BEOCHEIST:THÁINIG CÁRTA beag gleoite tríd an bhosca litreach an lá cheana uaidh mhuintir Chonradh Liospóin. "An bhfuil ceist agat?" a bhí scríofa ar an gclúdach in aice le pictiúr simplí de thriúr saoránach sásta.
“Níl aon cheist againne,” a dúirt a n-aoibheanna áthasacha, “tá glactha againne le Liospóin agus féach chomh sásta is atá muid!”
La la la, seo linn go gairdín an aoibhnis.
Aimsir seo na ndrochscéalta bhí sé go hálainn dea-scéal a fháil, chuirfeadh sé cineál suaimhnis ar dhuine. Caith vóta ar son Chonradh Liospóin is beidh gach rud go breá. Shamhlófá Homer Simpson: “Mmmm, Liospóin.”
Ní fheicfear scríofa ar aon phóstaer é ach is í bunteachtaireacht an fheachtais ar son Chonradh Liospóin ná: “Tá tú ag ceapadh go bhfuil rudaí go dona anois? Samhlaigh chomh dona is a bheidís mura mbeadh an Eoraip againn!”
Mura bhfuil sé á rá amach féin níl aon dabht ach go n-éireoidh níos fearr leis an teachtaireacht cheilte sin ná an ceann ar baineadh úsáid as an uair dheireanach. Leithéidí: Conradh Liospóin – Go maith d’Éirinn! Amhail mana an bhricfeasta: “Frosties – They’re grreat!”
I ndáiríre, b’ábhar iontais a bheadh ann dá mbeadh glactha leis an gconradh.
Tógadh an ceacht. Déanfar ceart é an uair seo. An chéad chéim den fheachtas ‘ceart’ ná na cártaí poist a seoladh chuig ’chuile theach sa Stát. An rud a bhí scríofa orthu ná liosta de na príomhábhair imní a bhí orainn, agus geallúint in aice leo. Coimisinéir? Tic! Cumhacht ar chúrsaí cánach? Tic! Neodracht slán? Tic!
Ach más fíor, bhí na rudaí sin dearbhaithe sa chonradh an chéad uair agus níl sna geallúintí seo ach dearbhú sa bhreis ar an méid a bhí ann an chéad bhabhta ar aon chaoi. Gealltar dúinn ar nós lánúin trodach i mbun athmhuintearais – an uair seo beidh rudaí difrúil. I gcás an reifrinn, áfach, tá sé fíor, beidh rudaí difriúil – an uair seo táthar muiníneach go nglacfaidh muid leis. Ach taobh amuigh de roinnt maisiúchán céard a d’athraigh? Cén fáth go mbeadh glacadh againn leis an iarraidh seo?
Ar nós ’chuile shórt eile ceaptar go mbaineann an t-athrú intinne leis an gcúlú eacnamaíochta. Is beag ceist a chuirtear na laethanta seo nach bhfuil an cúlú eacnamaíochta mar chuid den fhreagra. Arsa Seáinín Óg: “Cén fáth go bhfuil an spéir gorm?” Arsa Mamaí: “An cúlú eacnamaíochta a stóirín.”
Is é an tús agus deireadh, an alpha agus an omega. Lá breá éigin amach anseo beidh údar eile ar ’chuile shórt, ach don am i láthair is mar gheall ar an gcúlú a mheastar gach cinneadh bheith déanta.
An t-aon rud faoi ná, i gcás an reifrinn, tá sé fíor gur mar gheall ar an gcúlú go bhfuil daoine ag athrú a n-intinne. Is iad cúrsaí eacnamaíochta na gnéithe is cumhachtaí dá bhfuil ann agus cinneadh bheith á thógáil.
Bhí an Eoraip tábhachtach dúinn agus muid ag fás, tír bheag agus geilleagar oscailte againn. Chabhraigh sé linn agus muid ag fás go raibh fáil againn ar mhargaí na hEorpa, infheistíocht, infrastructúr na hEorpa, airgeadra na hEorpa. Anois agus muid i dtrioblóid chabhraigh sé go mór linn go raibh fáil ag Éirinn ar chuid den €600 billiún d’airgead tarrthála an ECB.
Chuir sé laincisí orainn freisin, nuair a bhí praghasanna ag méadú anseo agus bolgán na tithíochta ag méadú níor chabhraigh rátaí úis an euro linn. Cuireadh na rátaí in oiriúint do gheilleagair mhóra na hEorpa agus choinnigh Banc Lárnach na hEorpa na rátaí úis íseal le spreagadh a thabhairt dóibh.
Creidtear go mbeidh an cúlú eacnamaíochta níos faide anseo agus níos géire ná i dtíortha eile na hEorpa. Ceann de na fáthanna leis sin ná an euro féin mar nach bhfuil na huirlisí ar fáil don Rialtas le luach an airgid a laghdú. Beidh an fás ag brath go mór ar acmhainn iomaíochta na tíre a fheabhsú agus tógfaidh sé sin am.
Cé go raibh an chuma air gur cheap an Rialtas gur le teann gaisce nó le dánaíocht a dhiúltaigh muid do Chonradh Liospóin an chéad uair níorbh shin an fáth ar chor ar bith. Ní raibh muid ar nós páiste dána ag diúltú do threoir a thuismitheora. Bhí údar imní againn faoin gconradh agus níor déanadh a dhóthain le muid a chur ar ár suaimhneas.
Ní dhéanfar an botún céanna faoi dhó. Mura ndéanfar rud ar bith eile an iarraidh seo cuirfear ar ár suaimhneas muid. Táthar fós ag caint linn mar a bheadh páistí dána, ach an uair seo scaoilfidh muid leo. Gach seans go nglacfar le Conradh Liospóin, ach má ghlactar ní a bhuíochas le cárta poist beag gleoite a bheas sé.