Institiúid ghránna a shlog na mílte gan trua gan taise

Tá cearta daonna mar bhonn faoin tseirbhís sláinte sa lá atá inniu ann

Foclóir: Neamhdheonach – involuntary; Acht Cóireála Meabhair-Ghalar - Mental Treatment Acht; athbhreithniú uathoibríoch – automatic review; inniúlacht mheabhrach – mental capacity; craosach – voracious; slaparnach – slapping (sound); cadránta - hard/unfeeling; dáileog – fix or dose.

Le blianta beaga anuas cloiseadh go leor cainte faoi chúrsaí meabhairshláinte. Bhí daoine toilteanach labhairt go hoscailte faoin gcaoi a raibh siad ag fulaingt le galair intinne mhíchumasaithe. Ar ndóigh, chuir drochthionchar Covid-19 go mór le fadhbanna meabhairshláinte daoine agus b’fhéidir go raibh fonn níos mó ar an bpobal an t-ábhar a phlé dá bharr.

Ar an dea-uair, tá an t-uafás tacaíochta agus an iliomad seirbhísí ar fáil do dhaoine a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte acu. Bíonn grúpaí tacaíochta, comhairleoirí, aonaid ospidéil speisialta, síceolaithe agus síciatraithe ag cabhrú le daoine agus bíonn drugaí cumhachtacha ar fáil mar chóir leighis. Agus thar aon rud eile, tá cóireáil don duine ina bunchloch agus tá cearta daonna mar bhonn faoin tseirbhís sláinte sa lá atá inniu ann.

Ba mhó an feall nach raibh aon rud a bheadh inchomórtais leis ar fáil sna seanlaethanta!

READ MORE

Is saineolaí den scoth é Brendan Kelly, Ollamh le Síciatracht i gColáiste na Tríonóide a bhfuil lear mór leabhar scríofa aige faoin ábhar seo, an dá leabhar seo a leanas san áireamh: Hearing Voices (2019) agus In Search of Madness (2022). Déanann sé cur síos iontu ar stair na síciatrachta in Éirinn agus mholfainn d’éinne a bhfuil suim aige nó aici san ábhar an dá leabhar sin a léamh.

Agus ní haon ábhar bróid é stair na síciatrachta sa tír seo: de réir tuarascála a leagadh os comhair pharlaimint Westminster in 1817, maíodh go raibh cinniúint chadránta i ndán do dhaoine a bhí buailte leis an ngalar in Éirinn ag an am sin.

De réir na tuarascála sin, bhí sé ina chleachtas faoin tuath poll beag cúig throigh ar dhoimhneacht a thochailt i lár an bhotháin ionas nach mbeadh áit seasaimh ann. Chuirtí cás sreinge thart timpeall ar bharr an phoill chun nach n-éalódh an t-ainniseoir. Ba ann a thugtaí a gcuid bia dóibh ar feadh na mblianta agus ba ansin a bhásaídís.

Ó lár an 19ú céad ar aghaidh tógadh na céadta gealtlann (mar a thugtaí orthu go dtí le gairid) in Éirinn agus tá an tuath breac leo fós: foirgnimh ghránna liatha a tógadh píosa siar ó na príomhbhóithre agus iad taobh thiar de bhallaí móra sceirdiúla.

B’fhiú a chur san áireamh go raibh sochaí na tíre scriosta sna blianta beaga tar éis an Ghorta Mhóir. Bhí na milliúin básaithe, díbeartha agus imithe ar imirce. Lena chois sin bhí an tiontú teanga a bhris an traidisiún. Is deacair an tráma a d’fhulaing na daoine a bhí fágtha a shamhlú. Ní raibh caoi ná slacht ar pé cabhair a chuir na húdaráis ar fáil.

Chuirtí fir is mná soir, siar, ó dheas agus ó thuaidh go dtí na foirgnimh dhiolba seo, mar nach raibh siad ar a gciall de réir ‘saineolaithe’. Cé atá ina ghealt? Cé nach bhfuil? Agus cé a dhéanann an cinneadh?

Ní raibh mórán níos mó ar a n-aird ag údaráis na tíre seo ó thús an 19ú céad go deireadh an 20ú céad ach tógáil gealtlann chun daoine a bhí “buailte” le meabhairghalair a choimeád faoi cheilt iontu.

In 1945, bhí 17, 708 duine i dtithe na ngealt in Éirinn; agus faoi 1960 bhí níos mó ná 20,000 iontu. Sa bhliain 1951 bhí an ghealtlann i mBéal Átha na Slua an-tábhachtach do gheilleagar an bhaile sin: as daonra de 5, 600 duine, bhí 2,000 dóibh ina n-othair sa ghealtlann.

