An Laidin bharbartha

Fear críonna anonn sna blianta ba ea an múinteoir a shiúil isteach

B’é an chéad lá ar an meánscoil dúinn é. Gach aon duine againn ar tinneall. Foirgneamh nua. Cairde nua, Gan fhios nua. Ábhair nua. Is ea, bhí Gaeilge, Béarla, Stair, Mata le bheith ann arís, ach níorbh eol dúinn cad é rud é eolaíocht. Ná Laidin.

Fear críonna anonn sna blianta ba ea an múinteoir a shiúil isteach. Le fírinne ní raibh ann ach leaid óg, ach aon duine os cionn fiche bliain agus smut thiocfadh dó a bheith chomh haosta le Maois, dar linn. B’é an múinteoir Laidine é.

B’ait linn gur chrom sé ar a mhíniú dúinn cad ar a shon gurbh fhiú an Laidin a fhoghlaim. Ní cuimhin liom formhór dá ndúirt sé, ach bhí eireaball praiticiúil leis.

‘Sa chás is go mbeifeá ag taisteal, abraimis, bhuel, abraimis san Iúgslaiv agus gur chuaigh tú amú, agus gur theastaigh eolas na slí uait, ní fearr rud a dhéanfá ná bualadh suas go tigh an tsagairt (bhí an tuiseal ginideach go binn aige) agus a rá leis…Hibernica sum et hic pereo…'

READ MORE

Chuimhníos go daingean ar an abairt sin ar eagla go mbeinn caillte san Iúgslaiv choíche. Mar a tharla, bhí, tamall de bhlianta ina dhiaidh sin, ach nuair a thriallas an abairt úd a bhí taiscthe im anam is amhlaidh nár thuig aon duine í. I lár an cheantair Mhoslamaigh a bhíos, rud a d’fhág go mba fhóintí an Araibis féin a theagasc dúinn (nó dom) seachas an Laidin, an mhaidin álainn úd ar thosnaíos uirthi.

Buaileadh isteach im aigne nárbh í an chúis a luaigh sé linn an chúis b’inmholta le Laidin a fhoghlaim. Is fíor gur tháinig amhras orm tar éis na gceachtanna tosaigh a mhúin dúinn conas labhairt le bord (nó le tábla) agus go raibh grá i gcónaí ag mairnéalaigh sa chéad díochlaonadh do chailíní, ach bhíos sásta treabhadh léi le súil is go dtiocfadh léirstintí eile chugam.

Is fíor go rabhas ar son Hannabal ina ruathar ar an Róimh, mar a bhínn ar son na nApaches sna scannáin, agus bhí díomá orm nár éirigh leis an Róimh a chloí. Dá n-éireodh, is dócha nach mbeadh orainn Laidin a fhoghlaim. Agus níor thuigeas go rómhaith cad a bhí i gceist sa leabhar staire a bhí againn ar scéal na Róimhe nuair a dúradh gur chuir Caesar cúpla bliain dá shaol amú le Cleopatra. Bhí an scannán faoi Cleopatra go díreach feicthe againn, agus níor léir aon am amú na babhtaí a chaith Richard Burton le hElizabeth Taylor, dar linn.

Is fíor gur tháinig an Laidin áiseach nuair a fuair an Pápa bás agus nuair a nocht an teachtaire ar an mbalcóin sa Vatacáin ag fógairt Habemus Papem bhí a fhios agam go raibh Pápa nua againn. Ach inter alia d’fhoghlaimíomar sna ceachtanna sin ante meridiem iad ar fad ex libris go raibh mar modus operandi ag na múinteoirí cé go raibh siad in loco parentis go gcaithfeadh mens sana a bheith in corpore sano ionas pro bono go raibh sé ina sine que non go mbeadh orthu eolas a shá isteach ionainn ad nauseum, id est, an leathar a úsáid, nó idem, a bheith brúidiúil, ach nota bene, is fíor tempus fugit agus statio bene fide carinis.

An príomhleabhar a bhí againn don Ardteistiméireacht ba ea machnamh Chicearó ar mhaitheasaí agus ar aoibhnis na seanaoise, téacs ar teideal dó De Senectute. Má bhíodh gearáin gan dealramh ag daoine maidir leis an leabhar iontach sin Peig ar feadh tamaill, smaoinítear ar fhir óga a raibh preabadh na pocaireachta ag pléascadh as gach poll is polláire is peall dá gcolainneacha go paiseanta is iad a léamh mar gheall ar iontais na seanaoise.

Lingua Latina, loquela homicedarum et cementariorum.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar