An búistéir ina sheanduine

Ba mheasa fós an bhuamáil gan trócaire a déanadh ar an gCambóid ina bhfuair suas le leathmhilliún duine neamhurchóideach bás

Is mó sin seanfhocal nach foláir casadh a bhaint as. Abair nath úd an drámadóra Ghréagaigh Menander mar gheall ar na daoine a bhfuil gean na ndéithe orthu a fhaigheann bás go hóg.

Ní gá aon Ghréigis chlasaiceach a bheith agat, áfach, chun taitnimh a bhaint as amhrán Billy Joel, ‘Only the good die young’ a deir an rud céanna.

Má tá aon phioc den fhírinne ann ní foláir nó tá a shamhail féin den fhírinne ina mhalairt, ‘an duine a bhfuil gean an diabhail air, maireann sé i bhfad.’

Ní hé gur rith an drochsmaoineamh álainn seo liom le déanaí, is amhlaidh gur bhuail sé mé idir na huiseanna le fórsa nuair a chuala mé go raibh an búistéir, an buamadóir Henry Heinz An Chambóid Vítneam Nixon Pinochet Hanoi Duais Nobel na Síochána Kissinger céad bliain d’aois go slán agus gan seans ar bith go mbeadh boltaí ceangailte crua ar a chosa choíche.

READ MORE

An raibh aon duine eile a bhí ina Rúnaí Stáit ar Impireacht na Stát Aontaithe a raibh anáil chomh mór, anáil chomh bréan aige ar chúrsaí an domhain mhóir lenár linn?

An raibh aon duine eile is mó a shalaigh gach rud a raibh cuimilt aige leis ó dheireadh an dara chogadh bharbartha i leith? Ba chuma leis, a ráite féin, ár agus sléacht na Pacastáine ar mhuintir Bhangla Deis sa chogadh eatarthu sa bhliain 1971, bhí laistiar den choup sa tSile a dhíbir Allende is a chuir an deachtóir míleata Pinochet isteach, thacaigh le ginearáil na hAirgintíne nuair a bhí príosúnaigh á gcaitheamh isteach sa mhuir óna gcuid héileacaptar lasnairde, bhí lánláidir laistiar d’impireacht na Portaingéile nuair a bhí a gcuid géillsineach ag iarraidh éalú óna crúba, shnaidhm caradas le huachtarán fadsaolach an Chongó Mobuto Sese Seko ina chuid cos ar bolg seisean, dúirt gur cheart a bheith mór leis an Khmer Rouge agus le Pretty Polly Pot sa Chambóid fág gur ‘dúnmharfóirí gránna iad, ach ná cuireadh an méid sin aon mhairg orainn.’

Níl sa mhéid sin ach cuid an bheagáin, gan amhras. Feictear a chuid sleamhaine sa lánchruinneas nuair a dúirt sé ar leith amháin go raibh Nixon ar an iarratasóir ba chontúirtí ar fad le bheith ina uachtarán, ach ar an leith eile gur chlasaigh leis tríd an gcúldoras ina dhiaidh sin nuair a d’oir an chumhacht agus an gradam dó. Le linn an toghcháin sin d’uachtaránacht Mheiriceá 1968 bhí an chuma air go réiteofaí cogadh Vítneam, óir bhí an dá thaobh réidh chun socraithe a dhéanamh i bPáras.

Bhí a fhios ag Kissinger go rachadh réiteach mar sin chun sochair do Hubert Humphrey, an t-iarratasóir ón bPáirtí Daonlathach, is chuir sé d’iachall ar Vítneam Theas na cainteanna síochána a thréigean. Chuidigh sin le Nixon, toghadh é agus chuaigh an cogadh ar aghaidh.

Cé go raibh a dhá lámh sáite smeartha i scannal Watergate arbh é a d’ordaigh sa chéad áit, b’é buamáil Hanoi ar feadh dhá lá dhéag gan stad aimsir na Nollag 1972 is mó a tharraing fíoch air.

Cheap Olaf Palme, príomhaire na Sualainne go raibh sé níos measa ná scrios Gernika (agus bhí, go mór), agus cháin Gough Whitlam na hAstráile go tréan é, in ainneoin go raibh sé go láidir ar son an chogaidh mar a bhíonn an Astráil i gcónaí nuair a éilítear sin orthu.

Ba mheasa fós an bhuamáil gan trócaire a déanadh ar an gCambóid ina bhfuair suas le leathmhilliún duine neamhurchóideach bás i bhfad laistíos d’eitleáin an áir.

Solaoid is ea a shaol ar conas mar a thagann an búistéir mór slán fad is go ndéantar an bhúistéireacht ar dhaoine bochta gan tábhacht i bhfad ó bhaile.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar