BEOCHEIST:"BA MHAITH liom breith ar eireaball spideoige..." a dúirt Seán Ó Ríordáin.
Ní furasta breith ar eireaball spideoige. Dá mbéarfainnse ar an eireaball is é an eagla is mó a bheadh orm na cleití eireabaill teacht liom i mo láimh agus an t-éan bocht bheith fágtha gan cumas eitilte. B’fhéidir gur baint leis an eireaball a bhí i gceist.
Cúpla bliain ó shin chaith mé béile taobh ar taobh le bean ón Bhreatain Bheag.
Sa chomhrá eadrainn d’inis sí dom mar a théann sí amach go luath ar maidin sa ghairdín, mar a ghlaonn sí ar an spideog á rá “Eisau caos?” (“An bhfuil tú ag iarraidh cáise?”) agus mar a thuirlingíonn an spideog ar a láimh agus go n-itheann an cháis aisti.
Tá foghlamtha agamsa anois leis an rud céanna a dhéanamh. Éinín beag dána is ea an spideog. Is beag scáth a bhíonn air roimh an duine, go háirithe san aimsir chrua.
Fiú sa Samhradh tagann sé mar a mbíonn daoine ag ithe faoin aer agus déanann dánaíocht ar ghrabhar bia.
Glacfaidh sé blúiríní aráin gan dabht ach de réir a thuairisce, agus de réir mar a fuaireas-sa, is rogha leis an cháis.
Cáis thirim agus é briste nó grátáilte mion is fearr leis an spideog, dar liom, cáis nach ngreamaíonn ina ghob. Tá an sórt ar a dtugtar céadar go maith chuige. An ghréisc a bhíonn uaidh, is dócha.
Dúirt m’athair liom, tráth, gur nós le daoine saill bhágúin a thabhairt don spideog lá fuar Geimhridh. Ach ainneoin an spideog bheith toilteanach an ghréisc a ithe, dúirt sé nár chóir an ghréisc sin a thabhairt dó toisc go gcuireann an salann tart ar an éan.
I measc na héanlaithe is dócha gurb é an spideog an madra. Sa tír seo againne, pé scéal é, is maith leis an spideog an duine agus trustaíonn sé an duine.
Tuirlingíonn sé ar fheac na spáide a bhíonn sáite sa talamh. Leanann sé tochailt an spádóra, agus leanann sé an spádóir féin.
Is minic, nuair a théim amach sa ghairdín, a dhéanaim feadaíl leis an spideog, agus i gcionn tamaillín bíonn sé liom ar chraobh, ar shreang nó ar fhalla nó ar dhíon seide, uaireanta ar mo chúl i ngan fhios dom.
Uaireanta ní thagann. Uaireanta tagann sé láithreach gan mé feadaíl ar bith a dhéanamh. Uaireanta is seisean a thosaíonn an phortaireacht.
Aréir tháinig sé faoi sholas leictreach – solas an lae díreach imithe.
De ghnáth, má thagann sé, tiocfaidh sé ar mo lámh má bhíonn bia agam dó. Mura n-itheann sé, nó má bhíonn fuílleach fágtha, cuirim an fuílleach ar leic na fuinneoige, áit a dtagann sé á lorg ó am go a chéile.
Go minic, tar éis ite fanann sé ar a fhoradh ag portaireacht liom agus mise á fhreagairt.
Is gnách leis suí ar chrann úll comharsan chun faire orm, ar chraobh timpeall trí mhéadar ón talamh. Cúpla seachtain ó shin thosaigh sé ar dhul a thrí oiread sin in airde ar chrann sailí siltí.
Toisc an duilliúr bheith tithe bíonn radharc soiléir agam air, go háirithe faoi lonradh na gréine i lár an lae.
Bíonn a bhrollaichín gléineach inaitheanta agus a phortaireacht bhinn le braith i gcéin agus i gcóngar.
Is é an chéad smaoineamh a rithfeadh leat gur chun radharc níos fairsinge a fháil a théann sé in airde. B’fhéidir nach é sin é go díreach.
Amhail an clog sa chloigtheach dá airde a fhoradh is ea is forleithne a chloistear a fhógra. Agus is faide uaidh a fheictear é ar an lá grianmhar.
Le tamall anuas mheas mé go raibh an dara spideog ann, nósanna difriúla aige, shíl mé, mar shampla teacht ó aird neamhghnách thar dhíon seide, agus tuirlingt ar bharr dorais oscailte.
Ba é an rud ba neamhghnáthaí ar fad an greamú aige ar gharbh-bhalla an tí agus breathnú san aghaidh orm.
Mheas mé lá go raibh éadan an éin ruidín beag níos caoile ná an gnáth.
Ar maidin inniu agus páipéar an lae á léamh agam, chuala an fheadaíl ghearr.
Is ea, fad méadair uaim amuigh ar leic na fuinneoige, bhí sé ansin ag piocadh leis.
N’fheadar an é a bhí ag portaireacht óir, ar líne na n-éadaí gar dó, bhí an dara spideog.
N’fheadar ar chiallaigh an phortaireacht a chuala mé “Féach, sise mo bhean!”, nó “Féach, mise a bheansan!”
Pé scéala é, ling an dara spideog ó líne na n-éadaí gur ghreamaigh ar gharbh-bhalla an tí.
Fáilte romhaibh, a theaghlaichín bhig.