Ligimis orainn...

BEOCHEIST: LIGIMIS ORAINN nach raibh aon Ghaeilge riamh againn

BEOCHEIST:LIGIMIS ORAINN nach raibh aon Ghaeilge riamh againn. Ligimis orainn gur náisiún aon-teangach le Béarla atá ionainn ach go n-aithnítear, toisc go bhfuil muid anois rannpháirteach agus gníomhach i gcúrsaí na hEorpa, go mbeadh sé inmhianaithe go mbeadh an dara teanga inár seilbh agus in úsáid againn.

Samhlaigh go dtagann saincheist an dara teanga do mhuintir na hÉireann ar chlár an Rialtais agus go gcinneann an Rialtas, go stuama, tabhairt faoin gceist mar pholasaí agus mar aidhm inmholta oideachasúil agus forbartha.

Bunaítear fochoiste Rialtais agus seolann an fochoiste tuairisc chuimsitheach tar éis scagadh na ceiste..

Molann siad nár mhiste go mbeadh an dara teanga i bhfeidhm agus in úsáid laethúil ach is gá go mbeadh feidhm agus stádas ag an teanga chéanna, go mbeadh deiseanna oideachasúla, forbartha, eacnamaíocha agus fostaíochta aisti.

READ MORE

Scríobhann siad fosta gur den riachtanas é go mbeadh an dara teanga mar ‘bhranda’ ag an náisiún go mbeadh stádas sa Bhunreacht agus sa dlí aici, go n-aithneofaí í mar theilgean ar fhéiniúlacht agus dúchas mhuintir na tíre. Is riachtanas ar leith é go mbeadh baint aici le scolaíocht..

Tar éis don bhfochoiste féachaint ar fhéidearthacht leathan teangeolaíoch, is é a moladh gurb í an Ghaeilge rogha na coitiantachta mar dhara teanga toisc oidhreacht Cheiltigh agus ársa ár muintire.

Glacann an Rialtas leis an tuairisc agus na moltaí agus tugtar faoin obair agus an dúshlán le gustal. Thar tréimhse fhada ama agus infheistíochta, táirgtear siollabais, bunaítear scoileanna, stáisiúin raidió is teilifíse, achtaítear Achtanna, leagtar amach straitéis 20 bliain, ar bhrú cnaipe roghnach cruthaítear gréasán láithreáin as Gaeilge ar an Idirlíon, spreagtar earnálacha gníomhacha deonacha, cothaítear slógadh, gluaiseacht, aitheantas ar leith do Ghaeltachtaí agus le dua agus deacracht cuirtear an Ghaeilge ar an bhfód. I measc na ngradam a bhaineann sí amach mar theanga faigheann sí aitheantas ar ardán na hEorpa mar theanga oifigiúil Eorpach.

Deimhníonn gach suirbhé agus aiseolas ón bpobal go n-aithnítear agus go nglactar le Gaeilge mar acmhainn agus sócmhainn reatha tíre. Anuas air seo uile tagann cúltacaíocht as na staitisticí a eascraíonn as daonáireamh 2006 ina léiríonn breis agus 1,000,000 duine ar an oileán go bhfuil bá agus cumas acu sa dara teanga.

Leantar den staidéar agus déantar anailís ar na táscairí feidhmiúlachta agus, i 2007, foilsítear taighde cuimsitheach ar an nGaeltacht a thugann le fios go bhfuil nósmhaireacht na Gaeilge ag meath mar theanga laethúil sna pobail agus go bhfuil an t-aistriú teanga ó ghlúin go glúin i mbaol.

Ní thuigtear baileach cén chaoi a bhféadfadh sé bheith amhlaidh tar éis na hinfheistíochta go léir idir am agus airgead. Is údar mór imní an patrún seo don bpobal agus don Rialtas agus in ainneoin géarchéimeanna tromchúiseacha eacnamaíocha, cinntear athchuairt iomlán a thabhairt ar an gcur chuige.

As an iniúchadh úr tagtar ar fhíric theangeolaíoch shuntasach amháin gur féidir a leigheas go héasca, ach an toil bheith ann, “tá muintir na hÉireann ag fáil rochtain ar an nGaeilge trí Bhéarla go fóill agus tá an táirgiúlacht ar an nGaeilge féin ró-íseal chun dul i ngleic le greim daingean an Bhéarla”.

Iarrtar ar thionól saineolaithe scagadh a dhéanamh ar an stádas áirithe seo chun tomhais a dhéanamh ar an gcoincheap. Seo samhail de phríomhphointí na hanailíse uathu:

– le cúnamh theicneolaíocht na faisnéise cuirfear foclóirí Gaeilge-Gaeilge ar fáil ar líne le go mbeidh an pobal ag foghlaim na teanga trí Ghaeilge go príomha;

– iarrfar ar gach Roinn aonad Gaeilge a bhunadh ina mbeidh ábhar á tháirgeadh trí Ghaeilge ar dtús le n-aistriú go Béarla ar ball más gá;

– seachas ábhar bheith á aistriú ó Bhéarla go Gaeilge, ar chostas ard agus ar bheagán tairbhe teangeolaíoch, cuirfear an dá theanga taobh le taobh ar láithreáin ghréasáin, i gcáipéisí oifigiúla, i nuachtáin, irisí agus na meáin chraolta ach beidh an t-ábhar as Gaeilge éagsúil ar an ábhar as Béarla;

– aontófar leis na meáin chlóbhuailte go mbeidh airteagal substaintiúil Gaeilge i ngach eagrán mar quid pro quo ar ghnó fógraíochta costasach a fháil ón Stát.

Tá siad ann a déarfadh nach bhfuil an fhís seo ‘réalaíoch’. Ní shin cúis leor dóthain ámh gan aghaidh a thabhairt ar an gcoincheap mar shaincheist. Nár lige Dia, i ré dhigiteach a osclaíonn na hildeiseanna teangeolaíocha dúinn, go mbeidh muid fós ag rochtain na Gaeilge trí Bhéarla i 2028.