach fós féin tá giúiréithe neamhionadaíoch agus is ar an reachtaíocht leasaithe atá roinnt mhaith den mhilleán. Faoi Acht 1976, mar shampla, tá a lán daoine a bhfuil taifead coiriúil acu dícháilithe le haghaidh seirbhíse giúiré.

Anuas air sin, ní féidir le lear mór daoine a bhfuil baint acu leis an gcóras ceartais fónamh mar ghiúróirí. I bhfocail an Achta féin, tá dlíodóirí cleachtais agus comhaltaí den Gharda Síochána "neamh-inroghnaithe le haghaidh seirbhíse giúiré".

Mar aon leis na mílte daoine nach ligtear dóibh fónamh mar ghiúróirí tá na mílte eile a bhfuil sé de cheart acu iad féin a shaoradh ó sheirbhís ghiúiré. Tá an ceart seo ag dochtúirí, fiaclóirí, tréidlianna, reiligiúnaigh, mic léinn lánaimseartha, léachtóirí agus grúpaí nach iad. An bhfuil aon chiall in aon chor ag baint le ceart den saghas seo a bhronnadh ar na dreamanna seo?

Is léir mar sin, in ainneoin an bhua thábhachtaigh a fuair de Búrca agus Anderson breis is 30 bliain ó shin, nach féidir a rá go fírinneach go bhfuil giúiréithe ionadaíoch den phobal.

NÍ DEACAIR tuiscint don bhreitheamh Rory O'Hanlon agus tuairim á nochtadh aige i 1999 gurbh iad na haicmí den phobal is mó a bhfuil a n-ionadaithe le fáil ar ghiúiréithe ná mná tí agus an lucht dífhostaithe.

Ach tá a slite féin ag na haicmí seo chun éalú ó dhualgas (nó ó cheart) na seirbhíse giúiré. Cé nach mbíonn ach dháréag ar aon ghiúiré amháin déantar toghairm ghiúiré a sheirbheáil ar ghrúpa líonmhar daoine. Agus gach duine a fuair toghairm tagtha chun na cúirte roghnaítear giúiré as a measc.

Bhí mé féin i láthair i gcúirt breis is uair amháin agus giúiré á roghnú agus breis is uair amháin rinne bean mheánaicmeach mheánaosta cur in iúl don chúirt go raibh laethana saoire thar lear curtha in áirithe aici. Scaoileadh léi ar an toirt, gan aon cheist bhreise a chur uirthi agus gan oiread na fríde de fhianaise a lorg a chruthódh go raibh laethanta saoire pleanáilte i ndáiríre.

Cén chuid den phobal mar sin atá á ionadú ag giúiréithe? Agus cé hiad na daoine a shuíonn orthu? Tá ráite ag léaspaire éigin nár mhaith leis bheith á thriail agus an fíorasc ag brath ar dháréag nach raibh de chlisteacht iontu seirbhís ghiúiré a sheachaint. Ach an mó an ciniceas nó an fhírinne atá le brath ar an gciúta seo?

Chun an bonn a bhaint ó pé fírinne atá ann caithfear grúpaí éagsúla a thabhairt isteach sa chóras giúiré. Dá laghdófaí ar oiread na ndaoine atá dícháilithe, neamh-inroghnaithe agus saortha de cheart ón tseirbhís ghiúiré, bheadh giúiréithe na hÉireann curtha ar bhóthar na hionadaíochta.

Ach tá rud bunúsach amháin eile a chruthaíonn giúiréithe nach bhfuil ionadaíoch.

Is ó chlár na dtoghthóirí Dála a roghnaítear giúróirí ionchasacha, rud a fhágann gur beag an seans go ndéanfar toghairm ghiúiré a sheirbheáil ar aon duine de na céadta míle inimirceach atá tagtha go hÉirinn ón Afraic is ó lár na hEorpa le breis is deich mbliana anuas.

Tarlaíonn, ar ndóigh, go dtagann Polannaigh, Nigéaraigh agus eachtrannaigh nach iad os comhair na gcúirteanna.

Agus iad á dtriail ag Éireannaigh amháin an féidir a mhaíomh go bhfuil siad á dtriail ag giúiré atá ionadaíoch den phobal?

Níor chóir, mar sin, bheith ag brath ar chlár na dtoghthóirí Dála amháin agus giúróirí ionchasacha á lorg. Nach bhféadfaí dul i muinín bhunachar na nUimhreacha Pearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP), mar shampla?

Chiallódh sé sin go mbeadh giúróirí ionchasacha á roghnú ó sciar i bhfad níos ionadaíche den phobal.

Ach dá mbeadh dúnmharú curtha i leith eachtrannaigh, abair, tá gach seans nach mbeadh comhthíreach ná aon eachtrannach eile ar an ngiúiré a thriailfeadh é, fiú dá mbainfí úsáid as foinsí cosúil leis an UPSP.

I Sasana na 12ú haoise bhí sé de cheart ag Giúdaigh a bhí á dtriail giúiré bheith acu ar a mbeadh leath na ngiúróirí ina n-eachtrannaigh. Más luachmhar linn prionsabal na hionadaíochta, níor mhiste sampla gaoiseach na Sasanach meánaoiseach a chur i bhfeidhm anseo.

Dá ionadaíche giúiré is ea is mó muinín an phobail as an gcóras ceartais agus dá luaithe a leasófar an dlí chun gach aicme den tsochaí a thabhairt isteach sa chóras giúiré is ea is mó an dlisteanacht a bheidh ag baint le fíorasc giúiré i súile mhuintir uile na hÉireann, idir shaoránaigh is inimircigh nuathagtha.

Tá sé ríthábhachtach, ar ndóigh, nach bhfágfaí easnamh áiseanna leithris ar ghiúróirí, go háirithe giúróirí mná, mar go mba leor de leithscéal é sin giúiréithe neamhionadaíocha a chosaint.

ballraíochtmembership - dualgasduty - dúnmharúmurder - éagsúlachtdiversity - inimirceachimmigrant - léaspaireluminary - leasúammendment - neamh-inroghnaitheineligible - neamhionadaíochunrepresentative - fíorascverdict - giúróirí ionchasachaprospective jurors - saoránachcitizen - toghairm ghiúiréjury summons