BEOCHEIST:THART AR an uair seo bliain ó shin, d'fhógair Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh, Bhéaloideas Éireann agus na Teangeolaíochta sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, go raibh sos bliana le bheith ag an léacht phoiblí, Léacht Uí Chadhain, a bhí á reachtáil faoi choimirce na Nua-Ghaeilge ó 1980 i leith.
Fógraíodh le déanaí go bhfillfidh an léacht Déardaoin 22ú Deireadh Fómhair agus gurbh é an tOllamh Nicholas Williams, a bhí ina Chomhollamh le Teangacha Ceilteacha go dtí an t-am seo an bhliain seo caite san ollscoil chéanna, a thabharfaidh caint na bliana seo, “An Chornais agus an Ghaeilge – ceacht nó rabhadh?” Forléargas a bheidh ann ar mheath agus ar athbheochan na Cornaise chomh maith leis na tréithre suntasacha comónta idir an dá theanga.
Rugadh an tOllamh Williams in Essex i Sasana, agus tar éis dó céim a ghnóthú in Oxford, dochtúireacht a bhaint amach i mBéal Feirste agus seal a chaitheamh i Learpholl, ceapadh é ina léachtóir le Gaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath sa bhliain 1977, áit ar shaothraigh sé ar feadh breis agus 30 bliain.
Tá stair fhada aige leis na teangacha Ceilteacha agus a litríocht agus tá a rian sin le sonrú ina chuid foilseachán.
Ba dhuine de na comheagarthóirí é de Stair na Gaeilge(1994), agus é ag scríobh caibidlí ar chanúintí na Gaeilge i gCúige Laighean agus ar Mhanainnis. Mar theagascóir ollscoile, is ar éigean go raibh duine ar bith le mo linnse san ollscoil chomh spreagúil.
Bhí slí mhúinte aige nach bhféadfaí dearmad a dhéanamh uirthi agus dúshlán á chur aige roimh gach scoláire a bhí os a chomhair amach.
Tá stair fhada ag an gCornais a roinneann trí cheathrú dá cuid foclóra le Breatnais agus 35 faoin gcéad de le Gaeilge. Bíodh agus an teanga ainmnithe ‘marbh’ ag UNESCO, tá cás na Cornaise ag athrú faoi láthair agus stádas bainte amach aici sa bhliain 2002 ina teanga mionlaigh Eorpach.
Socraíodh sa bhliain 2008, 50 bliain tar éis a leithéid i gcás na Gaeilge, litriú caighdeánach a leagan ar an gCornais.
Ar aon dul le Gaeilge, rinneadh gach iarracht an teanga a athbheochan i gcaitheamh na haoise seo caite.
Is féidir síolta na hathbheochana seo a leanúint siar go 1904 agus an scríbhneoir Henry Jenner nuair a scríobh sé A Handbook of the Cornish Language.
Bhí luaite ag Kenneth McKinnion ag tús na mílaoise seo go raibh thart ar 300 duine a bhí in ann an Chornais a labhairt go líofa, ach tá fianaise eile ann ó shin go bhfuil ardú áirithe tar éis teacht air sin.
Oireann an chaint seo go mór d’ócáid a bhfuil stair iomráiteach aici. Ba é Breandán Ó hEithir a thug an chéad léacht sa tsraith, “Máirtín Ó Cadhain: an pholaitíocht agus an Ghaeilge” agus leanadh le cainteanna ar an gCadhnach féin, ar ábhar na litríochta comhaimseartha agus ar ghnéithe de léann na teanga sna blianta ó shin.
Bhí tuairim ann bliain ó shin go mb’fhéidir go raibh an ócáid i mbaol toisc líon na ndaoine a bhí ag freastal uirthi ag titim i mblianta tosaigh an chéid seo.
Cúis áthais agus misnigh agus a mhalairt de scéal a bhí ann cothrom agus dhá bhliain ó shin nuair a thug an Dr Regina Uí Chollatáin an léacht bhreá dheireanach sa tsraith “In Ard a Ghutha, finnéithe litríochta an 20ú haois: critic iriseoireachta”, a chuir tús le comhdháil comórtha ar shaol agus ar shaothar Sheáin Uí Ríordáin, 30 bliain ón uair ar bhásaigh an file clúiteach.
D’fhreastail breis agus 100 ar Léacht Uí Chadhain agus oscailt thaispeántas an Ríordánaigh; bhí slua mór eile i láthair ag na himeachtaí acadúla agus an oíche chultúrtha i rith an lae ina dhiaidh.
Léirigh an iarracht sin an tábhacht a bhain leis an gceangal idir an téama litríochta, acadúil, Gaelach cuí agus an tslí ar féidir scéal na himeachta a dhéanamh mealltach do phobal spéise na Gaeilge máguaird.
Bhí an cuidiú ilghnéitheach ó RTÉ, Acadamh Ríoga na hÉireann, Foras na Gaeilge, Bord na Gaeilge UCD agus Coláiste na hOllscoile, Corcaigh ríthábhachtach do Scoil na Gaeilge i reachtáil na hócáide céanna. Foilseoidh Cló Iar-Chonnachta léachtaí na comhdhála sin go luath.
I ndiaidh an tsosa de bhliain, beidh an chré i gcill an Chadhnaigh ag tnúth le hócáid athnuaite an Choláiste Ollscoile i gceann cúpla seachtain.
- Beidh Léacht Uí Chadhain i Léachtlann O, Áras Newman, UCD, Déardaoin 22ú Deireadh Fómhair ar 7.30pm. Eolas: irish.gaeilge@ucd.ie01-7168385