Meabhrú agus marana

Tugadh le fios dúinn nach raibh duine ar bith á mharú

Agus anois toisc go bhfuil cuid éigin den saol (seachas sciartha móra san oirthear, go leor de Mheiriceá Theas, machairí móra san Afraic) ag cur go tréan in aghaidh impireachta amháin atá ag iarraidh giolla mhíbhéasaigh dá cuid a thabhairt chun réitigh, is mithid an spól ag caitheamh siar go dtí scór bliain ó shin nuair a bhí a amhlachas céanna ag tarlú.

Tá's agam, tá cuimhne na dreancaide againn agus cá bhfios cad is meabhair leis an gcorrmhíol, ach nuair a thosnaíos ar an gcolún seo a bhreacadh tá fiche bliain ó shin ann ní raibh ach aon scéal amháin ag dorchú an lae agus ag soilsiú na hoíche. B’é sin ionradh na Stát Aontaithe agus a gcuid daor ar an Iaráic.

Shuigh cuid againn ag stánadh ar an teilifís nuair a bhí an ‘shock and awe’ ar siúl. Ba dhóigh leat gur scannán den fhicsean eolaíochta a bhí ann. Tráchtairí de chuid na mórmheán ina seasamh ar dhíon óstáin éigin tamall ó láthair an áir agus iad ag cur síos go fileata ar na buamaí a bhí ag titim go fras ar Bhagdad ar ior an scáileáin.

Tugadh le fios dúinn nach raibh duine ar bith á mharú. Gur cluiche ríomhaireachta a bhí ann, nó sin ba dhóigh leat. Búm! Blúng! Bám! Pliúst! Planc! Spriúll! Splúch! Amais chruinne an t-am ar fad, agus gan aon duine créachtchéasta creatdóite, ná marbh féin. Gach aon roicéad marfach ar an sprioc go díreach, ag leagadh foirgneamh is gach saoránach ag teacht slán.

READ MORE

Shamhlaíos ag an am buamaí dá leithéid ag titim ar Bhaile Átha Cliath, nó ar Bhéal Feirste, nó ar Chorcaigh, nó ar phlódláthair de shaghas ar bith. Cé mhéad buamaí anuas a thógfadh sé Dáil Éireann a chur ina thost, foirgnimh an rialtais a chloí, na ranna stáit a leagadh, na beairicí a chur de dhroim seoil, na láithreáin chumarsáide a scrios, a bhfuil d’institiúidí stáit a leagadh, cé mhéad nóiméad a ghlacfadh sé a bhfuil d’Éirinn díobh a dhéanamh ina ghal is ina smionagar?

Cúpla buama, ba dhóigh liom. Dáil Éireann, Búm! Áras an Uachtaráin, Búm! Tithe an Rialtais, Búm! RTÉ, Búm! An Irish Times, Búm!

Bhí na buamaí ag titim ar Bhagdad ar feadh nach mór coicíse. Oíche ar dhroim oíche. Agus fós, níor maraíodh aon duine. Buamaí cliste ba ea iad go léir, níos cliste ná an teileafón sin atá agat snaidhmthe led anam nó led phóca. Níor maraíodh aon duine nuair a déanadh gráinníní agus conamar agus míníní agus faicíní de Dháil Éireann nó de Thithe an Rialtais agus de RTÉ? Má ghéilleann tú don mhéid sin glacaim leis go ngéilleann tú fós don leipreachán ar chúl an ghairdín, do phúca na bhfiacla agus do Freud.

Tá an rud céanna fíor maidir leis an ionsaí Rúiseach ar an Úcráin. Shílfeá nach bhfuair duine ar bith bás sna foirgnimh sin nach bhfuil cloch ar muin cloiche iontu in Mariupol ná in Bakhmut. Is dual don impireacht labhairt ar bhailte is ar chathracha is ar fhearainn a smachtaíodh seachas corpáin a chomhaireamh. Maidir leis na daoine bochta ar fágadh a ngaolta sna leapacha den chré a bhí cúng, trácht ní bheidh orthu sna leabhair mhóra a scríobhfar ar ball.

Ach is fiú a mheabhrú dúinn féin agus don ghealach nach bhfuil ag éisteacht gur bréaga móra ramhra corcra fuilteacha ba bhun leis an ionsaí barbartha a dhein fórsaí an daonlathais shibhialta ar thír nár bhaol dóibh í agus a d’fhág na céadta míle de dhaoine áille ina sraitheanna de choirp sínte, tá fiche bliain ó shin ann.

Táthar dár mbréagadh le gach siolla sleamhain milis glic os íseal dul i bpáirt leis an gcéad chor cogaidh eile. Faire!

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar