Ag iascaireacht in Alaska

BEOCHEIST : IS IOMAÍ sin údar le triall ar Alaska

BEOCHEIST: IS IOMAÍ sin údar le triall ar Alaska. Í ar na ceantracha is lú daonra sa domhan; í ar an bhfrontier deiridh, mar a deirtear; neart bolcán beo inti; neart creathanna talúna; an líon is mó iolrach ceannbhán; an t-iliomad sruthanna oighre; an sneachta; an dreapadóireacht; na Saighneáin.

Ach gurb í an iascaireacht an buntáiste is mó. Tá trí mhilliún loch in Alaska. Is í Alaska an mheice d’iascairí.

Is iad an t-eileabó agus an bradán na héisc is mó a bhfuil meas orthu. Ar ndóigh, is iasc farraige é an t-eileabó; an abhainn a shamhlaítear leis an mbradán.

Tá an t-eileabó thar a bheith fairsing; ceanna acu an-mhór. Tá eileabó a mheáigh 495 phunt ar spáint san músaem in Anchorage.

READ MORE

Casadh fear in Anchorage orm ar as New Orleans dó a mharaigh ceann a bhí os cionn 200 punt agus bhí sé á sheoladh abhaile reoite chuige.

Eileabónna móra is iondúil go gcaitear le gunna iad sula dtugtar ar bord báid iad arae d’fhéadfaidís lámh duine a bhriseadh nó damáiste do bhád snáithíneach.

Is é an bradán, ámh, caiptín na n-iasc! Seo é an breac a mbíonn súil le breith air. Agus tá cinn mhóra in Alaska. Tá ceann a mheáigh ceithre scór go leith punt, a maraíodh 1996, ar spáint in aerfort Anchorage.

Is é an bradán Aigéin Suaimhnigh atá thall, ar ndóigh, agus ní mar a chéile eisean chor ar bith leis an mbradán Atlantach atá abhus. Aon chineál amháin bradáin Atlantaigh atá ann – ón Rúis go dtí an Spáinn – ach tá cúig chineál dhifriúla den bhradán Aigéin Suaimhnigh.

Is iad na trí cinn is mó a bhfuil meas orthu ná an ríbhradán (chinook), an bradán rua (sockeye), agus an bradán geal. Thiocfadh leis an ríbhradán a bheith an-mhór. Sna haibhneacha i gceantar leithinis Kenai is fairsinge é, agus is amhlaidh don bhradán rua. Téirigh go dtí Homer!

Difríocht mhór eile idir bradáin an Atlantaigh agus bradáin an Aigéin Suaimhnigh is ea go gcailltear an ceann thall – na cúig chineál díofa – théis dóibh sceitheadh. Ní tharlaíonn sin i gcás an cheanna abhus.

Is é an bradán geal, an cineál is lú, is fairsinge ar fud Alaska, ámh. Ina séasúr, nuair a bhíd ag filleadh abhaile, suas na haibhneacha, le sceitheadh bíonn na haibhneacha barrlán leo. Nuair a théann an taoille amach – agus bíonn taoillí an-arda isteach sna haibhneacha in Alaska – bíonn na bruacha plódaithe le hiascairí. I Ship Creek, i lár Anchorage féin, is amhlaidh a bhíonn.

Ardaíonn an t-uisce 39 troigh ag béal na habhann seo agus in achar ar bith théis di trá tagann na hiascairí síos. Faoi go mbíonn an t-uafás latraigh ar na poirt is iad dúchasaigh Anchorage féin, na bundúchasaigh go háirid, a chruinníonn anseo i gcoinne na héadála.

Is seó é seo, iascairí le hais a chéile ar dhá thaobh na habhann – an abhainn an-chaol ag an tráth ama seo – na bradáin le feiceáil go soiléir. Ní cosúil an iascaireacht bhradáin anseo le hÉirinn. Bíonn meáchan ar an dorú anseo le gur féidir é a chaitheamh amach go héasca agus go ngabhann an chuileog láithreach go grinneall.

Is beag fad a bhíonns sa dorú mar nach mbíonn na bradáin i bhfad amach. Cé go mbíonn an t-uisce á lascadh le doruithe ní scanraítear an bradán. Ar ndóigh bradán ar bith – iad seo thall nó iad seo abhus – ní ghlacann siad le beatha ar bith fad is atá siad san abhainn.

Le breith ar bhreac acu más ea is éard a chaitear a dhéanamh é a mhealladh chun do dhuáin teann fiosrachta, leimhe nó bearráin!

An t-iascaire seo in Anchorage tá uaidh a chreach a gheafáil oiread le bealach ar bith! Dá mbeadh a bhealach aige is cinnte gur eangach a chuirfeadh sé ag obair ach go bhfuil an modh sin in aghaidh an dlí; faoi mar atá an gheafáil in aghaidh an dlí. Tá cosc ar bhradán a choinneáil más a gheafáil a dhéantar. Lena bhéal amháin!

Trí cinn an duine in aghaidh an lae a cheadaítear. Chonaic mé féin fear ag breith ar thrí bhradán taobh istigh de chúig nóiméad. Ach go mbíonn an-chaimiléireacht ar siúl.

Na bradáin bhochta, a déarfá, cén deis éalaithe chor ar bith atá acu arae maraítear mórchuid amuigh ar an mbóchna sula n-éiríonn leo tabhairt suas faoin abhainn chor ar bith.

Agus ní hiad na hiascairí slaite amháin a bhíonns ag faire ina dhiaidh sin orthu ach na beithre agus na hiolraigh chomh maith. Tá Abhainn an Yukon, a bhfuil a béal farraige in oirdheisceart Alaska, 2,000 míle ar fhaid!

An dara cuid ar an tseachtain seo chugainn

Ceal spáis béigin an t-alt seo a choimead siar go dtí inniu.