Comhrá ciallmhar bainc

BEOCHEIST: CASADH baincéir óg orm an lá cheana agus ar sé liom: “Is fada nach bhfaca mé anseo thú!”

BEOCHEIST:CASADH baincéir óg orm an lá cheana agus ar sé liom: "Is fada nach bhfaca mé anseo thú!"

“Ó, is fada ó bhí dóthain maoine sa mbanc seo agaibh!” arsa mise.

“Ó, is fada ó bhí cúrsaí chomh dona, maith go leor!” ar sé.

“Is fada ó bhí féilire féin agaibh!” arsa mise.

READ MORE

“Ó, stop,” ar sé, “is fada ó bhí crann Nollag féin againn!”

“Nuair a thagaimse isteach anseo anois,” arsa mise, “is sibhse a ghoideann mo bhiorósa!”

“Bhfuil a fhios agat anois,” ar sé go lúcháireach, “is fada ó labhair mé Gaeilge!”

“Bhuel, nára fada arist é!” arsa mise.

“Céard a cheapann tusa faoi na daoine seo a bhíonn ag rá gur cheart teangacha ar nós na Gearmáinise nó na Fraincise a mhúineadh in ionad na Gaeilge?” ar sé.

“Is fada mé ag rá an ceart a bheith acu,” arsa mise, “le go bhfeicfí nach mbeadh na daltaí aon phioc níos fearr sna teangacha sin, nó in aon teanga eile!”

“Aon duine,” arsa mise, “arb é an Béarla a theanga dhúchais ní fhoghlaimeoidh sé aon teanga iasachta, bí cinnte de sin! Níl le déanamh ach breathnú ar Astrálaigh, Meiriceánaigh, Sasanaigh!”

“Is breá liomsa an Ghaeilge,” ar sé, “ach is fada meirg ag teacht uirthi!”

“Nára fada go mbí loinnir ar ais uirthi!” arsa mise.

“Sé is measa fúithi,” a deir sé, “nach mbíonn sí le cloisteáil!”

“Sin faoi gur fada thú ag coinneáil do chluasa dúnta!” arsa mise.

“An fada ó d’éist tú le Raidió na Gaeltachta? Is fada anois í sin ag craoladh beo beathach ceithre huaire fichead sa ló!”

“Cúrsaí spóirt is fearr liomsa le fada!” ar sé.

“Is fada a bhí agat, más ea, TG4 a bheith mar leannán agat!” arsa mise.

“Mar is rófhada daoine i gcoitinne ró-leithscéalach, róleisciúil, róleitheadach, ag coinneáil a gcuid cluas is a gcuid súl dúnta! Agus, níos measa fós, a meon!”

“Meas tú?” ar sé.

“An fada ó bhí tú ar an traein go Bleá Cliath? An fada ó leag tú do thóin ar an mbabhla leithris ar an traein sin?

“An fada ó bhí tú ar an LUAS i mBleá Cliath? Má choinníonn tú do chluasa ar oscailt, agus do mheon glan, cloisfidh tú na fógraí ar fad i nGaolainn chomh maith leis an Sacs-Bhéarla!

“An fada ó thaistil tú ar bhus de chuid CIÉ, más sin a thugtar fós ar an gcóras? Coinnigh do shúile ar oscailt mar is fada na fógraí dátheangach ar na busanna sin, chomh poiblí i nGaolainn is atáid sa Sacs-Bhéarla!

“Más agat do shuíochán a thabhairt uait d’aostach nó do mhíchumasach déarfar sin leat sa dá theanga oifigiúla ar fhaitíos na míthuisceana!

“Má théann tú go deo isteach ag an Malartán Oibre, cé, le cúnamh Dé is na Maighdine Muire, ní móide go mbeidh sin riachtanach dhuitse, foghlaimeoidh tú focla Gaolainne ansin nach raibh a fhios a bheith ann!

“A chomrádaí liom, tá Gaeltacht de shaghas ar chuile thairseach is ins chuile sheomra suite faoi láthair, agus fainic a ndéanfaimis siléig inti! Is fada ar na saolta seo ó bhí sé níos éasca Gaeilge a labhairt ná a fhoghlaim!”

“San iománaíocht is mó mo shuimse le fada!” ar sé. “Is fada mé ag rá liom féin gurb í an iománaíocht an rud is Gaelaí in Éirinn, agus is fada mé ag casaoid nach bhfuil an Cumann Lúthchleas Gael ag déanamh dóthain di.”

“An Ghaeilge agus an iománaíocht,” arsa mise, “siad sainchomharthaí na tíre seo iad! Cuir an Guinness ina dteannta agus tá an Tríonóid Naofa againn!”

“Agus níl an Rialtas ag déanamh faic!” ar sé.

Ar sé ansin: “Ceapaim féin, scaití, gurb í an iománaíocht a shábháilfeas an Ghaeilge! Tá an-tsuim san iománaíocht agamsa,” ar sé, “bím ag traenáil foireann faoi dhó dhéag amuigh in áit bheag a dtugtar Fedamore air, ar chuala tú trácht ariamh air?”

“Chualas go deimhin!” arsa mise, “ach déarfainn le CAB agus le NAMA nach fada eile a bheas a gcuid áras galánta amuigh ansin ag giollaí móra na cathrach seo!”

“Á, ná bac san! Fan go bhfeice tú!” ar sé go ríméadach agus é ag sacadh leath-láimhe isteach i dtarraiceán faoina bhord.

Bhain sé banda ruibéir amach, gur shín sé chugam é.

“Féach air sin!” ar sé.

Chonaic mé go raibh an t-ainm FEADAMAR air.

Agus lena ais bhí na focla spreagúla: “Don’t Give Up!”

“Bhfuil a fhios agat an Ghaolainn atá air sin?” arsa mise.

Stán sé san éadan orm.

“Is féidir linn!” ar mé.