Idir ghaolta, oibreoirí agus daoine eile bhí beagnach gach aon duine ar an mbaile bainteach leis an ngealtlann – ag soláthar earraí nó ag cur seirbhísí ar fáil di.

Faoin Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945, d’fhéadfaí duine a choimeád sa ghealtlann agus cóir leighis a chur air i gcoinne a thola ar feadh tréimhse gan teorainn gan aon athbhreithniú uathoibríoch a dhéanamh ar a chás.

Agus ar ndóigh, ní raibh an t-othar bocht in ann dúshlán a thabhairt dá choinneáil mar ní raibh an inniúlacht mheabhrach nó na hacmhainní aige chun a chás a thabhairt chun cúirte.

In 2008, chinn an Chúirt Uachtarach go raibh an t-alt seo san Acht 1945 míbhunreachtúil mar gur chuir sé cosc thar fóir ar cheart an othair fáil a bheith aige ar na cúirteanna sa chás go raibh a cheart bunúsach – saoirse – i gceist. Níorbh fhiú cac bó é sin do dhaoine a chuir amú daichead bliain dá saol agus iad faoi ghlas. Ba mhór an éagóir a rinneadh ar na hothair sin nach raibh teacht ar an dlí acu.

Cuireadh mo mháthair chuig an ngealtlann i gCeatharlach in 1949 faoi fhorálacha an Achta seo.

Ba chailín seacht mbliana déag d’aois í a bhí faoi bhláth agus faoi mhaise - ina corp ar a laghad. Bhí mé féin bliain go leith ag an am sa mbaile léi. De réir scéalta mo mhuintire ba chuairteoirí tráthrialta ag an teach an sagart paróiste agus an sáirsint áitiúil, chun a chur ina luí ar mo sheantuismitheoirí gurbh fhearr go mór do gach duine dá mbeadh sí díbeartha as radharc in ionad a bheith ag cruthú trioblóide timpeall na háite.

Níor scaoileadh saor í go dtí lá a báis 48 bliain nó síoraíocht níos déanaí. Shlog an ghealtlann chraosach í mar chailín óg leochaileach tinn agus caitheadh amach a corpán mar a dhéanfadh míol mór le creatlach scadáin!

In 1997 nuair a bhí sí sínte ar leac na marbhlainne sa ghealtlann i gCeatharlach bhronn banaltra seilbh ar a heastát orm; a maoin phearsanta i gclúdach litreach - paidrín plaisteach nua agus seanleabhar beag urnaí. Le dea-thoil, a rinne sí é, ar ndóigh, ach ní raibh ann ach cur i gcéill mar ní raibh léamh ná scríobh ag mo mháthair agus ní fhaca mé paidrín ina lámh ariamh.

Sé bliana fichead níos déanaí, ní smaoiním ar mo mháthair sa chré fhuar, mar is rud nádúrtha an bás féin, atá i ndán dúinn uile. Ní bhíonn in aon rud ach seal!

Ach samhlaím í i measc daoine atá idir beo agus marbh i leathchiorcal i seomra coiteann na gealtlainne ag stánadh ar an teilifís agus gan dada ina n-intinn acu.

I mo shamhlaíocht, feicim í ag siúl síos an pasáiste lom sa ghealtlann faoi chumhdach banaltra.

Cloisim fós greadadh a cos sna slipéir shlaparnacha. Slipéir a bhíodh uirthi i gcónaí – mar ní raibh call aici le bróga san áit sin.

Feiceann sí mé agus fiafraíonn sí díom i nguth caiteora tobac, ‘Any fags, Jim’. A luaithe a thugainn di iad, chruinníodh a cairde eile timpeall orainn, iad ag iarraidh dáileog nicitín chun ísle brí a saolta a mhaolú.

Ach an íomhá di is doscriosta atá agam ná í istigh i gcillín in Ospidéal Meabhairghalair Lárnach, i nDún Droma. Nuair a bhreathnaigh mé siar uirthi agus mé ag fágáil slán aici, bhí na drugaí imithe i léig inti agus bhí beirt altra ag iarraidh srian a chur uirthi ar an leaba.

Ach in anró an tsaoil ní mór i gcónaí dóchas in áit an éadóchais a bheith againn. Tá oidhreacht mo mháthar i bhfad níos luachmhaire ná an paidrín plaisteach nár úsáideadh riamh.

An oidhreacht ba mhó a d’fhág sí againn – mé féin, mo bhean chéile álainn, ár dtriúr páistí breátha agus ár gceathrar garpháistí gleoite.

Ní féidir luach a chur air sin!