Peann agus dúch

Is ar shaol an oideachais is mó a bhuailfear buille

Taca an ama seo seacht mbliana is tríocha ó shin bhuaigh Gorm Domhain ar Garry Kasparov i gcluiche fichille. Cérbh é an Gorm Domhain seo, arsa tusa? Ba ríomhaire de chuid IBM é, an chéad uair go bhfuair ríomhaire an ceann is fearr ar an duine daonna i gcluiche fichille.

Bíonn staraithe go minic ag iarraidh teacht ar an gcor mór a chuir athrú ar stair an domhain. Abraimis, cath Dhroichead Melvian 28 Deireadh Fómhair 312 a thug ar an Impire Constaintín creideamh oifigiúil a dhéanamh den Chríostaíocht laistigh dá chríocha, nó an 6ú Lúnasa 1945 nuair a dhein na Poncánaigh gal de na mílte míle sibhialtach ón spéir anuas, nó an 4ú Bealtaine 1796 nuair a d’fhionn Edward Jenner an chéad vaicsín, nó 19 Samhain 1890 nuair a bhuaigh Corcaigh an chéad chraobh Éireann iomána dá n-iliomad díobh, nó an 27ú Eanáir 6002 BC nuair a bhain Huitzilín, scológ, an chéad phráta ón ithir aníos san áit a bhfuil Ayucuchu sa Pheiriú faoi láthair.

Is dóigh liom go bhfuil an dáta sin, 10 Feabhra 1996 chomh tábhachtach le haon cheann díobh mar comharthaíonn sé forlámhas na hintleachta saorga ar an intinn dhaonna. Táimid damanta, a dheartháireacha is a dheirfiúracha! Bhí tráth ann nuair b’fhantaisíocht bhuile gach saghas scríbhneoireachta san earnáil a dtugtar scéalaíocht fháistineach nó ficsean eolaíoch air. Dealraíonn gurb é lomchlár na deargfhírinne anois é.

Ní tada iad HAL 9000, nó Deep Thought, nó Skynet suas is anuas le Chat GPT agus a bhfuil á thuar agus á bhagairt aige orainn go léir. Is ar shaol an oideachais is mó a bhuailfear buille, ach tá contúirt ann chomh maith do na healaíona go léir. Más féidir le Chat GPT, nó le géag éigin dá chnámharlach ceol a chumadh, cén gá a bheidh le haon Beethoven nó Rimsky-Korsakov nó Leiber agus Stoller a thiocfaidh an treo feasta?

READ MORE

Tá múinteoirí agus lucht ollscoile cráite le blianta toisc an oiread sin bradaíola a bheith á dhéanamh ag daltaí agus ag mic léinn nuair a bhíonn aiste thaighde le scríobh nó tionscnamh le déanamh. Tá innill ann leis an mbradaíl a aithint, gan amhras, ach ar nós lucht cogaíochta, an túisce is a cheaptar áis chosanta, bíonn cleas ionsaithe nua ann lena shárú. Is ag cúltroid a bhíonn béist mhór mhall dhúr an oideachais in aghaidh gleacaí sleamhain cliste na teicneolaíochta.

Ná cuirimis fiacail fhorais ná ghiortach ann, bíonn an mac léinn i gcónaí in aighneas leis an gcóras chun an ceann is fearr a fháil air. Cogadh buan is ea é. Tugann an áis seo Chat GPT buntáiste mór dó sa choimhlint. Agus mar chrann ar an mí-ádh, níl ach ina thús mar ghléas. Níl ann ach bunóc ag lapadaíl ar an urlár, clúidín ar a phrumpa agus prioslaí lena bhéal.

Go dtí seo, bhíothas in ann bradaíl a aithint in aiste ar an meascán stíle go minic. Sleachta drochscríbhneoireachta ar feadh tamaill, píosa breá líofa a goideadh ó údar mórcháile ina dhiaidh, cnap éigin tréicil ó fhealsamh Francach, mír bheag nár bhain le hábhar, cúpla abairt den scoth gur leat féin iad, tuairim bhaoth éigin a tarraingíodh as aiste mheánscoile anuraidh, buntáistí agus míbhuntáistí, tuilleadh drochscríbhneoireachta dílse, focal scoir agus lánstad.

Tá de réiteach ar seo maidir le scrúduithe de ná an seanchapall riamh. Is ea, rud mallaithe diabhlaí is ea scrúduithe agus gach a mbaineann leo, ach ar nós foirmeacha a líonadh, dul faoi bhráid agallaimh agus éisteacht le hAndrew Lloyd Webber, uaireanta níl an dara suí sa bhuaile nó áit ar bith agat.

Cuirtear an mac léinn nó an dalta isteach i seomra uaigneach le peann, dúch agus páipéar bán. Sin é. É.

Fógra: níorbh é Chat GPT a scríobh seo.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar